Tiger Woods
Is imreoir gailf é Tiger Woods (rugadh é mar Eldrick Font Woods ar an 30 Nollaig 1975) in Cypress, California i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí an duais 'Imreoir na Bliana' ón PGA buaite aige ocht n-uaire. Tá príomh-chraobhanna go leor buaite aige.


Tháinig an chéad cheann—The Masters— ar 14 Aibréán 1997 agus é 21 bliain d'aois. Cé go bhfuil neart buaite ag Woods i gcaitheamh a shaoil, seans gurbh é bua ar 14 Aibréán 2019 in Augusta National an bua ab iontaí. Éacht a bhí déanta ag Woods teacht ar ais agus an comórtas is tábhachtaí a bhuachan arís.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is de shliocht Téalannach, Síneach, Afracach, agus Eorpach é, agus is féidir go raibh sinsireacht Indiach-Mheiriceánach ag a sheanmháthair ar thaobh a athar.
2008 an uair dheireanach gur éirigh leis ceann de na mórchomórtais a bhuachan agus ba ghearr ina dhiaidh sin gur thit rudaí as a chéile ina shaol. Bhí fadhbanna ina shaol pearsanta go mór i mbéal an phobail ar feadh cúpla bliain agus theip ar a cholainn freisin.
Bhí Woods pósta le Elin Nordegren agus tá beirt pháistí acu. Bhris an teaghlach suas sa bhliain 2010.
Gabhadh é sa bhliain 2017 as a bheith ag tiomáint faoi thionchar drugaí oidis agus timpiste a bheith aige.
Ach tháinig sé aniar uaidh sin agus bhain sé a 15ú mórchomórtas in Augusta in 2019. Chuaigh Woods faoi scian ceithre huaire chun fadhbanna lena dhroim a réiteach. Go stairiúil is ar Augusta a bhíonn sé ar bharr a réime agus ba ansin a scríobhadh ceann de na scéaltaí spóirt is fearr ariamh nuair a bhain sé an chraobh sa bhliain 2019.
Tháinig sin i ndiaidh blianta de streachailt le mí-úsáid substaintí agus i ndiaidh dó caidrimh taobh amuigh den phósadh a bheith aige. Níor cheap daoine go mbéarfadh sé ar mhaide gailf arís sa bhliain 2019, roimh an Masters bainte amach aige arís.
I mí na Márta 2026 bhí timpiste chairr ag Woods arís agus gabhadh é as a bheith ag tiomáint faoi thionchar substaintí. Bhí an chuma ar chúrsaí roimhe seo go raibh sé ag dul a dhéanamh gach iarracht a bheith ag imirt ag na Máistrí.[2]
Tá cónaí ar Woods i Jupiter Island, Florida.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "A raibh le foghlaim ó chath Mhúscraí, éacht Tiger Woods agus cluichí na Príomhroinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-19.
- ↑ Aodhán Ó Baoill (2026-04-08). "An Máistir Rory ar ais ar chúrsa a bhua stairiúil" (ga-IE). Irish Independent. Dáta rochtana: 2026-04-17.