Georg Friedrich Händel
Ba chumadóir Gearmánach é Georg Friedrich Händel (23 Feabhra 1685 – 14 Aibreán 1759).
Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an Messiah, Water Music, agus Music for the Royal Fireworks i measc a chuid saothar is mó cáil. Bhí tionchar mór ag an gcumadóir Sasanach Henry Purcell ar Händel.
- Messiah. Chum Handel an saothar Messiah, a léiríodh den chéad uair i halla ceoil ar Shráid Sheamlas an Éisc i mBaile Átha Cliath.[1] Um Nollaig is mó a léirítear is a sheinntear an Messiah, cé gur don Charghas a cumadh ar dtús é.
- "Water Music". Iarradh ar Händel ceol a chumadh do chóisir le haghaidh Rí Seoirse 1. Bhí an chóisir le reáchtáil ar Abhainn na Tamais. Sheol an rí ó Whitehall go Chelsea ar bháirse agus lean báirse eile é, ar a raibh caoga ceoltóir agus iad ag seinm an an saothar seo. Thaitin sé chomh mór leis an rí gur seinneadh an ceol 3 huaire. Tá 17 ngluaiseacht sa saothar seo agus iad roinnte i 3 shraith.
- Ceoldráma Ottone. Chum Händel an saothar seo sa bhliain 1723.[2] Is áiria é ‘La Speranza’ ón gceoldráma Ottone. Is cineál ar leith áiria ar a dtugtar áiria da capo é La Speranza.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Händel i Halle i ndiúchacht Magdeburg. Chaith Händel tamall san Iodáil, ansin d'aistrigh sé go Sasana.
Cailleadh Händel i Londain sa bhliain 1759, agus cuireadh i Westminster Abbey é.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Alan Titley. "Handelúil" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-04-13.
- ↑ Cogg. "Fonn Ceoil, Leabhrán A".
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |