Hassan Rouhani

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Hassan Rouhani
Hassan Rouani 2017 portrait.jpg
ball den Tionól Comhairleach Ioslamach

Bealtaine 28, 1980 - Bealtaine 27, 1984
Dúiche: Semnan
ball den Tionól Comhairleach Ioslamach

Bealtaine 28, 1984 - Bealtaine 27, 2000
Dúiche: Tehran, Rey, Shemiranat and Eslamshahr (en) Aistrigh
Secretary of the Supreme National Security Council (en) Aistrigh

Deireadh Fómhair 12, 1989 - Lúnasa 15, 2005
29. Ard-Rúnaí na Gluaiseachta Neamhailínithe

Lúnasa 3, 2013 - Meán Fómhair 17, 2016
Mahmoud Ahmadinejad - Nicolás Maduro
7. Uachtarán na hIaráine

Lúnasa 3, 2013 - Lúnasa 3, 2021
Mahmoud Ahmadinejad - Seyed Ebrahim Raisi
Saol
Eolas breithe Sorkheh, 12 Samhain 1948 (73 bliain d’aois)
Náisiúntacht An Iaráin
Grúpa eitneach Peirsigh
Teanga dhúchais An Pheirsis
Muintir
Athair Haj Asdollah Fereydoon Rohani
Céile/Céilí Sahebeh Rouhani  (1972 -
Páistí
Siblíní
Oideachas
Alma mater Qom Seminary (en) Aistrigh
(1961 - 1978) : fiqh (en) Aistrigh
Ollscoil Tehran
(1969 - 1972) Baitsiléir Ealaíon
Oilthigh Cailleannach Glaschú
(1990 - 1995) Master of Philosophy (en) Aistrigh : dlí
Oilthigh Cailleannach Glaschú
(1995 - 1999) céim dochtúireachta : constitutional law (en) Aistrigh
Leibhéal oideachais dochtúireacht
Tráchtas The flexibility of Shariah (Islamic law) with reference to the Iranian experience
Teangacha An Pheirsis
An Béarla
An Araibis
Sorkhei (en) Aistrigh
Gairm
Gairm polaiteoir, taidhleoir, scríbhneoir, cléireach agus dlíodóir
Fostóirí Ollscoil Tehran
Cleamhnú
Reiligiúin Siach
Páirtithe polaitíochta Moderation and Development Party (en) Aistrigh
Islamic Republican Party (en) Aistrigh
Combatant Clergy Association (en) Aistrigh
IMDb nm5737428
rouhani.ir agus motahednews.com
Twitter HassanRouhani agus Rouhani_ir
Hassan Rouhani signature.svg

Is é Hassan Rouhani (Peirsis: حسن روحانی; a rugadh mar "Hassan Fereydoun" ar an 12 Samhain 1948) an 7ú Uachtarán agus Uachtarán na hIaráine (ó 3 Lúnasa 2013 go dtí 3 Lúnasa 2021). Cléireach Moslamach is ea é (leis an stádas Mujtahid Siach) agus dlíodóir agus iar-taidhleoir chomh maith.

timpeall 1960

Amharctar ar Rouhani mar dhuine measartha lárnach ó thaobh na polaitíochta de.

timpeall 1978

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá céim bhaitsiléara sa dlí aige ó Ollscoil Tehran (1969) agus fuair sé MPhil sa Dlí (1995) agus PhD sa Dlí (1999) ó Ollscoil Chaladónach Ghlaschú,[1] agus é 52 bliain d'aois ag an am.

1980

Bhí an tráchtas MPhil faoin gcumhacht reachtach maidir leis an dtaithí Iaránach agus an tráchtas PhD faoi sholúbthacht an dlí Ioslamaigh sa chomhthéacs céanna.

Polaitíócht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa tréimhse sin bhí poist sinsearaigh éagsúla aige - sa rialtas, san arm agus sa riarachán.

