Cicearó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cicearó
M-T-Cicero.jpg
gobharnóir Rómhánach

51 "BCE" - 50 "BCE"
mathmharc

53 "BCE" - 43 "BCE"
Consal Rómhánach

63 "BCE" - 63 "BCE"
praetor (en) Aistrigh

66 "BCE" - 66 "BCE"
plebeian aedile (en) Aistrigh

69 "BCE" - 69 "BCE"
quaestor (en) Aistrigh

75 "BCE" - 75 "BCE"
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe

unknown value - 43 "BCE"
Saol
Eolas breithe Arpino (en) Aistrigh, Eanáir 3, 106 "BCE"
Náisiúntacht An tSean-Róimh
Grúpa eitneach Roman people (en) Aistrigh
Bás Formia (en) Aistrigh, Nollaig 7, 43 "BCE"
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás dúnmharú (decapitation (en) Aistrigh)
Muintir
Athair Marcus Tullius Cicero
Máthair Helvia
Céile/Céilí Terentia (en) Aistrigh  (79 "BCE" -  46 "BCE")
Publilia (en) Aistrigh  (unknown value -  45 "BCE")
Páistí
Siblíní
Treibh Tullii Cicerones (en) Aistrigh
Oideachas
Teangacha An Laidin
An tSean-Ghréigis
Múinteoirí Antiochus of Ascalon (en) Aistrigh
Philo of Larissa (en) Aistrigh
Apollonius Molon (en) Aistrigh
Lucius Aelius Stilo Praeconinus (en) Aistrigh
Tyrannion of Amisus (en) Aistrigh
Mic léinn Servius Sulpicius Rufus (en) Aistrigh
Trebatius Testa (en) Aistrigh
Gairm
Gairm fealsamh, file, political theorist (en) Aistrigh, saineolaí dlí, cainteoir poiblí, scríbhneoir, dlíodóir, Ancient Roman priest (en) Aistrigh, Ancient Roman politician (en) Aistrigh, Ancient Roman military personnel (en) Aistrigh agus polaiteoir
Saothar iomráiteach De Oratore (en) Aistrigh
De re publica (en) Aistrigh
De Legibus (en) Aistrigh
De Officiis (en) Aistrigh
De Inventione (en) Aistrigh
Catiline Orations (en) Aistrigh
Philippicae (en) Aistrigh
Duais
Ballraíocht Cornelia (en) Aistrigh
Gluaiseacht Academic skepticism (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin ancient Roman religion (en) Aistrigh

Ba státaire, dlíodóir, teoiriceoir polaitiúil agus fealsamh Rómhánach é Marcus Tullius Cicero[1] (3 Eanáir, 106 RC - 7 Nollaig, 43 RC).

Glactar go forleathan leis mar dhuine de na príomh-óráidithe Laidine agus de na scríbhneoirí móra sa teanga, agus is clasaicigh iad a chuid aistí.[2][3] Tá sé ina bhun-údar ag an bprós Rómhánach; dá bharr sin tá a chuir saothar pinn mar bhunús ag formhór litríocht na hEorpa le dhá mhíle bliain. Níorbh fhéidir a stíl a shárú ar ghontacht, ar shoiléireacht, ar áilneach, ar oiriúnacht.

Is gnéithe buana den oidhreacht a d'fhág Cicearó iad oiriúnú na Laidine chun coincheapa fealsúnachta a tháinig ó na Gréagaigh a chur in iúl agus, go háirithe, an ról atá ag an dlí nádúrtha i smaointeoireacht an Iarthair maidir leis an moráltacht, leis an dlí agus leis an bpolaitíocht.[4]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Marcus Tullius Cicearó ar 3 Eanáir, 106 RC in Arpinum (Arpino an lae inniu), baile cnoic deas 100 ciliméadar (70 míle) aneas ón Róimh.

I gcúrsaí polaitíochta bhí Cicearó ag dul go tréan ar son na Poblachta agus in aghaidh na deachtóireachta.

Táinseamh Chatilína, le Cesare Maccari, 1882–88

Táinseamh Chatilína[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a rinne Lucius Sergius Catilina iarracht cumhacht a shealbhú agus deireadh a chur le poblacht na Róimhe, ba é Cicearó a chuir faoi chois an chomhcheilg seo le feabhas a reitrice agus a óráidíochta.

The Vengeance of Fulvia le Francisco Maura y Montaner, 1888

Chreid Cicearó go gcuimhneofaí go deo air as an Róimh a thabhairt slán ó dhream creachadóirí is rachmasóirí den uasalaicme.[2] Chonaiceadar siúd lena gcumhacht féin a bhuanú is bunreacht na cathrach a threascairt. Is le beart a chuid óráidíochta mar atá le fáil i dTáinseamh Chatilina, d’éirigh le Cicearó a gcomhcheilg i gcoinne na Stát a thabhairt chun solais is lucht na comhcheilge a chur chun báis.

Fulvia ag útamáil le ceann Cicearó

Iúil Caesar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh Cicearó róchairdiúil le Caesar ach an oiread, ó nár thaitin deachtóireacht Caesar leis, mar phoblachtánach.

Bású[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn an chogaidh chathartha i ndiaidh bhás Caesar, chuir Cicearó in aghaidh Marcus Antonius. Faraor d'fhág a dhearcadh polaitiúil san fhaopach é agus mar sin, feallmharaíodh é, ar ordú ó Antonius. Baineadh an cloigeann de ar 7 Nollaig 43 RC, agus in aois 63 bliain dó ag an am

De oratore le Cicearó, 1400idí

Fealsúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Cicearó a chuir príomhscoileanna na fealsúnachta Gréagaí in aithne do mhuintir na Róimhe, agus ba spreagadh dó teanga na bhfealsún Gréagach téarmaí nua a chumadh le haghaidh lucht labhartha na Laidine.

Chuir Chicearó coincheap “Humanitas” (cineáltas daonna agus caoinbhéasa morálta) leis na seansuáilcí Rómhánacha “Pietas” (diagacht) agus “Gravitas” (dínit),[5]

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí tionchar Chicearó ar fhorbairt agus ar stíl a theanga chomh mór millteanach is go n-úsáideann a lán teangacha Eorpacha i gcónaí téarmaí Laidine a tháinig ó pheann Chicearó: focail de chuid Chicearó iad humanitas (daonnacht), qualitas (cáilíocht), quantitas (cainníocht) agus essentia (eisint, bunbhrí, bunchiall, éirim an scéil), mar shampla.

Dealbh de Cicearó atá déanta as marmar

Deirtear gurbh iad litreacha Chicearó, ar tháinig Francesco Petrarca, an file Iodálach a dtugtar "athair an daonnachais" air, orthu, - gurbh iad na litreacha seo a chuir tús leis an Renaissance san Iodáil. Dúirt an scoláire Polannach Tadeusz Zieliński gurbh é an rud a bhí i gceist leis an Renaissance ná gur chuir na daoine suim nua i saothar Chicearó, agus nár tháinig athbheochan na seanársaíochta clasaicí - an chultúir shean-Rómhánaigh agus shean-Ghréagaigh - ach sna sálaí ag athbheochan Chicearó.

Chuaigh saothar Chicearó i bhfeidhm ar smaointeoirí na hochtú haoise déag ach go háirithe, cosúil le Montesquieu, David Hume, agus John Locke. Inniu féin is é saothar Chicearó an fhoinse is cuimsithí dá bhfuil againn ar imeachtaí agus ar chultúr na sean-Róimhe roimh ré na n-impirí.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Scrúdaigh ár n-Ollamh W.N. Osborough an chaoi ar luadh saothair de chuid Chicearó agus de chuid údar clasaiceach eile ag na breithiúna, i measc na n-ábhar a phléitear ina leabhar, Literature, Judges and the Law (Four Courts Press, 2008).[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tully an leagan a úsáideann sean-údair Bhéarla
  2. 2.0 2.1 Dómhnall Ó Mathghamhna, 1928 (athfhoilsiú: Risteárd Mac Annraoi, 2020). "Táinseamh Chatilína" (ga). Aistriú Litríochta. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  3. Marcas Túillias Cicearó agus Risteárd Mac Annraoi (2020-11-14). "Táinseamh Chatilína" (ga). Litríocht. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  4. Scoil Dlí COBÁC. "M Tullius Cicero (106 - 43 av. J.-C.)" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  5. education.ie. "Teastas Sóisearach -TREOIRLÍNTE DO MHÚINTEOIRÍ" (ga). yumpu.com. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  6. W. N. Osborough (2008). "Literature, Judges and the Law" (in en). Four Courts Press.