Tarbh Suite

Fear naofa Suach ab ea Tarbh Suite (Suach: Tatanka Iyotake, Tatanka Iyotanka nó Ta-Tanka I-Yotank, Béarla: Sitting Bull, tugtaí an leasainm Slon-he nó "Mall" air freisin; t. 1831 – 15 Nollaig, 1890). Saolaíodh é in aice leis an Abhainn Grand i nDakota Theas, agus mharaigh na póilíní é ag Tearmainn Meiriceánach Dúchasach Standing Rock agus iad ag iarraidh é a chur faoi ghlas.
Tá áit cháiliúil aige i stair Mheiriceánach agus i stair Mheiriceánach Dhúchasach mar gheall ar an pháirt a ghlac sa bhua in aghaidh Lt. Col. George Armstrong Custer agus an 7ú Reisimint Mharcra de chuid an Arm Meiriceánach ag Cath Little Bighorn ar an 25 Meitheamh 1876, rud a chonaic sé i mbrionglóid cheana féin.
Níos déanaí, chaith sé seal ag obair le Buffalo Bill Cody sa Wild West Show.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |