Clabhchorda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilClabhchorda
Cineáluirlis mhéarchláir agus true board zithers with resonator box (en) Aistrigh
Aicmiú Hornbostel-Sachs314.122-4-8
Sonraí12 haois
Clabhchorda

Gléas ceoil méarchláir a úsáideadh sa 15ú-18ú céad. Athbheodh le déanaí é chun luathcheol a sheinm go príomha. Nuair a bhrúitear na heochracha buaileann tadhlaithe na sreanga, a ritheann go hingearach leis an méarchlár is a thiúntar i bpéirí. Maolaítear creatháin na sreang le héadach nó feilt ag a gcinn. Bhí stiallóga i gclabhchordaí luatha ionas gurbh fhéidir cuid mhaith nótaí difriúla a fhuaimniú le péire sreang, ag brath ar an áit ar bhuail an tadhlaí iad. I gclabhchordaí déanacha gan stiallóga, d'fhuaimnigh eochair amháin péire sreang chun nóta amháin a dhéanamh. Bhí an ton beag ach taitneamhach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Clabhchorda". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 141.