Benjamin Britten

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBenjamin Britten

(1968) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en-gb) Edward Benjamin Britten
22 Samhain 1913
Lowestoft, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Nollaig 1976
63 bliana d'aois
Aldeburgh, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh croí)
Áit adhlacthaSt Peter and St Paul's Church, Aldeburgh (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Theach na dTiarnaí
2 Iúil 1976 – 4 Nollaig 1976 (bás in oifig) Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/sían Ceol-Choláiste Ríoga
Scoil Gresham
Old Buckenham Hall School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmstiúrthóir ceolfhoirne, polaiteoir, pianódóir, cumadóir, cóiréagrafaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1937 –
Ball de
SeánraCeoldráma, siansa agus ceol clasaiceach
Mac/iníon léinn de chuidHarold Samuel agus John Ireland
TeangachaBéarla
UirlisPianó
Lipéad ceoilDecca Records Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Eile
Teideal uasalBarún Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíPeter Pears Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRobert Victor Britten  agus Edith Rhoda Hockey
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinbrittenpears.org Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0110123 Allocine: 133124 Allmovie: p83053 IBDB: 11434
Spotify: 7MJ1pB5d6Vjmzep2zQlorn iTunes: 320866 Last fm: Benjamin+Britten Musicbrainz: 49ae5227-605a-47a8-9b8e-cd89bf01a97c Lieder.net: 3567Songkick: 8526234 Discogs: 598601 IMSLP: Category:Britten,_Benjamin Allmusic: mn0000796872 Find a Grave: 6826020 Cuir in eagar ar Wikidata

Cumadóir Sasanach ab ea Edward Benjamin Britten, an Barún Britten, OM CH (22 Samhain 19134 Nollaig 1976). Bhí áit fheiceálach aige i saol cheoil an fichiú haois. Bhí clú air chomh maith mar stiúrthóir ceolfhoirne, dhordveidhleadóir agus phianódóir. Chaith sé formhór a shaoil lena chomrádaí Peter Pears, teanór Sasanach.

Rugadh Britten i 'dTeach Britten" (BnB inniu), Cliff Road, Lowestoft

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Benjamin Britten in Lowestoft, Suffolk. Fiaclóir ba ea a athair agus ceoltóir tréitheach amaitéarach ba ea a mháthair. Ba pháiste seanórtha é Britten: thosaigh sé ag cumadh ceoil go díograiseach agus é fós ina bhuachaill. In Old Buckenham Hall School, scoil ullmhúcháin do bhuachaillí in Suffolk, agus Gresham’s School, in Holt, a fuair sé a chuid meán agus ardscolaíochta.

Sa bhliain 1927 d'fhreastail sé ar cheachtanna príobháideacha faoi Frank Bridge; rinne sé staidéar chomh maith ag Coláiste Ríoga an Cheoil faoi John Ireland ach gan an oiread sin rátha ar an iarracht.

Bhí sé de rún aige staidéar a dhéanamh le hAlban Berg i Vín ach níor thug a thuismitheoirí cead dó é sin a dhéanamh (mar a mhol foireann an Choláiste dóibh).

Mar sin féin, sna 1930idí, cumadóir óg torthúil ba ea é—800 éigin píosa, idir saothair iomlána agus míreanna, sula raibh a chéad phíosa foilsithe aige. Ba iad na chéad phíosaí a tharraing aird ar Bhritten ná an Sinfonietta Op. 1, ‘A Hymn to the Virgin’, (1930) agus foireann breachnuithe córúla, A Boy Was Born (1934, scríofa do Amhránaithe an BBC).

Benjamin Britten agus Peter Pears, 1950, an Ísiltír

Luathshaol proifisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Aibreán 1935, tháinig an stiúrthóir scannán Alberto Cavalcanti chun cainte le Britten faoi scór a scríobh don scannán faisnéiseach The King’s Stamp, léirithe ag an GPO Film Unit. Tharla W. H. Auden, an scríbhneoir, ag obair don GPO Film Unit ag an am sin freisin agus d’oibrigh Britten agus Auden le chéile ar na scannáin Coal Face agus Night Mail. Comhoibriú dá gcuid ná an tsraith amhrán Our Hunting Fathers Op. 8, a bhí radacach maidir leis an bpolaitíocht agus leis an gceol araon.

Ní ba thábhachtaí i ndeireadh na dála, casadh an t-amhránaí Peter Pears air sa bhliain 1937. Comhoibrí agus inspioráid dó a bhí in Pears, chomh maith le comrádaí, ar feadh a shaoil. Sa bhliain chéanna, chum sé an ceol don Pacifist March i gcomhar Aontas Gheallta na Síochána (Peace Pledge Union), cumann a raibh sé páirteach ann, ach níor éirigh leis an saothar sin. Sa bhliain 1937 chomh maith, scríobh sé ceann de na saothair ba shuntasaí aige sna 1930idí, Variations on a Theme of Frank Bridge do cheolfhoireann théadach.

