Cána siúcra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cána siúcra

Féar atá cosúil le bambú, ach le cánaí boga 3-8 m ar airde is 3.5-5.0 cm ar trastomhas. Bán go scothbhuí/glas, dearg nó scothchorcra. Fástar i réigiúin thrópaiceacha is fho-thrópaiceacha é. Cheaptaí le fada gur planda seasc é, ach faoi seo tá cuid mhaith hibridí bríomhara torthúla ar fáil. Gearrtar an cána is mionghearrtar i bpíosaí é roimh é a fhliuchadh tríd is tríd in uisce leis an siúcra a eastóscadh amach as. Ansin déantar an tuaslagán siúcra a scagadh, a léirghlanadh is a thriomú. De réir mar a thriomaíonn sé, criostalaíonn an siúcrós amach as, ag fágaint an mholáis ina dhiaidh. Tá an siúcra amh donn, agus is féidir é a íonghlanadh a thuilleadh chun siúcra bán a tháirgeadh. Níl aon difríocht cothaithe idir siúcra donn is siúcra bán.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cána siúcra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 112.