Féile an Tiomnaithe
Lipéad sa teanga dhúchais | (he) חֲנֻכָּה ![]() | ||
---|---|---|---|
Cineál | saoire phoiblí ócáid bhliantúil lá saoire ![]() | ||
Comóireann sé | miracle of the cruse of oil (en) ![]() ![]() | ||
Lá | 25 Kislev (en) ![]() 26 Kislev (en) ![]() 27 Kislev (en) ![]() 28 Kislev (en) ![]() 29 Kislev (en) ![]() 30 Kislev (en) ![]() 1 Tevet (en) ![]() 2 Tevet (en) ![]() 3 Tevet (en) ![]() ![]() | ||
Mí na bliana | Kislev (en) ![]() ![]() ![]() | ||
Fad ama | 8 d ![]() | ||
Eatramh imeacht | 1 bliain ![]() | ||
Oidhreacht chultúrtha | |||
Inventory Intangible Cultural Heritage in the Netherlands (en) ![]() ![]() | |||

Sa traidisiún Giúdach, ceiliúrtar Hanukkah[1] (חנוכה) nó Féile an Tiomnaithe timpeall mhí na Nollag. Glaoitear Féile na Soilse ar an bhféasta chomh maith.
Féilire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní ar an dáta céanna a bhíonn Hanukkah gach aon bhliain. Toisc go leanann na Giúdaigh féilire na gealaí, is féidir é a thosú ag aon dáta ó dheireadh mhí na Samhna go deireadh mhí na Nollag. I 2017 mar shampla, lean Hanukkah ón 12ú go dtí an 20ú Nollaig.[2]
Nósanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lastar ocht gcoinneal, ceann i ndiaidh a chéile thar thréimhse ocht lá, i gcuimhne ar an gcogadh a chuir na Macabaeigh ar arm rí Shiria, Antiochus IV, chun seilbh a fháil ar an Teampall in Iarúsailéim.[3] Deirtear go bhfuil an deasghnáth seo mar chuimhneachán ar an mhíorúilt a tharla sa Teampall in aimsir na Macabaech: bhí go leor ola i gcrúiscín amháin chun an meanóra a choimeád ar lasadh ar feadh seachtaine. Ach is dócha go ndeineann an deasghnáth tagairt do ghrianstad an gheimhridh, a tharlaíonn timpeall an ama chéanna.[4]
Bia
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is nós é ‘latkes’ a ithe mar chuid den fhéile, cineál pancóige déanta as prátaí nó bacstaí atá i gceist. Nó ‘núdal kugel’, sórt milseoige atá ann.

Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Chanukah
- ↑ Maidineacha Caife (12-2017). "AN TAOBH Ó THUAIDH". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ P.J. Mac Gabhann. "An tAm seo Bliana" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-11.
- ↑ Torlach Mac Con Midhe (2018-06-19). "16. Muintir an Earraigh" (ga). Crothla agus Cnámha. Dáta rochtana: 2020-12-11.