Jump to content

Coimhlint Iosrael–Hezbollah, 2020idí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCoimhlint Iosrael–Hezbollah, 2020idí
Íomhá
Cineálborder conflict (en) Aistrigh
tuairgneáil
sraith imeachtaí Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deHezbollah–Israel conflict (en) Aistrigh agus spillover of the Israel–Hamas war (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse8 Deireadh Fómhair 2023 - 
Dáta na bliana2020í Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBaalbek, An Liobáin
An Ghailíl, Iosrael
Arda Golan
Har Dov, Iosrael (en) Aistrigh
Shebaa farms, Iosrael (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Northern District, Iosrael (en) Aistrigh
South Governorate, An Liobáin (en) Aistrigh
Nabatieh Governorate, An Liobáin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Liobáin, Iosrael agus an tSiria Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Meán cumarsáide

Bhí coimhlint trasteorann ar siúl idir Hezbollah agus Iosrael ó thosaigh an Cogadh Iosrael-Gaza i mí Dheireadh Fómhair 2023. Rinne na míleataigh Ioslamacha Hamas ionsaí mór, gan choinne, ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023.[1][2] Tá Hezbollah na Liobáine ar son chúis na Palaistíne agus cuireadh tús leis an gCoimhlint Iosrael–Hezbollah an lá dár gcionn, ar an 8 Deireadh Fómhair 2023, nuair a thosaigh Hezbollah ag scaoileadh roicéad le Tuaisceart Iosrael, ag ionsaí bailte agus sráidbhailte i ndlúthpháirtíocht leis na Palaistínigh.

Físeán - ceantar Har Dov sa Liobáin, 8 Deireadh Fómhair 2023 : bhuail Iosrael láthair de chuid Hezbollah
29 Feabhra 2024: ionsaí de chuid Iosrael ar na "sceimhlitheoirí"
Nuacht Voice of America, VoA, 20 Nollaig 2023
Físeán - Bolscaireacht de chuid Iosrael, 25 Lúnasa 2024

2023 - Lúnasa 2024

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lean an bombardú ar aghaidh ar feadh 2023/2024 agus de réir a chéile thug daoine a bhí ina gcónaí i dTuaisceart Iosrael aghaidh ó theas agus iad ar a dteitheadh ón mbombardú.

Mhaígh Hezbollah ag an am go raibh na hionsaithe dírithe ar bhunáiteanna míleata i dtuaisceart Iosrael agus gur mar fhreagra ar “ionsaithe naimhdeacha” a bhí siad.[3][4]

Sin ráite, bhí Hezbollah ag an am dírithe ar ghreim a choimeád ar a gcuid cumhachta, go háirithe i ndeisceart na Liobáine agus ní raibh fonn orthu an chumhacht sin a chur i mbaol ná dul i mbun cogaíochta i gcoinne Iosrael ar son Hamas. Ní raibh fonn ach oiread ar na hIosraelaigh le linn 2023 cogadh dearg a fhógairt i gcoinne Hezbollah.[5]

Le linn 2024, bhain Iosrael úsáid as an aerfhórsa chun armlanna Hezbollah a ionsaí go rialta. D’éirigh le Iosrael roinnt ceannairí Hezbollah a fheallmharú agus chuir sé sin go mór leis an teannas sa réigiún.[6] Tharla go leor eachtraithe eile, mar shampla an 13 Eanáir.[7]

Meán Fómhair 2024

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghéaraigh an foréigean go tréan i rith mhí Mheán Fómhair 2024.[8] B'fhéidir go raibh 60,000 duine curtha as seilbh i mí Mheán Fómhair 2024.[9] Mhaígh Iosrael fiú go bhfuil milliúin dá chuid saoránach ag teitheadh chuig foscadáin buamála i Haifa i dtuaisceart na tíre, ag éalú ó ionsaithe Hezbollah.[6]

Dúirt na húdaráis in Iosrael gurb í an aidhm a bhí acu leis an bhfeachtas buamála de chuid Hezbollah na mílte lonnaitheoirí Iosraelacha - a ruaigeadh as a gceantair sa tuaisceart - a thabhairt ar ais ansin.[3] Bhagair Iosrael ionsaí a dhéanamh ar an talamh i ndeisceart na Liobáine in iarracht na trodaithe de chuid Hezbollah a ruaigeadh as ceantar na teorann idir an dá thír.

Ar an 17 agus 18 Meán Fómhair 2024, phléasc Iosrael na mílte glaoire agus siúlscéalaití sa Liobáin agus sa tSiria.[10] Cuireadh an córas cumarsáide de chuid Hezbollah as feidhm dá bharr. Ag an am céanna, thionscain Iosrael feachtas forleathan imeaglaithe agus bhí pobal uilig na Liobáine scanraithe ar fad.

Ar an 19 Meán Fómhair, rinne fórsaí Iosrael ionsaithe buamála ar ionaid i ndeisceart na Liobáine le cneá oscailte Hezbollah a shailleadh.[11][12]

Ar an 22/23 Meán Fómhair, chomhairligh Iosrael do mhuintir na Liobáine a gcuid bailte a fhágáil sula ndéanfaí an ráig aerionsaithe. Cuireadh b'fhéidir 80,000+ glaoch gutháin uathoibrithe go dtí daoine atá ina gcónaí sa Liobáin, agus i bhfad níos mó SMS, ag rá leo an áit a fhágáil. Dúirt ceannasaí Ogero, comhlacht teileachumarsáide stát na Liobáine, gur sórt “cogadh síceolaíoch” a bhí ar bun ag Iosrael leis na glaonna sin “chun cíor thuathail agus mearbhall” a chothú.[13] Thug Iosrael foláireamh do phobail na Liobáine gan fanacht gar do na "spriocanna" Hezbollah, mar a thug siad orthu. Thosaigh roinnt mhaith daoine sa deisceart na tíre agus i mBéiriút ag tabhairt aird ar an bhfoláireamh agus iad ag bailiú éadaí agus soláthairtí le tabhairt faoi thuras ó thuaidh nó faoin tuath.[14]

Ar an 23 Meán Fómhair, rinneadh Iosrael ionsaí ollmhór ar Bhéiriút agus ar bhailte móra eile sa Liobáin. Dúirt lucht míleata Iosrael go raibh ionsaí a raibh "targaid ar leith" leis déanta acu. Mhaígh an FCI (Fórsa Cosanta Iosrael) gur bhuail siad 1,600 targaid a raibh baint acu le "sceimhlitheoireacht" de chuid Hezbollah sa Liobáin.[3][14]

Maraíodh ar a laghad 558 duine (50 páiste agus 94 bean ina measc), de réir ráiteas ó aireacht sláinte na Liobáine (maraíodh níos mó daoine ná mar a maraíodh in aon lá amháin ó deireadh an chogaidh chathartha sa Liobáin i 1990).[3] Mhaígh na hIosraelaigh, mar is ghnáth, go raibh a gcuid buamaí dírithe ar chomhaltaí de Hezbollah agus ar bhonneagar míleata na heagraíochta sin. Ach bhí an damáiste comhthaobhach thar a bheith tábhachtach.[15]

An lá dár gcionn, scaoil Hezbollah diúracán balaistíoch le cathair Tel Aviv, don chéad uair riamh, i gcaitheamh na hoíche ach scrios Arm Iosrael é sular bhain sé sprioc amach (tá córas aerchosanta an-sofaisticiúil ag Iosrael).[16][15]

Saighdiúirí de chuid UNIFIL sa Liobáin Theas

Cháin an Taoiseach an foréigin ón dá thaobh idir Iosrael agus Hezbolladh.[17]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Os cionn 1,100 duine marbh sa choimhlint idir Hamas agus Iosrael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-09). Dáta rochtana: 2023-10-09.
  2. Nuacht RTÉ (2023-10-09). "Léigear iomlán ordaithe ag Aire Cosanta Iosrael ar Stráice Gaza" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Tuairisc.ie (2024-09-24). "Stad ar bith ar ionsaithe Iosrael ar an Liobáin – 560 duine marbh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-24.
  4. Nuacht RTÉ (2024-09-18). "'Gairis phléascacha curtha i nglaoirí póca sular ceannaíodh iad'" (as ga-IE). 
  5. Máirtín Ó Duibhir (20 Deireadh Fómhair 2023). "Cúis na síochána curtha siar go ceann i bhfad ag an bhfáinne fí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-25.
  6. 6.0 6.1 Máirtín Ó Duibhir (15 Eanáir 2024). "D’fhéadfadh an cogadh in Gaza scaipeadh níos forleithne an-éasca" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-25.
  7. Bertie Ó hAinmhire (14 Eanáir 2024). "‘Síleann fear na buile gurb é féin fear na céille’ – 100 lá d’ionsaithe ar Gaza" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-25.
  8. Raidió na Gaeltachta RnaG (2024-09-23). "An Ceannfort Frank Reidy, saineolaí míleata agus taidhleoireachta." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-09-25.
  9. "Israel sets new war goal of returning residents to the north" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-09-25.
  10. "Beirt pháistí i measc na marbh i ndiaidh pléascadh glaoirí sa Liobáin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-18). Dáta rochtana: 2024-09-18.
  11. "Ionsaithe buamála déanta ag Iosrael ar dheisceart na Liobáine" (as ga) (2024-09-19). 
  12. Raidió na Gaeltachta RnaG (2024-09-20). "Seosamh Mac Donncha - Iar Cheannfort Airm." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-09-25.
  13. "Os cionn 270 duine maraithe ag aerionsaithe Iosrael ar bhailte móra sa Liobáin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-23). Dáta rochtana: 2024-09-25.
  14. 14.0 14.1 Nuacht RTÉ (2024-09-23). "274 marbh, 1,000 gortaithe in ionsaí Iosrael ar an Liobáin" (as ga-IE). 
  15. 15.0 15.1 Nuacht RTÉ (2024-09-25). "Oibrithe leis na Náisiúin Aontaithe i measc na marbh sa Liobáin" (as ga-IE). 
  16. "Hezbollah fires first-ever ballistic missile near Tel Aviv, central Israel | NHK WORLD-JAPAN News" (en). NHK WORLD. Dáta rochtana: 2024-09-25.
  17. Tús Áite, le Angus Lambkin Oibrí Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe. (25 Meán Fómhair 2024). "Tús Áite: An Liobáin" (as ga-IE).