Buama neodrón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'armaBuama neodrón
Cineálairm núicléacha Cuir in eagar ar Wikidata

Arm núicléach atá beag a dhóthain chun a oibriú ar pháirc an áir. Ainm eile air is ea arm radaíochta méadaithe. Scaoiltear é mar shliogán airtléire nó mar chuid phléascach i dtosach diúracáin ghearr-raonaigh, agus cruthaíonn a mhadhmadh an-chuid radaíochta níos mó ná pléascadh is teas. Mar sin, bíonn an iarmhairt scriosta dírithe ar rudaí beo thar aon rud eile, criúnna tancanna is feithiclí neartaithe eile, agus daoine i ndídean ar féidir leis an radaíocht treá isteach iontu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]