Jump to content

Pistacia lentiscus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPistacia lentiscus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deguma arabach Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN202960 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
OrdSapindales
FineAnacardiaceae
GéineasPistacia
SpeiceasPistacia lentiscus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Tor nó crann beag dé-éiciach síorghlas is ea Pistacia lentiscus (Gréigis: μαστίχα) den fhine Pistacio, a fhásann suas go dtí 4 m ar airde agus a shaothraítear le haghaidh a roisín aramataigh, den chuid is mó ar an oileán Gréagach Cíos. Tugtar an crann maisteoige[1]maisteog air i nGaeilge. Is as réigiún na Meánmhara ó dhúchas é, ó Mharacó agus an Ibéir san iarthar tríd an Fhrainc agus an Tuirc ó dheas go dtí an Iaráic agus an Iaráin san oirthear. Tá sé freisin dúchasach do na hOileáin Chanáracha. Tá an focal maisteog díorthaithe ón bhriathar Gréigise mastichein ("na fiacla a bhualadh le chéile"). Luaitear an crann seo sa Bhíobla, Dainéil 13:54: “‘Má chonaic tú í dáiríre, más ea, inis dom: Cén sórt crainn a raibh siad faoi nuair a chonaic tú iad i mbarróg ina chéile?’ D'fhreagair sé: ‘Faoi chrann maisteoige.’”[2]

  1. “Pistacia lentiscus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. An tAth. Pádraig Ó Fiannachta, eag. (1981). "Dainéil 13:54" (in ga). An Bíobla Naofa. Maigh Nuad: An Sagart. Dáta rochtana: 2023-06-26.