Go luath sa bhliain 1939, lean Britten agus Pears Auden siar go Meiriceá. Ansin, an bhliain ina dhiaidh chum Britten an chéad sraith amhrán den iliomad díobh a scríobh sé do Pears, Seven Sonnets of Michelangelo. Mór leis an gceapadóir Aaron Copland cheana, chuala Britten a shaothair ba dhéanaí, mar atá Billy the Kid agus An Outdoor Overture, dhá shaothar a chuaigh i gcion ar a chuid cheoil féin. Scríobh sé a chéad cheoldráma i Meiriceá freisin, Paul Banyan, ceolchluiche le leabhróg a scríobh Auden.

Britten i mBúdaipeist, 1965

Barr a réime[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhill Britten agus Pears go Sasain sa bhliain 1942 agus chuir an bheirt acu iarratais isteach ar stádas mar dhiúltóirí coinsiasacha. Séanadh iarratas Bhritten ar dtús ach fuair sé é ar achomharc. Bhí sé gnóthach ar an turas báid fada aniar, ag cur i gcrích an tsaothair chórúil Hymn to St. Cecilia, a chomhshaothar deireanach le hAuden. Bhí tús déanta cheana aige ar a cheoldráma Peter Grimes, bunaithe ar scríbhneoireacht de chuid file as Suffolk darbh ainm George Crabbe.

D’éirigh go maith le chéad léiriú an cheoldráma in Sadler’s Wells sa bhliain 1945, an bua ba mhó aige go dtí sin. Mar sin féin, tháinig Britten salach ar dhreamanna ceoil seanbhunaithe áirithe sa tír. De réir a chéile, tharraing sé siar ó chiorcail cheoil Londan agus bhunaigh sé an English Opera Group (1947) agus Féile Aldeburgh (1948), i bpáirt mar dheis chun a shaothar féin a dhéanamh go poiblí.

Ba é Peter Grimes an chéad cheann de shraith ceoldrámaí i mBéarla, dá bhfuair Billy Bud (1951) agus The Turn of the Screw (1954) moladh faoi leith. Tháinig a cheoldráma A Midsummer Night’s Dream (1960), leagan den dráma Shakespeare, ar a sála orthu.

Ar na téamaí a bhí i gcoitinne ag na ceoldrámaí seo, tá an carachtar atá lasmuigh ag an sochaí nó nach bhfuil tuiscint ann dó. Is é seo an príomhcharachtar go minic, agus tábhacht faoi leith lena ainm—Peter Grimes nó Owen Wingrave, mar shampla. Faoi am na nOnóracha Corónaithe sa bhliain 1953, bhí Britten tábhachtach go leor gur ceapadh é mar Chompánach Onóra (“Companion of Honour” nó CH).

Tharraing Britten ar fhoinsí áitiúla traidisiúnta Sasanacha a leithéidí George Crabbe (thuasluaite) agus, ní b’fhaide siar, drámaí míorúilte Sasanacha ón Mheánaois. Sa bhliain 1957 rinne Britten agus Pears turas ar an Oirthear, mar a dtarraingíodh aird Bhritten ar cheol an ghamalan Bhailinéisigh agus ar na drámaí Nó Seapánacha. Bhí ceolta an Oirthir ag dul i gcion ar Bhritten in aghaidh na huaire sa tréimhse sin.

Sna deich mbliana deireanacha nó mar sin, bhí an tsláinte ag dul chun olcais air. D’éirigh inneach a chuid shaothair ní ba scagaí, ní ba scáinte de réir a chéile. Ar na ceoldrámaí den tréimhse seo bhí Owen Wingrave (1970), Death in Venice (1971-3), Suite on English Folk Tunes (A Time There Was , 1974), agus Third String Quartet (1975; bunaithe ar ábhar in Death in Venice)— chomh maith leis an chantáid dhrámata Phaedra (1975), a scríobh sé don amhránaí Janet Baker.

Westminster
St. Peter and St Paul's Church, Aldeburgh, Suffolk

Cé gur chuir Britten suas de ridireacht roimhe, ghlac sé tiarnas saoil ar an 2 Iúil 1976 mar Bharún Britten Aldeburgh i gContae Suffolk. Roinnt míonna ina dhiaidh sin theip ar a chroí agus fuair sé bás ina theach in Aldeburgh, "an Teach Dearg" ar an 4 Nollaig 1976.

Tá sé curtha sa reilig ag Eaglais Naomh Peadar agus Pól in Aldeburgh. Tá uaigh a chomrádaí, Sir Peter Pears, in aice lena cheann féin.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]