Stefan Heym

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaStefan Heym

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Helmut Flieg
10 Aibreán 1913
Chemnitz, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Nollaig 2001
88 bliana d'aois
Ein Bokek, Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaWeißensee Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Bhundestag na Gearmáine
10 Samhain 1994 – 31 Deireadh Fómhair 1995
Téarma parlaiminte: 13th German Bundestag (en) Aistrigh

President by age (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chicago Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePoblacht Dhaonlathach na Gearmáine
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, úrscéalaí, polaiteoir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1938 –
Ball de pháirtí polaitíochtapolaiteoir neamhspleách Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis agus Béarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Stát Aontaithe
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileGertrude Heym (1943–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinstefan-heym.de Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0382260 Allocine: 718106 Allmovie: p310391
iTunes: 72979992 Musicbrainz: 5739c34b-bc5e-4462-908e-0750cf3d87c8 Discogs: 432079 Deezer: 7511112 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Giúdach Gearmánach a bhí i Stefan Heym (fíorainm: Helmut Flieg) a saolaíodh i Chemnitz ar an 10 Aibreán 1913 agus a fuair bás ar an 16 Nollaig 2001 in Ein Bokek in aice na Mara Mairbhe, Iosrael. Bhain sé clú amach lena chuid saothar Béarla freisin.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

A Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Helmut Flieg ag cur in aghaidh an Naitsíochais ó bhí sé ina stócach óg. Sa bhliain 1931, caitheadh amach as an meánscoil áitiúil i Chemnitz é toisc go raibh sé tar éis dán frithchogaidh a fhoilsiú i nuachtán de chuid na nDaonlathach Sóisialta.

Chríochnaigh sé an mheánscoil i mBeirlín agus thosaigh sé ag staidéar iriseoireachta.

Nuair a shealbhaigh na Naitsithe an chumhacht sa Ghearmáin, áfach, d'éalaigh sé go dtí an tSeicslóvaic agus ghlac sé air an t-ainm nua Stefan Heym.

Sna Stáit Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1935, fuair sé scoláireacht a cheadaigh dó dul go dtí na Stáit Aontaithe le leanúint le staidéar in Ollscoil Chicago. Ansin bhain sé amach a chéim le tráchtas faoi Atta Troll, eipic véarsaíochta le Heinrich Heine. Sna blianta 1937-1939, bhí sé ina eagarthóir ar Deutsches Volksecho ("Macalla Mhuintir na Gearmáine"), nuachtán Gearmáinise a bhí faoi thionchar na gCumannach.

Scheveningen, 1982

I Mí na Samhna 1939, cuireadh deireadh leis an nuachtán, agus thosaigh Heym ag scríobh a chéad úrscéal, Hostages (teideal Gearmáinise: Der Fall Glasenapp). D'éirigh go gleoite leis, nó bhí an-rath ar an leabhar nuair a foilsíodh í.

Bronnadh saoránacht na Stát Aontaithe ar Heym, agus sa bhliain 1943, chuaigh sé chun cogaidh in arm na Stát Aontaithe. Bhí sé sna Ritchie Boys, saighdiúirí Meiriceánacha de phór na Gearmáine a fuair oiliúint i gCamp Ritchie, lárionad na cogaíochta síceolaíche. Go bunúsach, d'fhoghlaim sé scileanna bolscaireachta ansin. Chuaigh na Ritchie Boys i dtír sa Normainn ar an D-Day in éineacht leis na saighdiúirí Meiriceánacha eile, agus chonaic Stefan Heym imeachtaí an "lae ab fhaide" lena shúile cinn chomh maith le duine.

I ndiaidh an chogaidh, bhí Heym ag scríobh sna hirisí Gearmáinise a bhí á bhfoilsiú ag na Meiriceánaigh sa Ghearmáin, ach bhí na húdaráis mhíleata míshásta le dearcadh Heym, ó bhí sé róthuisceanach i leith an Aontais Shóivéadaigh. Mar sin, glaodh ar ais go dtí Meiriceá é. Fuair sé dealú ón arm.

Heym in éineacht le Günter Grass, 1982, Scheveningen, DDR

Chuaigh sé le scríbhneoireacht arís. Sa bhliain 1948, d'fhoilsigh sé a úrscéal mór millteanach faoi chogadh na Meiriceánach sa Ghearmáin - The Crusaders (Der bittere Lorbeer, nó "An Labhras Searbh" an teideal Gearmáinise, ach tháinig an t-úrscéal i gcló sa Ghearmáin faoin teideal dúbailte Kreuzfahrer - Der bittere Lorbeer freisin. Teideal Gearmáinise eile fós ab ea Kreuzfahrer von heute, is é sin, "Crosáidirí an Lae Inniu").

DDR[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1952, thréig Heym na Stáit Aontaithe le teacht slán ó fheachtas frith-Chumannach an tSeanadóra Joseph McCarthy. Chuaigh sé go dtí an tSeicslóvaic ar dtús, ach shocraigh sé síos i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine.

Ar dtús, bhí fáilte mhór sa tír sin roimh Heym, ós rud é gur "intleachtóir frith-Fhaisisteach" a bhí ann. Bhí sé ina shóisialaí san am seo, agus é barúlach gur chóir dó cuidiú le Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine lena chuid scríbhneoireachta. Chuaigh sé i mbun pinn sa tír nua freisin, agus ba é an Béarla bunteanga a chuid leabhar i gcónaí. Bhí a bhean chéile Gertrude Heym ag cur in eagar sraith de leabhair Bhéarla - Seven Seas Books - a bhí á foilsiú i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine, idir aistriúcháin Bhéarla ar litríocht na Poblachta Daonlathaí agus bhunsaothair le scríbhneoirí Sóisialacha na dtíortha Béarla.

Thosaigh deacrachtaí Heym le húdaráis an stáit Shóisialaigh nuair a scríobh sé an t-úrscéal Der Tag X ("An X-Lá", níos deireanaí Fünf Tage im Juni, nó "Cúig Lá i Mí an Mheithimh"). Bhí an leabhar seo ag plé leis an éirí amach ar an 17 Meitheamh 1953. Is éard a bhí i gceist leis an gceannairc seo ná gur éirigh an lucht oibre amach in aghaidh na cumhachta Cumannaí, agus tháinig na tancanna Sóivéadacha chun fortachta do lucht rialtais na Gearmáine Thoir leis an gceannairc a chloí.

Dhiúltaigh an teach foilsitheoireachta an leabhar seo a chur i gcló, nuair a thairg Heym í sa bhliain 1956. Ina dhiaidh sin, thosaigh an scoilt idir lucht rialtais na Gearmáine Thoir agus Stefan Heym ag dul i leithead. Sa bhliain 1965, thug Erich Honecker, rúnaí ginearálta Lárchoiste Pháirtí Sóisialach Aontais na Gearmáine agus an fear ba mhó cumhachta sa Ghearmáin Thoir, óráid d'Ard-Fheis an pháirtí inar chaith sé anuas go brúidiúil ar Stefan Heym. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, chuir an páirtí cosc le foilsiú scríbhinní Heym sa Ghearmáin Thoir, agus nuair a d'fhoilsigh Heym a úrscéal Lassalle ar an gcoigríoch, fíneáladh é. Mar sin féin, bhí cead ag Heym i gcónaí taisteal a dhéanamh, mar bhall de scothaicme na tíre. Mar shampla, chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe sa bhliain 1978 le sraith léachtaí a thabhairt, agus tháinig sé ar ais go múinte.

Heym i mBeirlín sa bhliain 1989

I dtús na seachtóidí, baineadh an cosc de scríbhinní Heym ar dtús, agus fuair sé cead na húrscéalta Lassalle agus Der König David Bericht ("An tuarascáil faoin Rí Dáiví") a fhoilsiú. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh an chinsireacht i bhfeidhm arís, agus níor cuireadh saothar Heym i gcló sa Ghearmáin Thoir sular tháinig deireadh leis an rialtas Cumannach sa bhliain 1989.

Sa bhliain 1976, bhí Heym ar dhuine acu siúd a cháin rialtas na Gearmáine Thoir nuair a ruaigeadh an t-amhránaí polaitiúil Wolf Biermann as an tír. Ina dhiaidh sin, d'fhoilsíodh sé a chuid saothar san Iarthar. Faoin am seo, bhí sé éirithe as an mBéarla mar phríomhtheanga scríbhneoireachta, agus é ag déanamh a shaothair liteartha trí mheán na Gearmáinise.

Sa bhliain 1979, chaill Heym a bhallraíocht i gcumann oifigiúil na scríbhneoirí, i ndiaidh dó Collin a fhoilsiú san Iarthar. Úrscéal é Collin a chaitheann súil ar na coimhlintí inmheánacha sa Ghearmáin Thoir. Scríbhneoir is ea Hans Collin, príomhlaoch an úrscéil, agus é tar éis clú agus cáil a bhaint amach sa Ghearmáin Thoir. Tugann an t-úrscéal cur síos ar a shaol sa tír Shóisialach, ar an dóigh ar ghlac sé páirt i gCogadh Cathartha na Spáinne ar nós idéalaigh chlé a linne, agus ar an taom croí a bhuaileann é anois agus a chuireann d'fhiacha air marana a dhéanamh ar chiall a shaoil.

Sna hochtóidí, bhí Heym ag tacú le gluaiseacht na gceart sibhialta sa Ghearmáin Thoir, agus nuair a thosaigh na léirsithe in aghaidh na deachtóireachta i bhfómhar na bliana 1989, bhí Heym ag óráidíocht os comhair na sluaite. I Mí na Samhna 1989, fuair sé ar ais a bhallraíocht i gcumann na scríbhneoirí.

Sa Ghearmáin Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh aontú na Gearmáine, bhí Heym míshásta le chomh dona agus a bhí muintir an Oirthir as i gcomparáid le muintir an Iarthair, agus sa pholaitíocht, bhí sé i gcónaí den tuairim go raibh gá leis an dara rogha, leis an Sóisialachas, go fóill, agus an caipitleachas tar éis iomlán na tíre a ghabháil. In olltoghcháin na bliana 1994, bhí sé ina iarrthóir neamhspleách ar liosta an PDS - ba é an PDS, nó Páirtí an tSóisialachais Dhaonlathaigh, an t-ainm a bhaist páirtí Cumannach na Gearmáine Thoir (is é sin, an SED nó Sozialistische Einheitspartei Deutschlands - "Páirtí Sóisialach Aontais na Gearmáine") air féin i ndiaidh imeacht an chórais Chumannaigh. Mar sin, is éard a bhí i gceist leis an bpáirtí a raibh sé ina iarrthóir dó ná iarsmaí an pháirtí Chumannaigh a bhí á ghéarleanúint tráth den tsaol.

Der Konig David Bericht

Vótáladh Heym isteach ar an mBundestag, agus ó ba eisean an Feisire ba sine sa Pharlaimint, thug seisean óráid tionscnaimh an reachtais nua. Bhí an óráid ina cnámh spairne, nó bhí feisirí na heite deise míshásta le tuairimí polaitiúla Heym. Níor thoiligh siad, fiú, le hóráid Heym a chur i gcló i bhfeasachán an Bhundestag.

D'éirigh Heym as sa bhliain 1995 mar agóid in aghaidh leasú bunreachta le pá na bhfeisirí a ardú. Sa bhliain 1997, bhí sé ar dhuine acu siúd a shínigh "Forógra Erfurt", nó Erfurter Erklärung. San fhorógra seo, bhí intleachtóirí agus ealaíontóirí ón eite chlé ag éileamh ar na Daonlathaigh Shóisialta, na Sóisialaigh Dhaonlathacha agus na Glasaigh comhoibriú a dhéanamh in aghaidh an chaipitleachais.

Sa bhliain 2001, fuair Heym bás le taom croí in Iosrael, áit a raibh sé ag glacadh páirte i seimineár faoi shaol agus shaothar Heinrich Heine.

Uaimh

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Béarla[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Nazis in U.S.A., Nua-Eabhrac 1938
  • Hostages, Nua-Eabhrac 1942. Leagan Gearmáinise: Der Fall Glasenapp ("Scéal Glasenapp"), Leipzig 1958
  • Of smiling peace, Bostún 1944
  • The Crusaders, Bostún 1948. Leagan Gearmáinise le Werner von Gruenau: Der bittere Lorbeer ("An Labhras Searbh"), Leipzig 1950. Tháinig an leabhar i gcló faoin teideal Kreuzfahrer von heute ("Crosáidirí an Lae Inniu"). Sa bhliain 2005, d'fhoilsigh an teach foilsitheoireachta BTB-Verlag i München an t-úrscéal seo faoin teideal dúbailte Kreuzfahrer - Der bittere Lorbeer.
  • The Eyes of Reason, Bostún 1951. Leagan Gearmáinise le hEllen Zunk: Die Augen der Vernunft, Leipzig 1955
  • Goldsborough, Leipzig 1953. Leagan Gearmáinise leis an údar féin: Goldsborough, Leipzig 1953
  • The Cannibals and Other Stories, Beirlín 1958. Leagan Gearmáinise leis an údar agus Ellen Zunk: Die Kannibalen und andere Erzählungen, Leipzig 1953
  • The Cosmic Age, Deilí Nua 1959. Leagan Gearmáinise: Das kosmische Zeitalter, Beirlín 1959
  • Shadows and Lights, Londain 1963. Leagan Gearmáinise: Schatten und Licht, Leipzig 1960
  • The Lenz Papers, Londain 1964. Leagan Gearmáinise: Die Papiere des Andreas Lenz, Leipzig 1963, athfhoilsithe mar Lenz oder die Freiheit ISBN 3-442-07103-8
  • The Architects scríofa sna blianta 1963-1965, gan foilsiú, leagan Gearmáinise: Die Architekten, München 2000
  • Uncertain Friend, Londain 1969. Leagan Gearmáinise: Lassalle, München 1969
  • The King David Report, Nua-Eabhrac 1973. Leagan Gearmáinise: Der König-David-Bericht, München 1972
  • The Queen against Defoe, Londain 1975. Leagan Gearmáinise: Die Schmähschrift oder Königin gegen Defoe, Zürich 1970

