Jump to content

Wolfgang Amadeus Mozart

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWolfgang Amadeus Mozart

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(de) Johann Chrysostomos Wolfgang Gottlieb Mozart Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(la) Joannes Chrysostomus Wolfgangus Theophilus Mozart Cuir in eagar ar Wikidata
27 Eanáir 1756
Salzburg (an Impireacht Naofa Rómhánach)
Bás5 Nollaig 1791
35 bliana d'aois
Vín (an Impireacht Naofa Rómhánach)
Siocair bháisluach anaithnid
Áit adhlacthaSt. Marx Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Áit chónaitheMozart's birthplace (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Airde1.63 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeoldráma, siansa, coinséartó, ceol aireagail, cúigréad téadach, ceathairéad téadach, ceol siansach, ceol reiligiúnach, ceol clasaiceach, ceol agus taibhiú pianó
Suíomh oibre Salzburg
Vín
Olomouc Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmcumadóir, ceoltóir, orgánaí, pianódóir, múinteoir ceoil, veidhleadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1761 –  1791
FostóirCount Hieronymus von Colloredo
Seosamh II, an tImpire Naofa Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraAn Ré Chlasaiceach, sardana, ceol aireagail, ceoldráma agus siansa
GluaiseachtAn Ré Chlasaiceach
Catalogue raisonnéKöchel catalogue (en) Aistrigh (1862) Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidJohann Schobert, Johann Christian Bach, Leopold Mozart agus Giovanni Battista Martini
Mac/iníon léinnJohann Nepomuk Hummel, Franz Xaver Süssmayr, Barbara Ployer, Thomas Attwood agus Ignaz von Seyfried
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghearmáinis
UirlisOrgán, clabhchorda, cruitchorda, fortepiano, veidhlín, vióla agus pianó
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
TeaghlachMozart family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileConstanze Mozart (1782–1791) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteKarl Mozart, Franz Xaver Wolfgang Mozart Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLeopold Mozart  agus Anna Maria Mozart
SiblínMaria Anna Mozart
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0003665 Allocine: 36960 Anime News Network: 64140 Allmovie: p103711 IBDB: 485475
Youtube: UCmeFxYk5BSbJGWN9OgTAIhw Spotify: 4NJhFmfw43RLBLjQvxDuRS iTunes: 12374 Last fm: Wolfgang+Amadeus+Mozart Musicbrainz: b972f589-fb0e-474e-b64a-803b0364fa75 Lieder.net: 1945Songkick: 8344253 Discogs: 95546 IMSLP: Category:Mozart,_Wolfgang_Amadeus Allmusic: mn0000026350 Find a Grave: 745 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Wolfgang Amadeus Mozart[1] (27 Eanáir 1756 in Salzburg na hOstaire5 Nollaig 1791) an cumadóir ceoil is cáiliúla agus is rathúla dá raibh riamh ann.[2] Bhí sé féin agus Hayden ar na ceoltóirí ba mhó sa ré chlasaiceach.[3] Chum Mozart níos mó ná 600 saothar, cé go bhfuair sé bás in aois a 35. Bhí aoibhneas agus draíocht ar leith ag baint lena chuid ceoil. Creideann a lán daoine fós gurbh é Mozart an cumadóir is fearr riamh.

Sáraíonn ceol Mozart gach glúin agus cuireann sé ionadh ar cheoltóirí conas arbh fhéidir duine amháin ceol a chumadh atá chomh simplí, chomh hálainn agus chomh sollúnta ach ar an taobh eile atá chomh deacar a sheinm nó a chanadh.[4]

Scéal a bheatha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
le Leopold Bode 1859, ... trí bliana d'aois ǃ

Rugadh Mozart in Salzburg, príomhchathair phrionsachta de chuid na hImpireachta Naofa Rómhánaí. Rugadh é do chumadóir agus múinteoir mór ceoil (Leopold Mozart (1719 - 1787) agus dá bhean chéile siúd (Anna Maria Pertl (1720 - 1778). Rugadh seachtar duine clainne, ach níor tháinig slán ach Mozart féin agus a dheirfiúr Maria-Anna Mozart (Nannerl).

Leopold an t-ainm a bhí ar a athair, agus ceoltóir na cúirte ab ea é, a bhí ag obair i gcúirt an ardeaspaig in Salzburg. ina "Kappellmeister" do Phrionsa-ArdEaspag sa chathair sin.[5]

Bhí Leopold ina mhúinteoir ceoil an-cháiliúil chomh maith (úsáidtear a chuid leabhar fós chun an fhidil chlasaiceach a mhúineadh). Caitliceach dílis a bhí ann agus ina mhac freisin.

