Mahmoud Ahmadinejad
Cuma
Ba é Mahmoud Ahmadinejad (Peirsis: محمود احمدینژا) (rugadh ar 28 Samhain 1956) an 6ú uachtarán na hIaráine. Toghadh é ina uachtarán ar 24 Meitheamh 2005 agus ghlac sé an post ar 3 Lúnasa 2005.
Toghadh é ina Uachtarán ar an tír arís i mí Meithimh 2009.[1] Ach mhaígh páirtithe an fhreasúra go raibh caimiléireacht i gceist sa phróiseas vótála.[2]
Tharla caismirtí, agóidí agus círéibeacha i dTehran ag an am céanna. Shocraigh na fórsaí slándála an lámh láidir a úsáid ar na hagóideoirí. Bhain an lucht agóide úsáid as na meáin sóisialta mar uirlis agóide don chéad uair riamh, chun a dteachtaireacht a scaipeadh.[3] Taispeánadh dúnmharú Neda Agha-Soltan ar Twitter agus rinneadh samhailchomhartha di.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cinnlínte Nuachta" (as en) (2009-06-16).
- ↑ "Cinnlínte Nuachta" (as en) (2009-06-23).
- ↑ BBC World Service. "Witness History, The Death of Neda Agha Soltan" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2020-06-20.
Is síol faoi thíreolaíocht na hIaráine é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |