Coinséartó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Píosa ceoil a chumtar i gcomhair gléas aonair amháin (nó uaireanta níos mó) is ceolfhoirne. Ba choinséartónna móra na samplaí is luaithe, cosúil le saothair Corelli sna 1680idí, ag cur dhá ghrúpa gléasanna éagothroma i gcodarsnacht. Mar seo a bhí na coinséartónna luatha le Vivaldi thar éinne eile, agus ghlac Bach a fhoirm trí-ghluaiseachta siúd (tapa-mall-tapa) chuige féin. Ba é sin an caighdeán i gcoinséartónna Mozart is Beethoven freisin. Agus an bhéim ar rímháistrí uirlise sa 19ú céad, chum Liszt, Brahms, Tchaikovsky is Rachmaninov coinséartónna fíordheacra pianó is veidhlín nárbh fhéidir ach le rímháistrí a sheinm. Sa 20ú céad i gcoinséartónna cumadóirí cosúil le Bloch is Stravinsky, cumadh páirteanna na n-aonréadaithe comhionann le páirteanna na ceolfhoirne, agus dhruid cumadóirí eile, cosúil le Bartók is Kodály, níos gaire fós do choinséartónna ina seinntear gléasanna na ceolfhoirne mar ghléasanna aonair ó am go chéile.