Heydar Aliyev
Polaiteoir Asarbaiseánach agus deachtóir a bhí in Heydar Aliyev nó Heydər Əlirza oğlu Əliyev(10 Bealtaine 1923 - 12 Nollaig 2003).
Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is deacair cur síos ceart a thabhairt ar imeachtaí a shaoil, ach dealraíonn sé gurb i Naxçıvan a tháinig sé chun saoil. Bhain sé amach céim san oideachas i scoil traenála na múinteoirí i Naxçıvan, agus chaith sé seal ag staidéar ailtireachta. Ba nós leis a áitiú go ndeachaigh sé ag foghlaim staraíochta in Ollscoil Stáit Bakı, ach is é an tuairim atá ag lucht an tsaineolais go ndeachaigh sé go Leningrad le freastal ar scoil slándála an stáit ansin.
KGB[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 1944, chuaigh Əliyev ag obair do Choimeasáracht Phobail Slándála an Stáit (NKGB) san Asarbaiseáin, is é sin, an eagraíocht chéanna ar ar baisteadh KGB - Coiste Slándála an Stáit - sa bhliain 1954. Rinne Əliyev an-dul chun cinn sa KGB, agus sa bhliain 1967, bhí sé ina Mhaor-Ghinearál agus ina cheannasaí ar an KGB san Asarbaiseáin.

Sa bhliain 1969, cheap Leonid Brezhnev é ina Ard-Rúnaí ar an bPáirtí Cumannach san Asarbaiseáin, ó bhí sé de chlú air go raibh sé ar dóigh ag cur troda ar an mbreabaireacht is ar an gcaimiléireacht. B'éigean dó féin, áfach, go leor caimiléireachta a dhéanamh le gnaoi Brezhnev a tharraingt air féin. Nuair a tháinig Mikhail Gorbachev i mbun na gcúrsaí san Aontas Sóivéadach, thug sé bata is bóthar d'Əliyev mar bhreabaire is mar chaimiléir.

Teacht i gcumhacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'fhan Əliyev i Moscó go dtí an bhliain 1990, nuair a d'fhill sé ar Naxçıvan. Ansin dó, chuir sé é féin chun tosaigh mar náisiúnaí measartha, agus de réir a chéile, shealbhaigh sé an chumhacht sa chúige, beag beann ar Ayaz Mütəllibov a bhí ina Uachtarán ar an Asarbaiseáin san am.

San am seo, bhí an cogadh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin ag cur chun géaradais, agus i mBealtaine 1992, b'éigean do Mütəllibov éirí as agus an Uachtaránacht a fhágáil ag Əbülfəz Elçibəy a bhí i gceannas ar eagraíocht pholaitiúil an fhreasúra, Fronta Pobail na hAsarbaiseáine.
Ní raibh an tUachtarán nua ábalta Naxçıvan a athshealbhú ó Əliyev. Sa deireadh thiar, i Meitheamh 1993, d'éirigh na fórsaí armtha amach in aghaidh Elçibəy, agus b'éigean dósan an Uachtaránacht a fhágáil ag Əliyev.
Deachtóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chaith Əliyev an chuid eile dá shaol ag rialú na hAsarbaiseáine ar nós an deachtóra. Bhí sé in ann infheisteoirí a mhealladh ón gcoigríoch le hairgead a shuncáil in eacnamaíocht na tíre, go háirithe i dtionsclaíocht na hartola. San am céanna, áfach, d'fhás an bhreabaireacht as éadan, go dtí gur rangaíodh an Asarbaiseáin ar an tír ba mheasa éilliú ar fud an domhain.
Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thosaigh a shláinte ag teip ar Əliyev sa bhliain 1999, nuair b'éigean dó aghaidh a thabhairt ar na Stáit Aontaithe le dul faoi scian an mháinlia. Rinneadh máinliacht seach-chonaire air i gCleveland. Níor mhair sé ach cúpla bliain ina dhiaidh sin, ach bhí de sheal aige a mhac féin, İlham Əliyev, a cheapadh mar Uachtarán nua sula bhfuair sé bás.
