Lá Fhéile Stiofáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Lá Fhéile Stiofán)
Jump to navigation Jump to search
Naomh Stiofán, Carlo Crivelli (1476)

Tugtar Lá 'le StiofáinLá Fhéile Stiofáin ar an 26ú lá de mí na Nollag.

San Stiofán[athraigh | athraigh vicithéacs]

Creidtear gurb é Naomh Stiofán, nó San Stiofán, an chéad mhairtíreach Críostaí. Ciallaíonn an t-ainm Stiofán coróin. Bhí naomh Stiofán ar cheann de na seacht deagánach ceaptha ag na haspail.

Lá an Dreoilín[athraigh | athraigh vicithéacs]

In Éirinn, tugtar lá an dreoilín a an 26 Nollaig.

Sean-traidisiún atá i Lá an Dreoilín nuair a bhíodh daoine ag dul ó theach go teach[1] nó ó theach tábhairne go teach tábhairne ag déanamh ceoil in onóir an dreoilín, agus b'fhéidir ag bailiú airgid agus bia[2], ar Lá Fhéile Stiofáin. I gCiarraí, ní ití feoil an lá seo, cuing é seo a chuireadh na seandaoine orthu féin chun go mbeadh an tigh saor ó fhiabhras agus ó aicídí na bliana[3].

Lá an Dreoilín sa Ríocht (Daingean)

Iompraíonn an lucht ceoil, a chuireann seanéadaí nó clúdach tuí orthu féin, íomhá dreoilín nó dreoilín ina bheo i mbosca. Tá fabhal ann ag ceangail an dreoilín le heachtraí i saol Íosa.

Cé nach bhfuil an traidisiún chomh láidir agus chomh feiceálach sa tír seo anois agus a bhí, tá daoine ann atá ag iarraidh an traidisiún a thabhairt ar ais arís.

Lá Saoire[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is lá saoire é ar fud an chuid is mó den Eoraip, ach sna Stáit Aontaithe is gnáthlá oibre é.

Bronntanais Nollaig.

Tugtar ¨Boxing Day¨ ar an 26 Nollaig i Sasana agus i gCeanada, mar go dtugtaí bronntanais ar an lá céanna.

Tugtar "zweiter Weihnachtstag" ar an 26 Nollaig i nGearmáinis.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]


Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]