Gearmáinis[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tom Sawyers großes Abenteuer ("Eachtra Mhór Tom Sawyer"), Halle (Saale) 1953 (in éineacht le Hanus Burger)
  • Forschungsreise ins Herz der deutschen Arbeiterklasse ("Turas Taiscéalaíochta isteach i gCroí an Lucht Oibre sa Ghearmáin"), Beirlín 1953
  • Goldsborough, Leipzig 1953
  • Reise ins Land der unbegrenzten Möglichkeiten ("Cuairt ar Thír na bhFéidearthachtaí Neamhtheoranta"), Beirlín 1954
  • Im Kopf - sauber ("Istigh san Inchinn - agus sin go glan"), Leipzig 1955
  • Offen gesagt ("Ag Labhairt go hOscailte"), Beirlín 1957
  • Fünf Kandidaten ("Cúigear Iarrthóirí") Beirlín 1957
  • Schatten und Licht. Geschichten aus einem geteilten Land ("Scáil agus Solas. Scéalta as Tír faoi Dheighilt") Leipzig: List, 1960
  • Casimir und Cymbelinchen ("Casimir agus Cymbelinchen") Beirlín 1966
  • Lassalle, München 1969
  • Der König David Bericht ("An Tuairisc faoin Rí Dáiví") München 1972
  • Fünf Tage im Juni ("Cúig Lá i Mí an Mheithimh") München 1974
  • Cymbelinchen oder der Ernst des Lebens ("Cymbelinchen, nó: Dáiríreacht an tSaoil") Gütersloh 1975
  • Das Wachsmuth-Syndrom ("Siondróm Wachsmuth"), Beirlín 1975
  • Erzählungen ("Scéalta"), Beirlín 1976
  • Erich Hückniesel und das fortgesetzte Rotkäppchen Beirlín 1977
  • Die richtige Einstellung und andere Erzählungen München 1977
  • Kreuzfahrer von heute, dhá imleabhar, teach foilsitheoireachta Der Morgen 1978
  • Collin, München 1979
  • Der kleine König, der ein Kind kriegen mußte und andere neue Märchen für kluge Kinder München 1979
  • Wege und Umwege München 1980
  • Ahasver München 1981
  • Atta Troll. Versuch einer Analyse. München 1983
  • Nachdenken über Deutschland An Bhruiséil 1984 (in éineacht le Günter Grass)
  • Schwarzenberg, München 1984
  • Reden an den Feind, München 1986
  • Nachruf, München 1988
  • Meine Cousine, die Hexe und weitere Märchen für kluge Kinder, München 1989
  • Auf Sand gebaut, München 1990
  • Stalin verlässt den Raum, Leipzig 1990
  • Einmischung, München 1990
  • Filz, München 1992
  • Radek, München 1995
  • Der Winter unsers Missvergnügens, München 1996
  • Immer sind die Weiber weg und andere Weisheiten, Düsseldorf 1997
  • Pargfrider, München 1998
  • Stefan Heym im Gespräch mit Dirk Sager, Beirlín 1999
  • Die Architekten, München 2000
  • Es gibt Ideen, die Jahrtausende überstehen, Winsen/Luhe 2001 (in éineacht le Michael Martens)
  • Immer sind die Männer schuld, München 2002
  • Offene Worte in eigener Sache, München 2003