Thomas Merton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Thomas Merton
Merton Trappist.gif
Saol
Eolas breithe Prades, Eanáir 31, 1915
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Bás Bancác, Nollaig 10, 1968
Áit adhlactha Kentucky
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás timpiste (electrocution (en) Aistrigh)
Muintir
Athair Owen Merton
Oideachas
Alma mater Clare College (en) Aistrigh
Ollscoil Columbia
Oakham School (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm diagaire, file, scríbhneoir aistí, dírbheathaisnéisí, iriseoir, gníomhaí síochána, trappist cistercian monk (en) Aistrigh agus sagart Caitliceach
Fostóirí St. Bonaventure University (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin Caitliceachas
Ord Order of Cistercians of the Strict Observance (en) Aistrigh
IMDb nm3073261

Bunainm an tAthair M. Louis ab ea Thomas Merton (31 Eanáir 1915 - 10 Nollaig 1968), manach Caitliceach, file agus scríbhneoir bisiúil a thrácht ar chúrsaí spioradálta agus sóisialta; duine de mhórscríbhneoirí Caitliceacha Mheiriceá Thuaidh sa 20ú haois. An 31 Eanáir 1915 in Prades na Fraince a rugadh, an 10 Nollaig 1968 i mBancác na Téalainne a fuair bás.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Péintéir as an Nua-Shéalainn a bhí ina athair, Owen Merton, agus ball de Chumann na gCairde as Meiriceá a bhí ina mháthair, Ruth Jenkins.

Baisteadh Thomas Merton ina bhall d'Eaglais Shasana. Bhásaigh a mháthair nuair a bhí sé 6 bliana d'aois. San Fhrainc agus i Sasana a cuireadh bunoideachas air.

Tar éis dó bliain a chaitheamh in Ollscoil Cambridge, d’fhreastail sé ar Ollscoil Columbia i gCathair Nua Eabhrac, áit ar ghnóthaigh sé céim B.A. (1938) agus céim M.A. (1939). D'iompaigh sé ina Chaitliceach sa bhliain 1938.

Tar éis dó bliain a chaitheamh ag múineadh Béarla in Ollscoil Columbia (1938-39) agus in ollscoil Bonaventure (1939-41) gar do Olean, Nua-Eabhrac, chuaigh sé isteach i Mainistir Thrapach Ghéatséamini láimh le Louisville, Kentucky. Rinneadh sagart de sa bhliain 1949.

Cailleadh é agus é in aois a 53 bliain le linn comhdhála ar an manachas sa Téalainn nuair a leictreamharaíodh de thaisme é agus é ag teacht amach as an bhfolcadán.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Plaic chuimhneacháin - Louisville, Kentucky.
"Thomas Merton Square", plaic chuimhneacháin i lár Louisville, Kentucky

Scríobh Merton os cionn 60 leabhar agus na scórtha aistí. Cnuasaigh filíochta a bhí ar an gcéad saothar dá chuid a foilsíodh, mar atá Thirty Poems (1944), A Man in the Divided Sea (1946), agus Figures for an Apocalypse (1948). I ndiaidh fhoilsiú The Seven Storey Mountain (1948) thuill sé clú idirnáisiúnta dó féin.

Ábhar spioradálta amháin atá sa chéad saothair óna pheann, ach ó thús na 1960í i leith bhí téamaí sóisialta le sonrú ina chuid scríbhneoireachta agus ina shaothair dheireanacha is léir go raibh léargas ar fhealsúnacht na hÁise agus ar an misteachas aige, tréith neamhchoitianta ag an uair sin i scríbhneoir ón Iarthar.

I 1969, an bhliain tar éis a bháis, foilsíodh My Argument with the Gestapo, saothar a scríobh sé i 1949 agus arb é an t-aon úrscéal leis.

Saothair eile leis is ea The Waters of Siloe (1949), stair na dTrapach; Seeds of Contemplation (1949); The Living Bread, tráchtas ar an Eocairist; agus roinnt foilseachán eile a foilsíodh i ndiaidh a bháis, mar atá cnuasach aistí dar teideal Contemplation in a World of Action (1971), agus The Asian Journal of Thomas Merton (1973).

Foilsíodh seacht imleabhar dá dhialanna príobháideacha agus roinnt imleabhar dá litreacha chomh maith.

As Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’aistríodh dán dar teideal Sa Chiúnas (den díolaim Guthanna Beannaithe an Domhain).[1]

Tuama, Gethsemane (KY) SAM

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Arna bhunú ar "Merton, Thomas", Encyclopaedia Britannica, arna aisghabháil an 8 Lúnasa 2008 ó Encylcopaedia Britannica Online.

Naisc sheachracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Comhcheilg in aghaidh an chiúnais é an t-ollchultúr" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-12-10.