Trident

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí AerárthachTrident
Cineálsubmarine-launched ballistic missile (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
DéantóirLockheed Martin Space (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe astrírinn Phoiséadóin Cuir in eagar ar Wikidata
I seirbhís1979 –
Oibreoir(í)

Arm balaistíoch diúractha de chuid cabhlach na Stát Aontaithe, a lainseáiltear ó fhomhuireán. Tháinig an chéad leagan, Trident C-4, i bhfeidhm i 1980 i ndiaidh diúracáin Polaris is Poseidon. Bhí an dara leagan, Trident D-5, níos mó, agus tháinig i bhfeidhm i 1989. Chuir cabhlach na Breataine i bhfeidhm é i lár na 1990idí. Tá raon 11,000 km ag an leagan seo, agus iompraíonn ceann amháin 14 feithicil scartha buamála, gach ceann indírithe go neamhspleách ar a chéile. Tá córas treoraíochta támhúla réaltaí ar an bpríomhdhiúracán is na fo-dhiúracáin, ionas go bhfuil sé chomh cruinn le diúracáin a lainseáiltear ón talamh, bíodh is go lainseáiltear é ó fhomhuireán faoin bhfarraige is é faoi ghluaiseacht.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Trident". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 678.