Peitreal

Is éard is peitreal (nó artola nó gásailín uaireanta ) ann ná breosla, de ghnáth breosla leachtach le húsáid in innill dócháin inmheánaigh ina n-adhantar meascán breosla / aeir le spréach[1].
Focal[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagann an focal ó 'petra-oleum' na Laidine nó ola a thagann ó charraig. Is é an bunús céanna atá aige seo agus an téarma eile Gaeilge air, artola. Is ionann art agus cloch.
Táirgeadh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is ó mheascán díorthaithe ó pheitriliam a thagann peitreal, úsáidtear go príomha é in innill dhócháin inmheánaigh. Úsáidtear mar thuaslagóir é i gcúrsaí péinte é chomh maith.
Is meascán an peitreal féin de hidreacarbóin sho-ghalaithe a fhaightear ó dhriogadh is scoilteadh peitriliam, a chuimsíonn breiseáin cosúil le comhdhúile luaidhe chun an adhaint a rialú uaireanta, agus coscaire meirge.
Saothraíodh peitreal saor ó luaidhe trí bheinséin is breiseáin eile a chur ann, agus is é seo is mó a úsáidtear anois.
Truailliú[cuir in eagar | athraigh foinse]
Mar thoradh ar an truailliú comhshaoil le luaidhe ag sceithgháis gluaisteán, thosaigh aighneas sna 1980idí mar gheall air sin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar 7 Aibreán 1902, bunaíodh an comhlacht Texas Company, ar a dtugtar Texaco sa lá atá inniu ann[2].
Mar thoradh ar an truailliú comhshaoil le luaidhe ag sceithgháis gluaisteán, thosaigh aighneas sna 1980idí mar gheall air sin.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
- ↑ https://aoghs.org/petroleum-pioneers/sour-lake-produces-texaco/
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |