Oibríocht Entebbe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOibríocht Entebbe
Íomhá
Map
 0°02′42″N 32°26′36″E / 0.045°N 32.443333333333°E / 0.045; 32.443333333333
Cineálhostage-rescue mission (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid decoinbhleacht Arab-Iosraelach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana4 Iúil 1976 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhEntebbe International Airport, Uganda (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Pointe imeachtaAerfort Idirnáisiúnta Ben Gurion, Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata
CríochphointeParis-Charles de Gaulle Airport, An Fhrainc (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Flight number (en) AistrighAF139 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna4 Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

Rinneadh tarrtháil ar na gialla le linn Oibríocht Entebbe ar 4 Iúil 1976 ag Aerfort Entebbe in Uganda. Ba chróga an tarrtháil an Oibríocht agus d'éirigh go geal léi.

Airbus 300 de chuid Air France

Na himeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na gialla in aerfort Ben Gurion, ag teacht abhaile

Cúpla lá roimhe sin, ar 27 Meitheamh, d'fhuadaigh buíon sceimhlitheoirí[1] eitleán de chuid Air France, díreach tar éis éirí in airde ón Aithin dó, agus é ar a shlí ó Iosrael go dtí an bhFrainc.[2] Bhí an drong bainteach leis an ‘bhFronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne

Bhí anbhá agus alltacht ann, ach mearbhall lena chois sin nuair a tugadh le fios go raibh an t-eitleán tar éis tuirlingt in Uganda mar a raibh an ghealt thíoránach Idi Amin i gcumhacht. É mórchúiseach, lán de bhuaileam sciath agus imithe glan as a mheabhair.[2] Chuir Idi Amin fáilte roimh na fuadaitheoirí.

Cuimhneachán in Entebbe

Ar an 4 Iúil, rinne fórsaí ón Iorael ionsaí dásachtach ar an aerfort. Thuirling buíon cománlach as Iosrael i lár an oíche, agus tháinig siad aniar aduaidh ar na fuadaitheoirí.

Caillteanais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh tarrtháil ar na 106 giall; maraíodh triúr san achrann (bhí giall eile, Dora Bloch (76) gafa san ospidéal in Entebbe ag an am; feallmharaíodh í níos déanaí, gan trua, gan taise).[3] Maraíodh deartháir Benjamin Netanyahu sa ruathar tarrthála (Lt. Col. Yonatan Netanyahu), an t-aon chománlach Iosraelach a fuair bás.

Maraíodh na fuadaitheoirí go léir agus bhain caillteanais ollmhóra do Idi Amin. Fuair 46 saighdiúir de chuid Uganda bás, ach go háirithe, scriosadh 11 MiG-17 and MiG-21, buamadóirí troda de chuid Uganda. Tharraing míchuibhiúlacht ghníomhartha Uganda náire ar Idi Amin agus a rialtas, mar a chonacthas thar lear é.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Last King of Scotland (2006)[4]
  • Raid on Entebbe (1977);[5]
  • Seven Days in Entebbe (2018)[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. mar a thug rialtas na linne orthu
  2. 2.0 2.1 Breandán M Mac Gearailt (2018). "Tráthúlacht thruamhéalach ag baint le Seven Days in Entebbe ach é rómheáite róthomhaiste róleamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-27.
  3. "Murder of Dora Bloch" (as en) (2021-04-14). Wikipedia. 
  4. "The Last King of Scotland (film)" (as en) (2021-06-20). Wikipedia. 
  5. "Raid on Entebbe (film)" (as en) (2021-06-23). Wikipedia. 
  6. "Entebbe (film)" (as en) (2021-06-08). Wikipedia.