Stair na hIaráine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is sibhialtacht ársa í an Iaráin, tír a bhfuil an-chuid staire ag baint leis.

Stair ársa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stair nua-aimseartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Conspóid na hArtola san Iaráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Márta 1951, chinn parlaimint na hIaráine an Comhlacht Artola Angla-Iaránach a náisiúnú - is é sin, an comhlacht agus gach ar bhain leis a shealbhú do stát na hIaráine. B'é an seanstátaire Mohammad Mossadegh ba mhó a bhí ar son an bhille áirithe seo, agus rinneadh príomh-aire na hIaráine de sa bhliain a bhí chugainn le tacaíocht an fhormhóir mhóir sa phairlimint. Leis an gconspóid a shocrú, mhol an Chúirt Idirnáisiúnta comhghéilleadh: aitheantas a thabhairt don náisiúnú, agus brabús na hartola a roinnt go cothrom idir an Bhreatain Mhór agus an Iaráin.

Dhiúltaigh Mossadegh don chomhréiteach seo, áfach, agus tháinig deireadh leis na comhchainteanna idir na hIaránaigh agus na Sasanaigh. Thosaigh na Sasanaigh uisce faoi thalamh a thógáil in aghaidh na hIaráine, agus iad ag útamáil leis an smaoineamh Mossadegh a chur ó chumhacht le cuidiú na seirbhísí rúnda. Ní raibh uachtarán na Stát Aontaithe, Harry Truman, róshásta leis an bhforbairt seo, ná ró-fhonnmhar chun cabhrú leis an mBreatain Mhór, ó bhí a aird féin ar chogadh na Cóiré ag an am. Mar sin féin, d'éirigh leis na Sasanaigh baghcat trádála a chur i bhfeidhm ar an Iaráin a rinne an-dochar d'eacnamaíocht na tíre.Ar

Nuair a tháinig Winston Churchill ar ais mar Phríomh-Aire san Bhreatain Mhór, chrom sé ar rialtas Mossadegh a chur ag guagaíl. Bhí an dá thaobh ag iarraidh fad a bhaint as an gconspóid le tairiscintí doghlactha, agus sa deireadh thiar thall, theip ar na comhchainteanna go hiomlán. Ansin, agus an damáiste a bhí á dhéanamh don Iaráin ag an gcosc trádála, thosaigh an t-arm agus an chuid de pharlaimint na hIaráine a bhí fabhrach don Bhreatain Mhór, thosaigh siad pleananna a oibriú amach le Mossadegh a chur as oifig le lámh láidir.

Bhí Winston Churchill agus a Aire Gnóthaí Eachtracha ag iarraidh an craiceann is a luach a bheith acu. Ó thaobh amháin, theastaigh uathu an Iaráin a chur ar bhealach a leasa i gcúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta - an tír a fhorbairt is a fheabhsú. Ón taobh eile de, ba leasc leo an Comhlacht Artola a fhágáil faoi smacht na nIaránach, siúd is gurb ar éigean a d'fhéadfaí an tír a fheabhsú gan airgead artola.

Ar dtús, bhí siad ag tacú le Sayyid Zia, ó shíl siad go mbeadh sé indéanta gnóthaí a shocrú leis siúd, ach nuair a chuaigh an diospóireacht i bhfad, thosaigh siad ag tógáil uisce faoi thalamh leis an Arm. Mar sin, bhí rialtas Winston Churchill tar éis an plean céanna a ghlacadh chucu a bhí ag rialtas Attlee roimhe sin - is é sin, forghabháil chumhachta a chur i bhfeidhm in aghaidh Mossadegh.

An coup d'état, Tehran, Lúnasa 1953

Níor mhaolaigh ar an ngéarchéim le teacht na bliana 1953 ach an oiread. Chinn Churchill tacaíocht a thabhairt don fhorghabháil chumhachta san Iaráin, ó bhí cuidiú ag teacht ó Uachtarán na Stát Aontaithe, Dwight Eisenhower, agus é siúd an-bhuartha faoin dóigh a raibh Mossadegh ag déanamh mórtachais leis na Sóivéadaigh. B'é an Ginearál Fazlollah Zahedi a bhí ag teacht chun tosaigh mar cheannaire an fhreasúra in aghaidh Mossadegh, agus na Sasanaigh is na Meiriceánaigh ag taobhú leis dá réir sin.

