Dúnmharú Neda Agha-Soltan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dúnmharú Neda Agha-Soltan
Grave of Neda.jpg
Saol
Eolas breitheTehran, 1982
NáisiúntachtAn Iaráin
BásTehran, 20 Meitheamh 2009
Áit adhlacthaBehesht-e Zahra (en) Aistrigh
Cúis bháis (tráma balaistíoch)
Maraithe agBasij (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materIslamic Azad University (en) Aistrigh
TeangachaAn Pheirsis
Gairm
Gairmceoltóir, iriseoir agus scoláire
Uaimh Agha-Soltan

Bean Iaránach ab ea Neda Agha-Soltan (Peirsis: ندا آقاسلطان‎ – Nedâ Âghâ-Soltân; 23 Eanáir 198320 Meitheamh 2009) a maraíodh le linn agóideí i dTehran ar 20 Meitheamh 2009. Taispeánadh an dúnmharú ar Twitter agus rinneadh samhailchomhartha di.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh Mahmoud Ahmadinejad ina Uachtarán ar Iaráin i mí Meithimh 2009.[1] Ach mhaígh páirtithe an fhreasúra go raibh caimiléireacht i gceist sa phróiseas vótála.[2]

Tharla caismirtí, agóidí agus círéibeacha i dTehran ag an am céanna. Shocraigh na fórsaí slándála an lámh láidir a úsáid ar na hagóideoirí.

Bhain an lucht agóide úsáid as na meáin sóisialta mar uirlis agóide don chéad uair riamh, chun a dteachtaireacht a scaipeadh.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cinnlínte Nuachta" (as en) (2009-06-16). 
  2. "Cinnlínte Nuachta" (as en) (2009-06-23). 
  3. BBC World Service. "Witness History, The Death of Neda Agha Soltan" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2020-06-20.