Vicipéid:Laethanta roghnaithe/26 Mí na Nollag
Appearance
Is é an 26 Nollaig an 360ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 361ú lá i mbliain bhisigh. Tá 5 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Fhéile Stiofán" nó "Lá an Dreoilín".
- 1587 – D’éalaigh Aodh Rua Ó Dónaill ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath
- 1791 – Rugadh Charles Babbage, matamaiticeoir, innealtóir agus eolaí (b.1871)
- 1893 – Rugadh Mao Zedong, ceannaire na Síne (b.1976)
- 1953 – Rugadh Toomas Hendrik Ilves, 4ú hUachtarán na hEastóine
- 1956 – Cailleadh Láimhbheartach Mac Cionnaith C.Í., foclóirí agus eagarthóir (r.1870)
- 1963 – Rugadh Lars Ulrich ceoltóir
- 1972 – Cailleadh Harry S. Truman, 33ú Uachtarán na Stát Aontaithe (r.1884)
- 2004 – Meastar gur maraíodh thart ar 300,000 duine de bharr súnámaí a bhuail an Indinéis agus ocht dtír Áiseach eile
- 2006 – Cailleadh Gerald R. Ford, 38ú Uachtarán na Stát Aontaithe (r.1913)
- 2007 – Cailleadh Joe Dolan, amhránaí Éireannach (r.1939)