Cáisc na nGiúdach
Is féile Ghiúdach í Cáisc na nGiúdach (Eabhrais פֶּסַח, pésach(cabhair, comhaid), «dul thart»). Cuimhnítear ar scéal Mhaois agus an tÉalú ón Éigipt[1], [2].
Imeacht na nIosraelach - An Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thug an Faró cead do na hEabhraigh an Éigipt a fhágáíl. Tháinig malairt aigne air, áfach, agus chuaigh sé féin agus a shaighdiúirí sa tóir orthu.
Shroicheadar ‘’Yam Suph’’ (meastar anois gur Muir na nGiolcach seachas an Mhuir Rua a bhí i gceist leis seo). Shín Maois a lámh os cionn na n-uiscí agus thiomáin Dia an fharraige ar ais le gaoth láidir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim de. Dheighil na huiscí óna chéile, agus ar aghaidh le clann Iosrael isteach i lár na n-uiscí.
Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu. Ba dheacair dóibh dul chun cinn ina gcarbaid agus bádh iad nuair a d’fhill na huiscí ar ais anuas orthu, ach tháinig na hIosraelaigh slán.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ http://www.anbioblanaofa.org/ AnBioblaNaofa.org
- ↑ Dúchas.ie