Sonáid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lámhscríbhinn de chuid Ludwig van Beethoven, Geschwind, doch nicht zu sehr und mit Entschlossenheit Chríochnaigh sé an píosa sa bhliain 1816.

Píosa ceoil, do ghléas méarchláir (cruitchorda, pianó, orgán) de ghnáth. Sa chineál barócach de chuid Corelli, Purcell is Handel, mar shampla, ba shonáid tríréid í do dhá ghléas aonghiolcaigh (veidhlíní den chuid is mó) is continuo. 4 ghluaiseacht nó níos mó a bhíodh inti. Ach i gcás sonáidí Domenico Scarlatti (os cionn 550 díobh), níl ach gluaiseacht amháin sa chuid is mó díobh, foirm a bhí an-choitianta san Iodáil is an Spáinn. I sonáidí clasaiceacha Haydn, Mozart is Beethoven, 3 nó 4 ghluaiseacht atá sa chuid is mó díobh, an chéad cheann sa bhfoirm shonáideach is an ceann deireanach ina shonáid rondo. Ghlac cumadóirí an 19ú-20ú céad leis an scéim ghinearálta seo, ina measc Schubert, Chopin, Brahms, Shostakovich is Prokofiev. Uaireanta chuir cumadóirí eile, Liszt mar shampla, na gluaiseachtaí uile i struchtúr amháin, nó fiú d'imigh go hiomlán ón struchtúr traidisiúnta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sonáid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 614.