Bhí na léirsithe is na mórshiúlta ag dul i dtreise san Iaráin i samhradh na bliana 1953, agus nuair a chóirigh Mossadegh reifreann a d'iompaigh amach a bheith mí-ionraic go hiomlán, agus 99.9 % de na vótaí caite ar mhaithe le Mossadegh, mar dhea, chonaic Zahedi go raibh a lá tagtha. Le maoiniú na gcumhachtaí coimhthíocha, chuaigh sé i gceannas ar an tír, agus ghéill Mossadegh dó ar an bhfichiú lá de Mhí Lúnasa, 1953.

Ba mhaith an léiriú é an coup d'état seo ar an meon paradacsúil a bhí ag roinnt leis na stáit dhaonlathacha ardfhorbartha ag an am. Theastaigh acmhainní uathu le caoi cheart a chur orthu féin agus an treascairt a fuair siad sa Dara Cogadh Domhanda. San am céanna, bhí siad ag iarraidh lámh thapaidh an Aontais Shóivéidigh a stopadh ó thuilleadh cumhachta a shealbhú. Mar sin, bhí siad ag caitheamh le stáit nua neamhspleácha an Tríú Domhain mar a bheidís siúd ina gcoilíneachtaí i gcónaí.

Mohammad Reza Pahlavi, an Shah (1973)

An Réabhlóid Ioslamach, 1979[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna míonna roimh Eanáir 1979, chuir an Shah (Mohammad Reza Pahlavi) agus a rialtas léirsithe ar son an daonlathais nó ar son an Ioslamachais faoi chois go dian.

Faoi dheireadh ar 16 Eanáir 1979, theith an Shah. Bhí an tír ar tí éirí amach, ag éileamh athrú rialtais. Ach chuir an rí deoraíocht air féin sna Stáit Aontaithe nuair a tháinig an tAyatollah i gcumhacht agus d’éirigh a chás níos measa (Bhí an Shah “ar saoire”, a dúirt a lucht leanúna ag an am. ).

Ar 1 Feabhra 1979, d’eitil an tAyatollah Khomeini ó Pharás go Tehran, Chuir sé deireadh leis an deoraíocht a chuir sé air féin. Thiateal an 'Marja' agus a lucht leanúna ar eitleán cairtfhostaithe (Boeing 747 ó Air France).

1 Feabhra 1979: Chabhraigh píolota ó Air France an tAyatollah chun dul síos an staighre.

Leag sé cos ar a chuid talún féin agus chuir muintir na cathrach ar fad fáilte an ghaiscígh roimh Khomeini. Ón mbun aníos a tháinig an réabhlóid agus thug na daoine faoi na sráideanna ag tacú leis[1] .

Cogadh Iaráin - Iaráic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 22 Meán Fómhair 1980, bhris cogadh amach idir an Iaráin agus an Iaráic. Rinne Saddam Hussein ionradh ar an Iaráin.

Maraíodh 1,000,000 ar an dá thaobh[2]. Mar bharr ar an donas, rinne an cogadh leis an Iaráic an-dochar don ghníomhaíocht eacnamaíoch sa tír.

Chuir na Náisiún Aontaithe deireadh leis an doirteadh fola sa bhliain 1988[3].

Agóidí sa bhliain 2009[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Mahmoud Ahmadinejad an 6ú uachtarán na hIaráine. Toghadh é don chéad uair ar 24 Meitheamh 2005. Toghadh é ina Uachtarán ar an tír arís i mí Meithimh 2009.[4] Ach mhaígh páirtithe an fhreasúra go raibh caimiléireacht i gceist sa phróiseas vótála.[5]

Tharla caismirtí, agóidí agus círéibeacha i dTehran ag an am céanna. Shocraigh na fórsaí slándála an lámh láidir a úsáid ar na hagóideoirí.

Bhain an lucht agóide úsáid as na meáin sóisialta mar uirlis agóide don chéad uair riamh, chun a dteachtaireacht a scaipeadh.[6] Taispeánadh dúnmharú Neda Agha-Soltan ar Twitter agus rinneadh samhailchomhartha di.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "BBC World Service - Witness, Ayatollah Khomeini Returns From Exile" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2019-01-29.
  2. "Iran-Iraq War | Causes, Summary, Casualties, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  3. Mícheál Bréartúin.  "Ar Deoraíocht sa Bhaibealóin: Sleachta as dialann na hIaráice". Feasta 53 (2),  1 Feabhra 2000  lch 17-19. http://www.feasta.ie
  4. Nuacht RTÉ (2009-06-16). "Cinnlínte Nuachta" (in ga). 
  5. Nuacht RTÉ (2009-06-23). "Cinnlínte Nuachta" (in ga). 
  6. BBC World Service. "Witness History, The Death of Neda Agha Soltan" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2020-06-20.