Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Páirtí an Lucht Oibre
Ceannasaíocht Jeremy Corbyn
Bunaithe 1900
Ceanncheathrú 1 Brewer's Green, Londain SW1, An Ríocht Aontaithe
Idé-eolaíocht Eite chlé
Cleamhnas Idirnáisiúntas Sóisialach
Dathanna Dearg
Gréasáin labour.org.uk

Páirtí an Lucht Oibre ar cheann de na páirtithe polaitiúla is sine agus is mó sa Ríocht Aontaithe. Glacann an páirtí seasamh eite chlé ar cheisteanna eacnamaíochta, agus seasamh liobrálach ar cheisteanna sóisialta. Ó 2010, tá an páirtí ar freasúra oifigiúil na Ríocht Aontaithe. In olltoghchán is déanaí na Ríocht Aontaithe, i Meitheamh 2017, bhain an páirtí 262 suíomh de na 650 i dTeach Westminster, agus 40.0% de na guthanna. Ó 2015, is é Jeremy Corbyn atá ina cheannaire ar an bpáirtí. Tá an páirtí freisin ar an bpáirtí is mó i rialtas na Breataine Bige, agus is é Carwyn Jones, de chuid Páirtí an Lucht Oibre, atá ar Príomh-Aire na Breataine Bige.

Comórtas Ceannaire 2015 agus Olltoghchán 2017[athraigh | athraigh vicithéacs]

Jeremy Corbyn, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre ó 2015
Torthaí olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 - gach heicseagán in ionad suímh pharlaiminte amháin. Tá Páirtí an Lucht Oibre i ndearg, agus 262 den 650 suíomh acu, go háirithe sa Bhreatain Bheag, i dTuaisceart Shasana agus i Londain.
Torthaí olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 - gach heicseagán in ionad suímh pharlaiminte amháin. Tá Páirtí an Lucht Oibre i ndearg.

Sna laethanta atá inniu, is Jeremy Corbyn atá ina cheannaire ar an bPáirtí, suíomh a bhain sé sa bhliain 2015, tar éis gur chaill an páirtí olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015, agus gur éirigh as a réamhcheannaire, Ed Miliband. Ag an am sin, measadh gur iarrthóir an-chleitiúil go coibhneasta chun cheannais an Pháirtí a bhí ann – bhí in áireamh a bheartas ná go gcruthódh Banc Shasana airgead le haghaidh infheistiú i dtithíocht agus in iompar poiblí[1]; go n-athnáisiúnódh na córais fuinnimh agus iarnróid[2], agus go ngearrfadh an rialtas cuid den £93 billiún a thugadh an rialtas, de réir Kevin Farnsworth, léachtóir ar Ollscoil Eabhrac, i maoluithe cánacha do chomhlachtaí éagsúla[1][3]. Bhuaigh sé an comórtas ceannaire mar gheall ar thacaíocht an-mhór ó bhaill an Pháirtí cé nach bhfuair sé a lán tacaíochta óna Fheisirí Westminster. Maireann scoilte poiblí idir eite chlé agus eite dheis an pháirtí go fóill, cé go bhfuil siad seo maolaithe go fiúntach tar éis toradh Olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 don pháirtí, a thug dóibh méadú measartha i líon na suíomhanna Westminster agus méadú mór i líon na vótaí, in ainneoin tairngreachtaí forleathan go gcaillfí an páirtí a lán tacaíochta.

Féach Freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Naisc Sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. 1.0 1.1 LabourList (22 Mhí Iúil 2015). """You just cannot cut your way to prosperity" – Jeremy Corbyn outlines plans to make "large reductions" in £93bn of corporate subsidies" (Béarla). LabourList. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
  2. Jane Merrick (9 Mhí Lúnasa 2015). "Jeremy Corbyn to 'bring back Clause IV': Contender pledges to bury New Labour with commitment to public ownership of industry" (Béarla). The Independent. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
  3. [Chakrabortty] (7 Mhí Iúil 2015). "The £93bn handshake: businesses pocket huge subsidies and tax breaks" (Béarla). The Guardian. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.