Bhí Rouhani

  • ina bhall den Majlis (Parlaimint na hIaráine) ó 1980 go dtí 2000
  • ina cheannaire na comhairle maoirseachta le haghaidh chraoltóir stáit na hIaráine (1980-83)
29 Eanáir 29 2005

ina cheannasaí an Fhórsa Aerchosanta (1986-91) le linn an Chogaidh

ina bhall den Chomhairle Sheiftiúlachta

2013

de Thionól na Saineolaithe araon ó 2000 anuas go dtí an lá inniu. - mar shampla, , .

rúnaí d'Ardchomhairle na Slándála Náisiúnta (1989-2005).

Fuair Rouhani ceadúnas chun cleachtadh mar dhlíodóir sa bhliain 2007.

Bhí Rouhani freisin ina leas-chainteoir den 4ú agus 5ú théarma den Thionól Comhairliúcháin Ioslamach (An Majlis). I gcáil ar sin, bhí sé i gceannas freisin ar fhoireann iar-idirbheartaíochta na hIaráine agus ina phríomh-idirbheartaí leis an triúr ón AE - an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, agus an Ghearmáin - ar chlár núicléach na hIaráine.

Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 7 Bealtaine 2013, chláraigh Rouhani don toghchán uachtaránachta a tionóladh ar an 14 Meitheamh 2013. Dúirt sé go n-ullmhódh sé "cairt um chearta sibhialta", an geilleagar a athbhunú agus an caidreamh guagach le náisiúin an Iarthair a fheabhsú .

2017

Toghadh Rouhani mar Uachtarán na hIaráine ar an 15 Meitheamh 2013, ag fáil an ceann is fearr ar Mhéara Tehrān, an tUasal Mohammad Bagher Ghalibaf agus ceathrar iarrthóir eile.

2021

Ar an 3 Lúnasa 2013, toghadh mar Uachtarán Phoblacht Ioslamach na hIaráine é, le haghaidh téarma oifige ceathar bliana. Atoghadh sa bhliain 2017 é.

Sa bhliain 2021, bhí súil ag Éire agus an tAontas Eorpach áiteamh ar an Iaráin a bheith rannpháirteach arís sa socrú a rinneadh sa bhliain 2015.

Clár núicléach na hIaráine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2015, bhí réiteach déanta ag An Iaráin le sé cinn de na Cumhachtaí Móra i gcomhráití núicléach tar éis breis is 10 mbliana taidhleoireachta.[2] Le linn na mblianta 2015-2016, bhí cigirí idirnáisiúnta in ann breathnú níos géire ar chúrsaí núicléacha sa Iaráin. Ar an dtaobh eile den mhargadh, tháinig maoladh ar na smachtbhannaí a bhí á leagan ar an Iaráin leis na blianta.

Ach d'éirigh na Stáit Aontaithe as an margadh nuair a toghadh Trump. Níor chas Rouhani riamh le Trump; tuairimíocht gan dealramh a bhí ann sa bhliain 2019.[3]

Sa bhliain 2021, bhí Éire ceaptha ag na Náisiúin Aontaithe mar áisitheoir san aighneas seo i dtaca le margadh 2015, agus ag áiteamh ar an Iaráin a bheith rannpháirteach arís sa socrú.[4] Chas Simon Coveney le Hassan Rouhani nuair a bhí sé fós ina Uachtarán sa bhliain 2021,[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "Hassan Rouhani" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-12.
  2. Nuacht RTÉ (2015-07-14). "Socrú núicléach idir Meirceá agus An Iaráin" (as ga). 
  3. "‘Seans maith’ go mbuailfidh Trump le Hassan Rouhani, uachtarán na hIaráine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-12.
  4. Deaglán de Bréadún. "Is maith go bhfuil margadh déanta leis an Iaráin faoi chúrsaí núicléacha" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-11-12.
  5. Nuacht RTÉ (2021-03-07). "Coveney sásta lena chruinniú san Iaráin" (as ga).