Cosc ar Alcól sna Stáit Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Toirmeasc an óil in SAM)
Gníomhaí ag scriosadh fleascáin d'alcól (Chicago, 1921)


Bhí Cosc ar Alcól sna Stáit Aontaithe ó 1920 go dtí 1933. Tháinig an tOchtú Leasú Déag i bhfeidhm ar 30 Meitheamh 1920. Thoirmeasc an dlí díol agus táirgeadh deochanna meisciúla. Bhí feidhm ag an reacht seo go dtí 22 Márta 1933, nuair a aisghairmtear an reacht.

Déanann An Ré Toirmeasc tagairt don tréimhse seo i stair SAM nuair a rinne na húdaráis iarracht cosc a chur ar alcól. Bhí cosc ar díolachán, déantúsaíocht, agus tomhaltas alcól curtha i bhfeidhm de réir an Ocht Leasú Déag de Bhunreacht Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Vótáil an Seanad ar son an leasú ar an mbunreacht don chéad uair ar an 1 Lúnasa 1917. Bhí eagraíochtaí reiligiúnach agus pholaitiúla ann ag lorg toirmeasc an óil a chur i bhfeidhm, agus vótáil na Poblachtaigh agus na Daonlathaithe don leasú.

Gardaí i Detroit ag scrúdú fairis a bhí aimsithe acu i ngrúdlann fholaitheach, a bhí faoi thalamh, le linn ré an toirmisc.

Spreag an Toirmeasc laghdú ar an ólachán[1]. Ag an am céanna, deirtear gur spreag sé breabaireacht i measc oifigigh péas agus rialtais. Seo aimsir na 'bootleggers' agus na drongadóirí, ar nós Al Capone agus Bugs Moran. Faoin bhliain 1927, bhí thart 30,000 síbín, no speakeasies, sa tír, líon dhá oiread níos mó ná an méid tithe tábhairne dleathacha a bhí ann roimh an Toirmeasc.

Chuir an Toirmeasc go suntasach le heacnamaíocht na dtíortha máguaird. Deirtear gur shábháil sé na Bahámaí ón chlisiúnas.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. "Did Prohibition Really Work?", NIH.gov (2006), agus "Actually, Prohibition Was a Success" , NY TImes, (1989)