Mar sin is léir go raibh an ceol san fhuil ag an Mozart óg.

Páiste éachtach (1756-1773)

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Portráid - Mozart óg (an Wunderkind) - 1763

Bhí féith an cheoil ann ó thús: cluas fhoirfe aige agus sárchuimhne. Thosaigh sé ag foghlaim conas seinm ar an gcruitchorda óna athair, agus thug faoi sheinm an veidhlín agus faoin gcumadóireacht ina dhiaidh sin.

1767

Chuir bua ceoil Mozart iontas an domhain ar gach duine. Páiste éachtach a bhí ann.

Ba léir go raibh an-tallann ag Mozart don cheol nuair a thosaigh sé ag seinm an clavier nuair nach raibh sé ach trí bliana d’aois.

Sheinn sé ar an gcruitchlár in aois a ceithre bliana agus chum sé píosaí ceoil in aois a cúig.[3]

Chum sé a chéad siansa clasaiceach agus é 8 mbliana d‘aois.

Bhí sé in ann nodaireacht cheoil a thuiscint agus a sheinm sula raibh léamh agus scríobh aige. Aithnítear anois gur chuid nár bheag dá sháréirim cheoil an oiliúint iontach a fuair sé agus é an-óg agus an saothrú gan stad a lean í. Níor tháinig ainchleachtadh riamh air.

Tionchar ar cheol Mozart

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa chéad áit, ní mór a admháil go raibh tionchar mór ag Leopold, a athair, air.[4] Ach bhuail Mozart óg le daoine eile in Salzburg a raibh tionchar acu air. I 1761, nuair a bhí Mozart an-óg [5 bliana d’aois] chan sé sa cheoldráma “Sigimundus” (operetta) a chum Johann Ernst Eberlin a bhí ag obair in Árdeaglais Salzburg agus de réir dealraimh bhí meas mór ag Mozart ar Eberlin.

Portráid - Mozart, ag aois a 13 i Verona.

Fuair Eberlin bás sa bhliain 1762 agus tháinig chumadóir darbh ainm Michael Haydn ar an bhfód – deartháir den chumadóir Franz Joseph ab ea é agus d’fhoghlaim Mozart a lán scileanna ó Haydn. Ach cumadóir ceannródaíoch ab ea Mozart.

An Taistealaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir 1762 agus 1766 bhí sé ag taisteal lena athair agus le Maria-Anna (a bhí ina sársheinnteoir í féin), agus b'fhada an turas é: München, Augsburg, Mannheim, Francfurt, an Bhruiséil, Páras, Londain, an Háig, Amstardam, Dijon, Lyon, An Ghinéiv, agus Lausanne. Ar na turas seo bhuail Mozart le ceoltóirí móra, mar shampla Johann Christian Bach (mac le Johann Sebastian Bach), duine a chuaigh go mór i bhfeidhm air agus ar a chuid ceoil.

1780

Thosaigh sé ag scríobh ceoldrámaí. Idir 1769 agus 1773 ba mhinic san Iodáil é ag déanamh staidéir ar an gceoldrámaíocht.

I mí Nollaig, nuair a bhí Mozart 13, chuaigh sé féin agus a athair chuig an Iodáil don chéad uair. Ní raibh cead ag Maria dul in éineacht leo de bharr go raibh sí beagnach in aois a pósta.

Agus é sa Róimh, chuala Mozart Misere le Gregori Allegri. Bhí sé in ann an scór ar fad a sheinm as a chuimhne agus é a scríobh síos gan ach cúpla botún beaga.

Rrinne an Pápa Cléimeans XIV Cavaliere dello speron d’oro (Ridire an Spoir Órga) de.

Ar Fostú ag an bPrions-Ardeaspag

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig siad ar ais ón Iodáil, bhí an phríomh-bronntóir ag Leopold (an Ardeaspag von Strattenbach) tar éis bás a fháil agus bhí Ardeaspag nua ann ina áit, an Ardeaspag Hieronymos von Colloredo.

Bhí Mozart ar fostú cheana ag an bPrions-Ardeaspag Schrattenbach; cailleadh é siúd sa bhliain 1771, agus ba é an Prions-Ardeaspag Colloredo an máistir nua. Thug an Ardeaspag post do Mozart ach bhí dhrochphá sa phost.

Ní rómhaith a réitigh Mozart agus an t-Ardeaspag le chéile; cumadóir ceannródaíoch ab ea Mozart agus ní raibh sé sásta cloí leis na rialacha coimeádacha Gearmánacha. Dá bhrí sin, bhí a cheol róchasta agus níor ghlac an tArdeaspag leis. Cheap an tArdeaspag go raibh tionchar cheoldráma na hIodáile ag cur isteach ar an gceol diaga a chum Mozart [rud a admhaítear anois nach raibh fíor]. Dá bhrí sin níor lean Mozart mar chumadóir cheoil diaga.

I 1767, scríobh Mozart an Concerto Pianó Uimhir a 9 i ngléas E maol.

Ach ní raibh Mozart sásta riamh bheith ag obair sa chúirt mar chuir an tArdeaspag cosc air aon cheol casta a chumadh. Mar sin, chum Mozart píosaí spioradálta an-cháiliúil le linn dó bheith i Salzburg.

B'fhearr leis an bPrions-Ardeaspag an cumadóir a choinneáil sa bhaile agus deireadh sé leis conas ba chóir ceol a scríobh.

D'éirigh Mozart as a phost agus chuaigh chomh fada le Páras ar thóir poist nua; b'éigean dó filleadh abhaile agus a post i Salzburg a fháil arís, mar orgánaí, a bhuíochas sin ar a athair, a thug an Prions-Ardeaspag ar a thaobh.

Cailleadh a mháthair idir an dá linn; fuair sí bás ar an 3ú Iúil 1778.

Scríobh Mozart ceoldráma, Idomeneo, Rè di Creta, a moladh go haer. Lean sé a fhostaí go dtí Vín, áit ar scar an bheirt go deo, agus chuaigh sé i mbun oibre mar chumadóir neamhspleách. Faoin am seo bhí sé féin agus Joseph Haydn an-mhór le chéile; dúirt Haydn le Leopold go raibh a mhac ar an gcumadóir ba mhó dá raibh ar a aithne.

Constanze Mozart (1762-1842), a bhean chéile

Vín (1782-1791)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Neamhspleáchas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ar Mozart dul go dtí Vín, áit nach raibh mórán suime i gceol diaga. (Nuair a thug an tArdeaspag bata agus bóthar dó, tháinig deireadh lena chumadóireacht spioradálta beagnach.)

Chaith sé an chuid eile dá shaol i Vín agus bhí sé ag brath go mór ar phátrúnacht an Impire Joseph. Ba bhall de na máistirmháisiún (Freemasons) é Joseph agus ghlac Mozart páirt sna ann freisin.

Sa bhliain 1782 d'iarr an tImpire Joseph II ceoldráma air: Die Entführung aus dem Serail (An Fuadach ón Saraiglí). Chum sé píosaí ceoil an-cháiliúla do na máistirmháisiúin (mar shampla - Die Zauberflöte –An Fhliúit Dhraíochta).

Phós Mozart Constanze Weber sa bhliain chéanna, agus i gceann tamaill chuir sé eolas ar cheol Bach et Haendel, beirt chumadóirí a bhí ligthe i ndearmad agus a ndeachaigh a saothar i gcion air.

In 1785 sheinn Mozart an vióla go minic i gceathairéad téadach le Haydn, duine a shíl gurb é Mozart an cumadóir ab fhearr a raibh aithne aige air. Chum Mozart 6 cheathairéad téadach do Haydn sa bhliain chéanna, agus thosaigh sé ag obair ar an cheoldráma Le nozze de Figaro. Bhí an-fháilte roimh Bainis Figaro i Vín agus i bPrág (1786), agus i bPrág a chéadléiríodh Don Giovanne, le leabhróg ó lámh Lorenzo da Ponte, file drámata.

Chum Mozart Eine Kleine Nachtmusik an bhliain chéanna go bhfuair a athair bás, 1787, rud a bhuair go mór é. Níor lig sé faillí sna siansaí agus eile idir an dá linn.

Lean Mozart air ag taisteal ag seinm agus ag bualadh leis na huaisle. Fuair sé airgead ón Impire Joseph II i mBeirlín le ceoldráma greannmhar a chumadh. Cosi fan Tutte an toradh a bhí air seo. Ach fuair an tImpire bás go gairid i ndiaidh dó a bheith críochnaithe. Bhí súil ag Mozart go bhfaigheadh sé post an Kappellmeister (in áit Salieri) mar gheall ar an cheol seo, ach ní bhfuair.

Sa bhliain 1784 chuaigh Mozart isteach sna Máisiúin agus tá a rian sin le haithint ar Die Zauberflöte (An Fhliúit Dhraíochta) (1791).

Bhí an bochtanas ag cur isteach ar Mozart i gcónaí. Sna blianta deireanacha ba mhinic Mozart tinn, agus d'fhág a nósanna costasacha fiacha móra air, d'ainneoin an ratha a bhí ar a shaothar i gcoitinne.

Bhí Mozart tinn le tamaill agus cailleadh é ar 5 Nollaig 1791. Níl an tsiocair bháis a bhí aige ar eolas againn.

D'ainneoin na barúla coitianta, ní in olluaigh a cuireadh Mozart ach in uaigh chomhchoiteann i reilig a bhí suite tamall ó Vín ar chúiseanna sláinte. Uaigh dheichniúir ba ea í, mar ba ghnách ag an am,[6] ar íocadh aisti roimh ré. an lá dár gcionn agus ní raibh ach triúr nó ceathrar ar a shochraid. Níl sé cinnte go raibh sagart ar an tsochraid. Is scéal fíorbhrónach é nach mbeidh fios riamh cén ait ina bhfuil sé curtha agus cad é ba chúis a bháis ag aois chomh hóg sin.[2] Ní raibh aon scrúdú iarbháis déanta ó shin i leith.

Bhí an-mheas ar a gcuid oibre ag an am. Bhí na mílte duine ag seirbhís chuimhneacháin i bPrág ar 14 Nollaig, agus bhí seirbhís eile i Vín.

Rug Constanze a lán páistí, ach ní raibh ach beirt acu nár cailleadh ina naíonáin, Karl Thomas agus Franz Xaver Wolfgang. Deirtear gur lagaigh an toircheas go mór í.

Mhair Constanze ar feadh i bhfad i ndiaidh a fir agus í ag taisceadh a chuid lámhscríbhinní go cúramach.

Ábhar díospóireachta is ea cás Maria-Anna, deirfiúr Mhozart: is léir go raibh bua an cheoil thar barr aici. Ach dealraíonn sé nár thug Leopold an aire chéanna di is a thug sé do Wolfgang. Ní fios cén toradh a bheadh ar a bua siúd dá saothrófaí é, rud a tharraingíonn anuas ceist na hoiliúna agus na hardéirime.

I ndiaidh a bháis, d‘admhaigh an domhan gur ginias a bhí i Mozart.[2] Dúirt Luciano Pavarotti nár chum Mozart an ceol ach go raibh Mozart ag tabhairt don saol an ceol a bheidh á sheinm sa saol eile.

Rinne Mozart an t-uafás rudaí a chumadh: sonáidí, coinséartónna, siansaí, ceoldrámaí, srl. Thóg sé an stíl cheoil a bhí le fáil lena linn agus d’aistrigh sé go ceol draíochta, speisialta é.[5] Bhí foirm agus siméadracht den chéad scoth ina chuid cumadóireachta agus bhí tallann cheardaíochta aige a bhí leath-fhoghlamtha agus leath-nádurtha. Sna ceoldrámaí a chum sé bhí tuiscint ar phearsantacht an chine dhaonna le feiceáil go soiléir, agus chum sé carachtair a bhí ionchurtha le carachtair Shakespeare.

Bhí tionchair le feiceáil ina chuid ceoil ón Ghearmáin, ón Iodáil, ón Ostair agus ón Fhrainc. Mar gheall ar fheabhas a chuid ceoil d’fhorbair sé struchtúr an siansa, an coinséartó don phianó, an ceathairéad téadach, an sonáid agus neart eile fosta. An t-aon rud atá in easnamh óna chuid ceoil ná tionchair an nádúir mar a d’úsáid Beethoven agus daoine eile ina dhiaidh ina gcuid ceoil.

Siansa 40 g-moll - 1. Molto allegro

Catalóg Köchel (KV)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1862 chríochnaigh Ludwig von Köchel catalóg 626 saothar de réir dátaí agus í geall le lánchuimsitheach. Í ina gnáthfhoinse thagartha inniu.

Eine kleine Nachtmusik - 1. Allegro

Mór Shaothair

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Eine kleine nachtmusik

Saothair Dhiaga

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn a shaoil chum Mozart 16 Aifreann [chum sé Missa Brevis KV49 sa bhliain 1768 agus é 12 bhliain.[4] Chum sé Kyrie KV 33 sa bhliain 1766 – ní raibh Mozart ach 10 mbliana]. Chum sé cuid den Requiem sa bhliain 1791 agus é i leaba a bháis .

  • Veni sancte spiritus, KV 47
  • Exsultate, jubilate , KV 165 (1773, Milan)
  • Vesperae de dominica , KV 321
  • Krönungsmesse i C beag, KV 317 (1779)
  • Vesperae solennes de confessore , KV 339
  • Messe en ut mineur , KV 427 (1782-83)
  • Ave verum corpus , KV 618
  • Requiem i D beag, KV 626 (1791, Vín)
ar chlé, Constanze Mozart (1762-1842), a bhean chéile, 78 bliain d'aois in 1840
  • Bastien und Bastienne, KV 50 (1768, Vín)
  • Mitridate, rè di Ponto, KV 87 (1770, Milan)
  • Lucio Silla, KV 135 (1772, Milan)
  • Il re pastore, KV 208 (1775, Salzburg)
  • Idomeneo, Rè di Creta, KV 366 (1781, Munich)
  • Die Entführung aus dem Serail, KV 384 (1782, Vín)
  • Le nozze di Figaro, KV 492 (1786, Vín)
  • Don Giovanni, KV 527 (1787, Vín agus Prág)
  • Così fan tutte, KV 588 (1790, Vín)
  • La Clemenza di Tito, KV 621 (1791)
  • Die Zauberflöte, KV 620 (1791, Vín)

Siansacha Óige (1764-1771)

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Siansa uimh. 1 in E maol mór, KV 16
  • Siansa uimh. 2 i B maol mór, KV 17
  • Siansa uimh. 3 in E maol mór, KV 18
  • Siansa uimh. 4 i D mór, KV 19
  • Siansa uimh. 5 i B maol mór, K. 22
  • Siansa uimh. 6 i F mór, KV 43
  • Siansa uimh. 7 i D mór, KV 45
  • Siansa uimh. 8 i D mór, KV 48
  • Siansa uimh. 9 i C mór, KV 73/75a
  • Siansa uimh. 10 i G mór, KV 74
  • Siansa uimh. 11 i D mór, KV 84/73q
  • Siansa uimh. 12 i G mór, KV 110/75b
  • Siansa uimh. 13 i F mór, KV 112

Siansacha as an Salzburg-ré (1771–1777)

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Siansa uimh. 14 in A mór, KV 114 (1771)
  • Siansa uimh. 15 i G mór, KV 124 (1772)
  • Siansa uimh. 16 i C mór, KV 128 (1772)
  • Siansa uimh. 17 i G mór, KV 129 (1772)
  • Siansa uimh. 18 i F mór, KV 130 (1772)
  • Siansa uimh. 19 in E maol mór, KV 132 (1772)
  • Siansa uimh. 20 i D mór, KV 133 (1772)
  • Siansa uimh. 21 i A mór, KV 134 (1772)
  • Siansa uimh. 22 i C mór, KV 162 (1773)
  • Siansa uimh. 23 i D mór, KV 181/162b (1773)
  • Siansa uimh. 24 i B maol mór, KV 182/173dA (1773)
  • Siansa uimh. 25 in G beag, KV 183 (1773)
  • Siansa uimh. 26 in E maol mór, KV 184/161a (1773)
  • Siansa uimh. 27 i G mór, KV 199/161b (1773)
  • Siansa uimh. 28 i C mór, KV 200/189k (1774)
  • Siansa uimh. 29 in A mór, KV 201/186a (1774)
  • Siansa uimh. 30 i D mór, KV 202/186b (1774)

Siansacha Deanach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Siansa uimh. 31 i D mór, KV 297 (1778)
  • Siansa uimh. 32 i G mór, KV 318 (1779)
  • Siansa uimh. 33 i B maol mór, K. 319 (1779)
  • Siansa uimh. 34 i C mór, KV 338 (1780)
  • Siansa uimh. 35 i D mór, KV 385 (1782)
  • Siansa uimh. 36 i C mór, KV 425 (1783)
  • Siansa uimh. 37 i G mór, KV 444 (1783)
  • Siansa uimh. 38 i D mór, KV 504 (1786)
  • Siansa uimh. 39 in E maol mór, KV 543 (1788)
  • Siansa uimh. 40 i G beag, KV 550 (1788)
  • Siansa uimh. 41 i C mór, KV 551 (1788)
  1. Johannes Chrysostomus Wolfgang Theophilus Mozart a baisteadh ar an leanbh
  2. 2.0 2.1 2.2 Seán Mac Mathúna. "BÁS MOZART". Dáta rochtana: 2020.
  3. 3.0 3.1 Anna Heusaff (www.futafata.ie). "Leabhar Mór an Cheoil" (ga). www.futafata.ie. Dáta rochtana: 2020-12-05.
  4. 4.0 4.1 4.2 Seán Mac Mathúna (Maidineacha caife). "DAOINE A D’IMIR TIONCHAR AR MOZART". Dáta rochtana: 2020.
  5. 5.0 5.1 cogg.ie. "Ceol don Ardteistː Cúrsa B". Dáta rochtana: 2020.
  6. "Death of Wolfgang Amadeus Mozart" (as en) (2020-12-04). Wikipedia.