John Smith (ceannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre, R.A.)
Ceannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre sa Ríocht Aontaithe ba ea John Smith AB FP nó Iain Mac a' Ghobhainn i nGaeilge na hAlban ((13 Meán Fómhair 1938 – 12 Bealtaine 1994). Fuair Smith bás anabaí agus measadh go forleathan go raibh seans an-mhaith ag an bpáirtí an chéad olltoghchán eile a bhuachan.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Smith i mBaddarroch, Dalmally, Earra-Ghàidheal.
Céimí de chuid Oilthigh Ghlaschu (áit a ndearna sé staidéar ar an stair ó 1956 go 1959 agus ar an dlí ó 1959-62) tháinig Smith chun tosaigh mar mhac léinn díospóireachta agus é ina bhall de Chumann Dialachtaíochta Ollscoil Ghlaschú agus d'Aontas Ollscoil Ghlaschú agus bhuaigh sé comórtas Observer Mace sa bhliain 1962, in éineacht le Gordon Hunter.
Bhí Smith ina aturnae ar dtús (1963-67) agus ansin chuaigh sé leis an abhcóideacht, mar bhall de Dhámh na nAbhcóidí. Rinneadh Abhcóide de chuid na Banríona de sa bhliain 1983.
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghlac sé páirt ghníomhach i bPháirtí an Lucht Oibre ó lár a dhéaga agus sheas sé i dtoghchán parlaiminte den chéad uair sa bhliain 1961, i bhfothoghchán. Bhí sé ina fheisire thar ceann Lannraig Thuaidh ó 1970 go 1983 agus ar son Bad nam Manach Thoir ó 1983 go ham a bháis.
I mí Feabhra 1974 a dhiúltaigh sé do phost mar Aturnae Ginearálta le haghaidh na hAlban, ós rud é gur mhian leis gairm ní ba leithne sa pholaitíocht a dhéanamh. Idir Deireadh Fómhair 1974 agus Márta 1979 bhí sé sna poist seo a leanas, i ndiaidh a chéile: Fo-Rúnaí i Roinn an Fhuinnimh, an tAire Stáit don Fhuinneamh, Aire Stáit um Oifig Chomhairle na Banríona (go bunúsach leas-ceannaire ar Theach na dTeachtaí) agus Rúnaí Stáit don Trádáil.[1]
Le linn na mblianta fada a chaith Páirtí an Lucht Oibre ar bhinsí an fhreasúra, bhí sé ina Scáth-Rúnaí Stáit don Trádáil (1979-82), ina Scáth-Rúnaí Stáit don Fuinneamh (1982-83), ina Scáth-Rúnaí Stáit don Fhostaíocht (1983-84), ina Rúnaí Stáit don Trádáil agus Tionscal (1984-87), ina Scáth-Seansailéir an Státchiste (1987-92) agus ina Cheannaire ar an bhFreasúra (1992-94). Mheastaí go forleathan gurbh é an binseoir tosaigh ab éifeachtaí de chuid an fhreasúra agus iad ag cáineadh an rialtais, go mór mór sa dá phost deireanacha a bhí aige.[1]
Ceannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Smith i bhfabhar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe sa Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus dílárú don Albain i dtólamh. Agus é ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre ó 1992 go 1994 chuir sé deireadh leis an mblocvóta a bhíodh ag na ceardchumainn ag comhdháil an pháirtí.[1]
Ag am a bháis, measadh go forleathan go raibh seans an-mhaith ag an bpáirtí an chéad olltoghchán eile a bhuachan go cinnte, agus na Tóraithe thíos leis sin. Ach ag an am céanna, bhí roinnt comhghleacaithe ní b'óige dá chuid, mar Tony Blair agus Gordon Brown, mífhoighneach maidir leis an gcur chuige céim ar chéim faichilleach (dar leo) a bhí ag Smith i dtaobh beartais agus structúir an pháirtí a nua-aoisiú.
Bás anabaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuail taom croí Smith sa bhliain 1988 agus bhí saol ní ba shláintiúla aige ina dhiaidh sin dá bharr. Chuir a thaom croí marfach sa bhliain 1994 ionadh ar a lán daoine. Léirigh an suaitheadh a baineadh as daoine agus an oiread bróin a bhí orthu nuair a d'éag sé an méid fíormheasa a bhí air, ar fud na polaitíochta agus níos faide i gcéin.[1]
Sa bhliain 1995 a athbhaisteadh comórtas díospóireachta Observer Mace - John Smith Memorial Mace a thugtar air anois, in ómós dó. Bíonn an comórtas á eagrú ag Aontas Lucht Labhartha an Bhéarla sa lá atá inniu ann.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Scottish Independence. Question Time 1992/ https://www.youtube.com/watch?v=0gHVokKt82I