Yom Kippur

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtYom Kippur
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(he) יוֹם כִּיפּוּר‎
(yi) יום־כּיפּור
(he) יוֹם הַכִּפּוּרִים‎ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaoire phoiblí de Iosrael
ta'anit (en) Aistrigh
imeacht féiltiúil
lá saoire Cuir in eagar ar Wikidata
10 Tishrei (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAn Giúdachas Cuir in eagar ar Wikidata
Ceiliúradhdomhanda Cuir in eagar ar Wikidata


Oíche Yom Kippur, le Jakub Weinles

Is é Yom Kippur an Leorghnímh, an lá is naofa é sa bhliain Ghiúdach. Lá fíorshollúnta is ea é.[1] Tugtar Yom Kippur ar an lá seo san Eabhrais, agus sin é an t‑ainm a thugtar dó de ghnáth, fiú i nua-theangacha.

Féilire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Titeann Lá an Leorghnímh ar an deichiú lá de Thisrí (Meán FómhairDeireadh Fómhair). Sin deich lá tar éis na Bliana Nua.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

paidir Kol Nidrei

Níl tagairt ar bith don fhéile seo in aon téacs bíobalta roimh an Deoraíocht (598 RC). Ach b’fhéidir go raibh na comhpháirteanna bunúsacha den fhéile ann roimhe sin.

Roimh thitim Iarúsailéim (70 RC) bhíodh mórchuid de shearmanas Lá an Leorghnímh sa Teampall. Le linn ré an Teampaill. bhíodh deasghnátha áirithe le comhlíonadh agus bhí íobairtí speisialta leagtha amach le hofráil.

Tar éis gur loisceadh an Teampall, tháinig deireadh leis an gcóras íobairtí agus deasghnáth a bhain leis. Tugadh tábhacht nua do pháirt an phobail, d’admháil a gcoireanna, don aithrí, agus don fhonn maithiúnais a bheith orthu.

Nósanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosaíonn ceiliúradh an lae le béile na féile, tráthnóna an 9ú lá de Thisrí. Tar éis an bhéile téann na daoine go dtí an tSionagóg. Anseo tosaíonn na paidreacha le fógra sollúnta ar a dtugtar Kol Nidre, ‘Móideanna Uile.’ Is fógra é seo go bhfuil na móideanna uile a tugadh go meargánta do Dhia i rith na bliana ar neamhní. Is cuid bhunúsach de dheasghnátha Lá an Leorghnímh an fógra seo. Cantar é le fonn anamúil traidisiúnta atá ag na Giúdaigh ó timpeall 900 RC.

I ndiaidh an Kol Nidre, tagann foirmle chasta d’admháil peacaí. Úsáidtear foirmle den chineál seo ag ceithre shearmanas eile ar Lá an Leorghnímh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mater Dei / clár 'Briathar' (2007). "Lá an Leorghnímh". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-09-15.