Joe Dolan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoe Dolan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Joseph Francis Robert Dolan
16 Deireadh Fómhair 1939
An Muileann gCearr, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Nollaig 2007
68 bliana d'aois
Ospidéal Príobháideach an Mater, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Rith fola ceirbreach)
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, fiontraí, cumadóir amhrán Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1958 –
SeánraPopcheol
TeangachaBéarla
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilPye Records Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinjoedolan.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1678061 Spotify: 3sebqZKFZ8aJsgQu4YaKQh iTunes: 121966559 Musicbrainz: df681a33-b0e7-4888-b451-cc4e5cf37d33 Songkick: 209858 Discogs: 355004 Find a Grave: 23646086 Cuir in eagar ar Wikidata

B'amhránaí clúiteach Éireannach é Joseph Francis Robert Dolan (16 Deireadh Fómhair 1939[1] - 26 Mí na Nollag 2007), nó Joe Dolan, mar ab fhearr aithne air. An Muileann gCearr i gContae na hIarmhí a áit dúchais, ach bhí cónaí air i mBaile Átha Cliath le blianta fada.

Gairm Cheoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí a chéad phost aige leis an nuachtán áitiúil, The Westmeath Examiner. Ach chuaigh sé leis an gceol chomh luath is a bhí an phrintíseacht sin críochnaithe aige.

Bhain sé cáil amach in Éirinn ar dtús sa bhliain 1964 lena bhanna féin, The Drifters, leis an amhrán 'The Answer to Everything'. In éineacht leis sin, is mór an clú a bhí ar na hamhráin eile leis, 'Good Lookin' Woman' agus 'Make me an Island' (a bhain áit Uimh. 1 amach sna cairteacha ceoil i 14 tír, sa bhliain 1969). Bhí sé ar an gcéad cheoltóir ón Iarthar le ceolchoirm a chur ar siúl san Aontas Sóivéadach sa bhliain 1978, nuair a bhí seó dá chuid ar siúl i Moscó.

Amhráin Mhór-Ráchairte[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1965: "I Love You More and More Everyday"
  • 1967: "The House With the Whitewashed Gable"
  • 1968: "The Westmeath Bachelor"
  • 1969: "Make Me An Island"
  • 1970: "You're Such a Good Looking Woman"
  • 1975: "Lady in Blue" / "My Darling Michelle"
  • 1976: "Sister Mary" Díséad le Kelly Marie -Uimh.2 in Éirinn.
  • 1976: "You Belong to Me"
  • 1977: "I Need You"

Ábhair Shuime[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh sé faoi scian sa bhliain 2005 chun cromán nua a fháil. Cuireadh an seanchromán a bhí aige ar ceant chun airgead a bhailiú le haghaidh na carthanachta, Autism Action. Díoladh é ar eBay ar €680.[2][3]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair sé bás ar Lá Fhéile Stiofán sa bhliain 2007, díreach i ndiaidh a trí a chlog um thráthnóna, agus é go dona tinn in Ospidéal Príobháideach an Mater.[4] Bhí roinnt dá chuid seónna curtha ar ceal aige mar gheall ar an tinneas roimhe sin.[5] Ceaptar go bhfuair sé bás faoi dheireadh ó rith fola inchinne.[6] Adhlacadh é ina áit dúchais sa Mhuileann gCearr, áit ar fhreastail breis is 2,000 duine ar a shochraid.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]