Tzipi Livni
Tzipi Livni | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Meitheamh 7, 1999 - Feabhra 17, 2003
Lúnasa 29, 2001 - Nollaig 17, 2002
Nollaig 17, 2002 - Feabhra 28, 2003 ← Shalom Simhon - Israel Katz →
Feabhra 17, 2003 - Samhain 23, 2005
Feabhra 28, 2003 - Bealtaine 4, 2006 ← Airiél Searón - Ze'ev Boim →
Meitheamh 4, 2004 - Eanáir 10, 2005 ← Effi Eitam - Isaac Herzog →
Nollaig 5, 2004 - Bealtaine 4, 2006 ← Tommy Lapid - Haim Ramon →
Samhain 23, 2005 - Aibreán 17, 2006
Eanáir 18, 2006 - Aibreán 1, 2009 ← Silvan Shalom - Avigdor Lieberman →
Aibreán 17, 2006 - Feabhra 24, 2009
Samhain 29, 2006 - Feabhra 7, 2007 ← Meir Sheetrit - Daniel Friedmann →
Feabhra 24, 2009 - Bealtaine 3, 2012 - Yuval Zellner →
Feabhra 5, 2013 - Márta 31, 2015
Márta 18, 2013 - Nollaig 4, 2014 ← Yaakov Neeman
Márta 31, 2015 - Eanáir 1, 2019
Lúnasa 1, 2018 - Eanáir 1, 2019 ← Isaac Herzog - Shelly Yachimovich →
Eanáir 1, 2019 - Aibreán 30, 2019 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Saol | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eolas breithe | Tel Aviv, 8 Iúil 1958 (64 bliain d’aois) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Náisiúntacht | Iosrael | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Áit chónaithe | Tel Aviv | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Muintir | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Athair | Eitan Livni | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Máthair | Sara Livni | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Alma mater | Ollscoil Bar-Ilan Ironi Alef High School (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teangacha | an Béarla an Fhraincis An Eabhrais | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | polaiteoir, dlíodóir, taidhleoir, abhcóide, príomhoifigeach feidhmiúcháin, spiaire agus international forum participant (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Áit oibre | Iarúsailéim agus Ollscoil Tel Aviv | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fostóirí | Mossad (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Seirbhís mhíleata | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Brainse míleata | Israel Defense Forces (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Céim | senior lieutenant (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cleamhnú | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Páirtithe polaitíochta | Hatnuah (en) ![]() Likud (en) ![]() Kadima (en) ![]() Zionist Union (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
tzipilivni.co.il | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
tzipilivni | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tzipi_Livni | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
![]() |
Polaiteoir, dliodóir agus iar-aire gnóthaí eachtracha Iosrael is ea Tziporah Malka "Tzipi" Livni (Eabhrais: ציפורה מלכה "ציפי" לבני; IPA: tsipoˈʁa malˈka ˈtsipi ˈlivni) a rugadh in Tel Aviv ar 8 Iúil 1958.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí a hathair agus a máthair ina n-oifigigh san Irgun (grúpa paraimíleata a raibh baint aige leis an Síónachas Athbhreithnitheach idir 1931 agus 1948).[1] Mar sin ba de chúlra an-náisiúnach í.
Tar éis di a bheith i bhFórsaí Cosanta Iosrael agus Mossad, chríochnaigh sí a céim sa dlí in Ollscoil Bar-Ilan. Bhí sí ag dlíodóireacht ó lár na 1980idí go dtí lár na 1990idí, go háirithe sa dlí poiblí, sa dlí tráchtála agus sa dlí réadmhaoine.
Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí sí ina POF ar Údarás na gCuideachtaí Rialtais ó 1996 go 1999, tráth a raibh a lán fiontar a bhí faoi úinéireacht an stáit á bpríobháidiú. Toghadh mar bhall an Knesset sa bhliain 1999 í (ar liosta Likud).
Seachas tréimhse ghearr sa bhliain 2012, bhí sí sa Knesset ó 1999 go dtí 2020 (Likud 1999-2005; Kadima 2005-12; Hatnuah 2012-15; An tAontas Síónach 2015-19; agus Hatnuah arís sa bhliain 2019). Bhí sí i gcoimhlint le Benjamin Netanyahu agus an Páirtí Likud ó 2005 ar aghaidh. Bhunaigh sí an páirtí Hatnuah sa bhliain 2013, a tháinig le chéile le daoine as páirtithe eile sa bhliain 2015 leis an Aontas Síónach a chur ar bun.
- Bhí Tzipi Livni i gcomh-aireacht Iosrael faoi ocht.
- Bhí sí ina hAire Dlí agus Cirt faoi dhó (2006-2007 agus 2013-14)
- Bhí sí ina Ceannaire ar an bhFreasúra ó 2009 go 2012.
Theip uirthi agus í i measc dream a bhí ag iarracht Bundlíthe Iosrael a dhaingniú, in aghaidh aisghairm nó leasú a dhéanfadh tromlach simplí sa Knesset. Theip uirthi chomh maith nuair a chuir sí An tOllamh Ruth Gavison chun cinn maidir le ceapachán do Chúirt Uachtarach Iosrael. D'éirigh le moladh a rinne sí agus í ina hAire Dlí agus Cirt den chéad uair nuair a cuireadh atheagar ar phianbhreitheanna, tráth a raibh sí ina hAire Gnóthaí Eachtracha.
Gnóthaí eachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí ina hAire Gnóthaí Eachtracha idir 2006 agus 2009. Tá sí i bhfabhar réiteach an dá stát.
Taobh amuigh d'Iosrael, is dócha gur fearr aithne uirthi as an tacaíocht a thug sí dá meantóir Ariel Sharon nuair a bhí Iosrael ag tarraingt siar as Gaza agus don réiteach dhá stát le haghaidh an achrainn idir Iosrael agus an Phalaistín.
Cuireadh aiféaltas ar Rialtas na Breataine agus spreagadh díospóireacht nua maidir le dlínse uilíoch ar choireanna cogaidh nuair a d'eisigh giúistís i Westminster (de réir tuairiscí) barántas gabhála do Livni (a tarraingíodh siar ina dhiaidh sin), maidir leis an bpáirt a bhí aici in Oibríocht Luaidhe Theilgthe (ionradh de chuid Iosrael ar Stráice Gaza i mí na Nollag 2008 agus mí Eanáir 2009.)
"Ar scor"[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'éirigh sí as an bpolaitíocht sa bhliain 2019.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-09.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |