Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Chéadaoin , 22 Iúil 2026 (UTC) – Athnuaigh an leathanach
Is é an 1 Márta an 60ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra no an 61ú lá i mbliain bhisigh.Tá 305 lá fágtha sa bhliain.
Inniu féile náisiúnta sa Bhreatain Bheag agus Lá Fhéile Dáibhí , éarlamh na Breataine Bige.
589 – Cailleadh Naomh Dáibhí , éarlamh na Breataine Bige (r.500 )
1780 – Ba é Pennsylvania an chéad stát i Meiriceá a chuir deireadh le sclábhaíocht
1810 – Rugadh Frédéric Chopin , pianódóir Pollanach (b.1849 )
1932 – Fuadaíodh mac óg Charles agus Anne Lindbergh
1940 – Rugadh Nuala Ó Faoláin , iriseoir, léiritheoir teilifíse agus údar Éireannach (b.2008 )
1952 – Rugadh Martin O'Neill , bainisteoir sacair
1994 – Fuarthas Fred West ciontach as beirt bhan a dhúnmharú nuair a fuarthas coirp eile ina ghairdín
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 2 Márta an 61ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra no an 62ú lá i mbliain bhisigh.Tá 304 lá fágtha sa bhliain.
1810 – Rugadh Pápa Leo XIII , pápa (b.1903 )
1855 – Cailleadh Nioclás I , impire de chuid na Rúise (r.1796 )
1930 – Cailleadh D. H. Lawrence , scríbhneoir (r.1885 )
1931 – Rugadh Mikhail Gorbachev , ceannaire na Rúise
1942 – Rugadh Lou Reed , ceoltóir
1947 – Rugadh Harry Redknapp , bainisteoir agus iar-imreoir sacair
1948 – Rugadh Rory Gallagher , giotáraí Éireannach (b.1995 )
1979 – Rugadh Damien Duff , imreoir sacair
1979 – Cailleadh Christy Ring , 58, iománaí (r.1920 )
1999 – Cailleadh Dusty Springfield , amhránaí (r.1939 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 3 Márta an 62ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra no an 63ú lá i mbliain bhisigh.Tá 303 lá fágtha sa bhliain.
1820 – Ghlac Comhdháil na Stát Aontaithe le Comhghéilleadh Missouri .
1847 – Rugadh Alexander Graham Bell , múinteoir, eolaí agus aireagóir Albanach (b.1922 )
1926 – Rugadh Lys Assia , amhránaí
1952 – Rugadh Dermot Morgan , fuirseoir agus aisteoir Éireannach (b.1998 )
1969 – Lainseáladh Apollo 9 sa spás
1977 – Rugadh Ronan Keating , amhránaí Éireannach
1979 – Rugadh Albert Jorquera , imreoir sacair
1985 – Rugadh Sammy Morrow , imreoir sacair
1987 – Cailleadh Danny Kaye , aisteoir, amhránaí, fuirseoir (r.1911 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 4 Márta an 63ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra no an 64ú lá i mbliain bhisigh.Tá 302 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá Chairte (Charter Day, 1681 ) i bPennsylvania agus Lá Iontrála (Admission Day , 1791 ) i Vermont .
1678 – Rugadh Antonio Vivaldi , cumadóir (b.1741 )
1778 – Rugadh Robert Emmet , ceannaire réabhlóideach Éireannach (b.1803 )
1898 – Rugadh Emmet Daltún , réabhlóidí Éireannach (b.1978 )
1932 – Rugadh Miriam Makeba , amhránaí (b.2008 )
1954 – Rugadh François Fillon , polaiteoir agus Príomh-Aire na Fraince
1964 – Rugadh Brian Mac Amhlaidh , polaiteoir Éireannach
1975 – Déanadh ridire de Charlie Chaplin ag searmanas as Pálás Buckingham
1977 – Léirigh an Russian Imperial Ballet "Swan Lake" don chéad uair i Moscó
1977 – Maraíodh 1,570 duine i Búcairist de bharr crith talún
1994 – Cailleadh John Candy , fuirseoir agus aisteoir (r.1950 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 5 Márta an 64ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra nó an 65ú lá i mbliain bhisigh. Tá 301 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá Fhéile Piran (Naomh Ciarán) i gCorn na Breataine
1133 – Rugadh Anraí II , rí Shasana (b.1189)
1496 – D'eisigh Anraí III Shasana litreacha paitinne a thug cead taiscéalaíochta do John Cabot agus dona mhic
1770 – Sléacht Bhostún inar mharaigh saighdiúirí Briotanacha cúigear sibhialtach
1815 – Cailleadh Franz Mesmer , lia agus astralaí Gearmánach (r.1734 )
1827 – Cailleadh Alessandro Volta , eolaí agus fisiceoir Iodálach (r.1745 )
1870 /1 – Rugadh Rosa Luxemburg , fealsúnaí sóisialach Gearmánach (b.1919 )
1953 – Rugadh Brian Kerr , bainisteoir sacair
1953 – Cailleadh Iósaf Stailín , réabhlóidí agus ceannaire an Aontais Shóivéadaigh (r.1878 )
1956 – Sheas Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe leis an gcosc ar leithlisiú ciníocha i scoileanna stáit, coláistí agus ollscoileanna
1960 – Tháinig Elvis Presley abhaile tar éis dó a bheith in arm Mheiriceá ar feadh dhá bhliain
1963 – Cailleadh Patsy Cline , amhránaí Meiriceánach, i dtuairt eitleáin (r.1932 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 6 Márta an 65ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra no an 66ú lá i mbliain bhisigh. Tá 300 lá fágtha sa bhliain.
1475 – Rugadh Michelangelo , ealaíontóir (b.1564 )
1918 – Cailleadh Seán Mac Réamainn , polaiteoir Éireannach (r.1856 )
1930 – Chuaigh an chéad bheatha reoite de chuid Clarence Birdseye ar díol i Springfield , Massachusetts
1935 – Rugadh Ronnie Delaney , lúthchleasaí Éireannach
1939 – Rugadh Kit Bond , polaiteoir Meiriceánach
1982 – Rugadh J. J. Ó Dúláinne , imreoir iománaíochta
1984 – Rugadh Daniël de Ridder , imreoir sacair
1988 – Mharaigh SAS na Breataine triúr ball den IRA i nGiobráltar
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 7 Márta an 66ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra no an 67ú lá i mbliain bhisigh.Tá 299 lá fágtha sa bhliain.
1274 – Cailleadh Tomás ó Aquino , sagart agus fealsamh (r.~1225)
1629 – Cailleadh Johann Bayer , réalteolaí Gearmánach (r.1572 )
1875 – Rugadh Maurice Ravel , cumadóir ceoil Francach (b.1937 )
1906 – Thug an Fhionlainn cead do mhná vótáil
1926 – Tharla an chéad chomhrá tras-Atlantach idir Nua-Eabhrac agus Londain
1960 – Rugadh Ivan Lendl , imreoir leadóige
1977 – Rugadh Ronan O'Gara , imreoir rugbaí Éireannach
1999 – Cailleadh Stanley Kubrick , stiúrthóir scannáin (r.1928 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 8 Márta an 67ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 68ú lá i mbliain bhisigh. Tá 298 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan .
1700 – Rugadh Anne Bonney , foghlaí mara (b.t.1782)
1702 – Cailleadh Liam III Shasana , rí Shasana (r.1650 )
1859 – Rugadh Kenneth Grahame , údar Sasanach (b.1932 )
1874 – Cailleadh Millard Fillmore , 74, 13ú Uachtarán na Stát Aontaithe (r.1800 )
1929 – Rugadh Hebe Camargo , aisteoir agus amhránaí Brasaíleach
1930 – Cailleadh William H. Taft , 62, 27ú Uachtarán na Stát Aontaithe (r.1857 )
1985 – Maraíodh 80 duine agus gortaíodh 200 duine eile nuair phléasc buama cairr i mBéiriút na Liobáine
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 9 Márta an 68ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra no an 69ú lá i mbliain bhisigh. Tá 297 lá fágtha sa bhliain.
1877 – Rugadh Emil Abderhalden , bithcheimiceoir agus fiseolaí Eilvéiseach (b.1950 )
1934 – Rugadh Yuri Gagarin (pictiúr), spásaire Sóivéadach (b.1968 )
1943 – Rugadh Robert James "Bobby" Fischer , ficheallaí (b.2008 )
1954 – Rugadh Roibeard Gearóid Ó Seachnasaigh (Bobby Sands ), poblachtánach (b.1981 )
1973 – Caitheann muintir Thuaisceart Éireann vóta le fanacht mar chuid den Ríocht Aontaithe
1976 – Maraíodh 42 duine, leanaí ina measc, nuair a bhriseann an cábla ar charr cábla san Iodáil
1995 – Tugann an Bhanríon agus Diúic Dhún Éideann cuairt ar Thuaisceart Éireann
1996 – Cailleadh Oilibhéar Breathnach , imreoir agus bainisteoir iománaíochta (r.1937 )
1997 – Cailleadh The Notorious B.I.G. , ceoltóir Meiriceánach (r.1972 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 10 Márta an 69ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra no an 70ú lá i mbliain bhisigh. Tá 296 lá fágtha sa bhliain.
1845 – Rugadh Alastair III , sár na Rúise (b.1894 )
1881 – Rugadh Piaras Béaslaí , scríbhneoir Gaeilge agus saighdiúir (b.1965 )
1883 – Rugadh Pádraig Ó Siochfhradha ("An Seabhac") , scríbhneoir agus múinteoir (b.1964 )
1928 – Rugadh James Earl Ray , feallmharfóir Martin Luther King (b.1998 )
1947 – Rugadh Dónal Lunny (pictiúr), ceoltóir Éireannach
1952 – Rugadh Morgan Tsvangirai , polaiteoir agus Príomhaire na Siombáibe
1957 – Rugadh Osama bin Laden
1968 – Cailleadh Donnchadha Ó Máille , 46, polaiteoir agus Aire Oideachais na hÉireann (r.1921 )
1969 – Tugadh téarma príosún 99 bliain do James Earl Ray as Martin Luther King a fheallmharú
1973 – Maraíodh oifigigh ón mBreatain i mBeirmiúda
1985 – Cailleadh Konstantin Chernenko , Ard-Rúnaí ar Pháirtí Cumannach an APSS (r.1911 )
1990 – Ghearr cúirt i mBagdad san Iaráic pianbhreith báis ar iriseoir, Farzad Bazoft
2005 – Cailleadh Dave Allen , fuirseoir Éireannach (r.1936 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 11 Márta an 70ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 71ú lá i mbliain bhisigh. Tá 295 lá fágtha sa bhliain.
1722 – Cailleadh John Toland , fealsamh Éireannach (r.1670 )
1857 – Rugadh Tomás Ó Cléirigh , réabhlóidí Éireannach (b.1916 )
1936 – Rugadh Harald zur Hausen , lia Gearmánach
1952 – Rugadh Douglas Adams , scríbhneoir Sasanach (b.2001 )
1953 – Rugadh Máire Ní Áirne , polaiteoir Éireannach
1969 – Cailleadh John Wyndham , scríbhneoir Sasanach (r.1903 )
1974 – D'éalaigh beirt spiadóirí de chuid Rialtas na Breataine as príosún in Éirinn
1976 – Rugadh Thomas Gravesen , imreoir sacair Danmhargach
1978 – Rugadh Didier Drogba , imreoir sacair ón gCósta Éabhair
2001 – Tháinig cásanna nua den ghalar crúb agus béil chun cinn i Sasana
2006 – Cailleadh Slobodan Milošević , Uachtarán na Seirbia (r.1941 )
2011 – Bhuail crith talún cumasach agus súnámaí oirthear na Seapáine
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 12 Márta an 71ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 72ú lá i mbliain bhisigh. Tá 294 lá fágtha sa bhliain.
1685 – Rugadh George Berkeley , fealsamh Éireannach (b.1753 )
1881 – Rugadh Väinö Tanner , Príomh-Aire na Fionlainne (b.1966 )
1922 – Rugadh Jack Kerouac , scríbhneoir agus péintéir Meiriceánach (b.1969 )
1925 – Cailleadh Sun Yat-sen , ceannaire Síneach (r.1866 )
1948 – Cailleadh George Noble Plunkett, an Cunta Pluincéad , náisiúnaí Éireannach (r.1851 )
1968 – Rugadh Aaron Eckhart , aisteoir Meiriceánach
1969 – Phós Paul McCartney agus Linda Eastman i Londain
1993 – Maraíodh beagnach 200 duine nuair a phléasc buamaí i Mumbai san India
1994 – D'oirnigh Eaglais Shasana sagairt baineanna don céad uair
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 13 Márta an 72ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 73ú lá i mbliain bhisigh. Tá 293 lá fágtha sa bhliain.
1593 – Rugadh Georges de la Tour , péintéir Francach (b.1652 )
1881 – Cailleadh Alastair II , impire na Rúise (r.1818 )
1901 – Cailleadh Benjamin Harrison , 67, 23ú uachtarán na Stát Aontaithe (r.1833 )
1957 – Rugadh Patricia McKenna , polaiteoir Éireannach
1961 – Cuireadh i leith triúir fear agus beirt bhan as an mBreatain a bhí ag spiaireacht do Mhoscó
1996 – Maraíodh 16 leanbh nuair a déanadh sléacht i scoil i nDùn Bhlàthain san Albain
1998 – Cailleadh Hans von Ohain , innealtóir (r.1911 )
2006 – Cailleadh Jimmy Johnstone , 61, imreoir sacair (r.1944 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 14 Márta an 73ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 74ú lá i mbliain bhisigh. Tá 292 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Howaito dē (ホワイトデー) sa tSeapáin .
1820 – Rugadh Vittorio Emanuele II na Saváí , Rí na hIodáile (b. 1878 )
1835 – Rugadh Giovanni Schiaparelli , réalteolaí Iodálach (b. 1910 )
1877 – Cailleadh Juan Manuel de Rosas , polaiteoir Airgintíneach (r. 1793 )
1879 – Rugadh Albert Einstein , fisiceoir (b. 1955 )
1883 – Cailleadh Karl Marx , athair an chumannachais (r. 1818 )
1933 – Rugadh Michael Caine , aisteoir Sasanach
1964 – Daoradh chun báis Jack Ruby as Lee Harvey Oswald a dhúnmharú. Tarraingíodh siar an cinneadh sin agus chaith sé an chuid eile dá shaol sa phríosún
1984 – Lámhachadh agus gortaíodh Uachtarán Shinn Féin , Gerry Adams , i gcroílár Bhéal Feirste
2018 – Cailleadh Stephen Hawking , fisiceoir Sasanach (r. 2018 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 15 Márta an 74ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 75ú lá i mbliain bhisigh. Tá 291 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Idus Martias sa tSean-Róimh , agus Lá na mBunreachta sa Bhealarúis .
44 RC – Cailleadh Iúil Caesar , polaiteoir sa tSean-Róimh (r.100 RC)
1493 – Tháinig Críostóir Colum an chéad uair ar ais ó Mheiriceá
1767 – Rugadh Andrew Jackson , 7ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1845 )
1813 – Rugadh John Snow , lia Sasanach (b.1858 )
1852 – Rugadh Lady Gregory , drámadóir agus béaloideasóir Angla-Éireannach (b.1932 )
1937 – Cailleadh H. P. Lovecraft , scríbhneoir (r.1890 )
1969 – Rugadh Pat Fenlon , bainisteoir agus iar-imreoir sacair
1981 – Scaoileadh saor na daoine a bhí á gcoinneáil ina aghaidh a dtolla ar eitleán ag ceannaircigh ón bPalaistín
1990 – Chuir údaráis san Iaráic chun bás Farzad Bazoft , iriseoir de chuid The Observer
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 16 Márta an 75ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 76ú lá i mbliain bhisigh. Tá 290 lá fágtha sa bhliain.
37 – Cailleadh Tiberius Claudius Nero Caesar , impire Rómhánach (r.46 RC )
1534 – Chuir an Bhreatain deireadh leis an gcaidreamh a bhí eatarthu agus an Eaglais Chaitliceach
1751 – Rugadh James Madison , 4ú uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá (b.1836 )
1789 – Rugadh Georg Ohm , eolaí Gearmánach (b.1854 )
1930 – Cailleadh Miguel Primo de Rivera , deachtóir míleata Spáinneach (r.1870 )
1953 – Rugadh Richard Stallman , gníomhaíoch ar son saoirse na mbogearraí
1959 – Rugadh Jens Stoltenberg , polaiteoir agus eacnamaí Ioruach
1966 – Láinseáileadh Gemini 8 le Neil Armstrong agus David Scott
1978 – Fuadaíodh iar-Phríomh Aire na hIodáile Aldo Moro sa Róimh
1988 – Mharaigh gunnadóir triúr agus ghortaigh sé 50 duine ar a laghad agus iad ag freastal ar shochraid ball den IRA a maraíodh i Giobráltar
1989 – Rugadh Theo Walcott , imreoir sacair
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 17 Márta an 76ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 77ú lá i mbliain bhisigh. Tá 289 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá Fhéile Pádraig .
461 nó 493 – Cailleadh Naomh Pádraig , aspal náisiúnta na nGael (r.~5ú hAois)
1762 – Chuir saighdiúirí as Éirinn ar dualgas le hArm na Breataine paráid in ómós do Naomh Pádraig ar siúl i Nua Eabhrac don chéad uair
1877 – Rugadh Mícheál Ó hAnnracháin , réabhlóidí Éireannach (b.1916 )
1919 – Rugadh Nat King Cole , amhránaí Meiriceánach (b.1965 )
1939 – Rugadh Giovanni Trapattoni , bainisteoir sacair
1976 – Rugadh Stephen Gately , amhránaí (b.2009 )
1978 – Theith na mílte sibhialtach ón bPalaistín deisceart na Liobáine de bharr ionsuithe Iosrael
1995 – Bhásaigh an coirpeach Ronnie Kray
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 18 Márta an 77ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 78ú lá i mbliain bhisigh. Tá 288 lá fágtha sa bhliain.
1745 – Cailleadh Robert Walpole , Príomh-Aire na Breataine (r.1676 )
1837 – Rugadh Grover Cleveland , 22ú agus 24ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1908 )
1844 – Rugadh Nikolai Rimsky-Korsakov , cumadóir ceoil Rúiseach (b.1908 )
1869 – Rugadh Neville Chamberlain , polaiteoir Sasanach (b.1940 )
1939 – Rugadh Ron Atkinson , iar-imreoir agus bainisteoir sacair
1941 – Rugadh Wilson Pickett , amhránaí Meiriceánach (b.2006 )
1949 – Bunaíodh Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT, nó NATO) ar an lá seo
1949 – Rugadh Alex Higgins , imreoir snúcair Éireannach
1977 – Rugadh Danny Murphy , imreoir sacair
1978 – Bhris círéibeacha foréigneacha amach ar na Golan Heights agus maraíodh beirt shaighdiúirí ón Iosrael
1995 – Vótáil daoine geala san Afraic Theas deireadh a chur leis an apairtéid
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 19 Márta an 78ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 79ú lá i mbliain bhisigh. Tá 287 lá fágtha sa bhliain.
1813 – Rugadh David Livingstone , taiscéalaí (b.1873 )
1897 – Cailleadh Antoine Thomson d'Abbadie , tíreolaí agus taiscéalaí (r.1810 )
1905 – Rugadh Albert Speer , ailtire agus ball de Pháirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine (b.1981 )
1930 – Cailleadh Arthur Balfour , príomhaire na Ríochta Aontaithe (r.1848 )
1944 – Rugadh Sirhan B. Sirhan , feallmharfóirí Robert F. Kennedy
1950 – Cailleadh Edgar Rice Burroughs , údar (r.1875 )
1974 – Cailleadh Austin Clarke , file, drámadóir, úrscéalaí (r.1896 )
1982 – Tháinig grúpa ón Airgintín i dtír sna hOileáin Fháclainne , coilíneacht de chuid na Breataine , agus chuir siad a mbrat náisúnta sa talamh
1988 – Cailleadh Máirtín Ó Direáin , file Éireannach (r.1910 )
2003 – Chuir an chomhghuaillíocht tús leis an gcogadh in aghaidh na hIaráice
2008 – Cailleadh Arthur C. Clarke , scríbhneoir ficsin eolaíochta, cumadóir (r.1917 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 20 Márta an 79ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 80ú lá i mbliain bhisigh. Tá 286 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá Fhéile Abdon agus Sennen in Soissons , an Fhrainc .
1413 – Cailleadh Anraí IV Shasana , Rí Shasana agus Tiarna na hÉireann (r. 1367 )
1890 – D'éirigh seansalar na Gearmáine , Otto von Bismarck , as a phost
1914 – Ceannairc an Churraigh
1958 – Rugadh Helen Hunt , banaisteoir Meiriceánach
1964 – Rugadh Tracy Chapman , amhránaí Meiriceánach
1964 – Cailleadh Breandán Ó Beacháin , scríbhneoir Éireannach (r. 1923 )
1969 – Phós John Lennon , amhránaí de chuid na Beatles , agus Yoko Ono
1974 – I Sasana , tháinig an Banphrionsa Anne agus a fear céile slán ó iarracht fuadaithe
1984 – Rugadh Fernando Torres , imreoir sacair
1989 – Mharaigh an IRA beirt oifigeach shinsearacha den RUC in Ard Mhacha
1993 – Mharaigh an IRA beirt leanbh nuair a phléasc dhá bhuama i groílár Warrington , Sasana
2006 – Thug Cuaranfa Larry fogha faoi thuaisceart Queensland san Astráil
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 21 Márta an 80ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 81ú lá i mbliain bhisigh. Tá 285 lá fágtha sa bhliain.
1685 – Rugadh Johann Sebastian Bach , cumadóir ceoil Gearmánach (b.1750 )
1958 – Rugadh Gary Oldman , aisteoir Sasanach
1960 – Rugadh Ayrton Senna , tiománaí F1 (b.1994 )
1965 – Chuir Martin Luther King tús le ollmhórshiúil ó Selma go Montgomery , Alabama
1978 – Cailleadh Cearbhall Ó Dálaigh , cúigiú hUachtarán na hÉireann (r.1911 )
1980 – Rugadh Ronaldinho , imreoir sacair
1984 – Thit cainteanna ag cruinniú mullaigh de chuid an CEE as a chéile
2005 – Cailleadh Pól Ó Foighil , polaiteoir (r.1928 )
2009 – Bhuaigh Éire a dara "Grand Slam" sa rugbaí i gcoinne na Breataine Bige i gCaerdydd
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 22 Márta an 81ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 82ú lá i mbliain bhisigh. Tá 284 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Uisce an Domhain" sna Náisiúin Aontaithe .
1786 – Rugadh Joachim Lelewel , staraí náisiúnaíoch Polannach (b.1861 )
1799 – Rugadh Friedrich Wilhelm Argelander , réalteolaí Gearmánach (b.1875 )
1832 – Cailleadh Johann Wolfgang von Goethe , scríbhneoir Gearmánach (r.1749 )
1912 – Rugadh Karl Malden , aisteoir (b.2009 )
1931 – Rugadh William Shatner , aisteoir
1947 – Rugadh Louis Grech , polaiteoir Máltach
1958 – Rugadh Janez Potočnik , polaiteoir Slóivéanach
1976 – Rugadh Reese Witherspoon , aisteoir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 23 Márta an 82ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 83ú lá i mbliain bhisigh. Tá 283 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá na Poblachta sa Phacastáin
1801 – Cailleadh Pól I , Impire na Rúise (r. 1754 )
1910 – Rugadh Akira Kurosawa , scannánóir (b.1998 )
1919 – Bhunaigh Mussolini páirtí faisisteach i Milano
1946 – Cailleadh Francisco Largo Caballero , 134ú príomhaire na Spáinne (r.1869 )
1956 – Rugadh José Manuel Barroso , polaiteoir Eorpach
1973 – Rugadh Jerzy Dudek , imreoir sacair
1987 – Gortaíodh níos mó ná 30 duine nuair a phléasc buama cairr ag ceannáras Arm na Breataine i Rheindahlen na Gearmáine
2001 – Thit an stáisiún spás Rúiseach Mír isteach sa Chiúin-Aigéan
2009 – Cailleadh Liam Mac Riocaird , fear spóirt (r.1930 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 24 Márta an 83ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 84ú lá i mbliain bhisigh. Tá 282 lá fágtha sa bhliain.
1603 – Cailleadh Eilís I Shasana , banríon Shasana (r.1533 )
1874 – Rugadh Harry Houdini , draíodóir, éachtóir agus éalú-eolaí (b.1926 )
1904 – Cailleadh Jules Verne , scríbhneoir (r.1828 )
1909 – Cailleadh John Millington Synge , 37, drámadóir, file, scríbhneoir (r.1871 )
1930 – Rugadh Steve McQueen , aisteoir (b.1980 )
1958 – Earcaíodh Elvis Presley isteach in Arm na Stát Aontaithe
1989 – Chuaigh an Exxon Valdez , tancaer ola, i dtír in Alasca agus sceith ola ón mbád
1999 – Chuir ECAT tús le hionsaí ar an Iúgslaiv de bharr an ghlanadh eitnigh a bhí ar bun in aghaidh Albánach na Cosaive
2010 – Cailleadh Jim Marshall , grianghrafadóir (r.1936 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 25 Márta an 84ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 85ú lá i mbliain bhisigh. Tá 281 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá na Saoirse (Eikosti-pempti Martiou) sa Ghréig , Lá na Saoirse (Дзень Волі) sa Bhealarúis agus Lá Maryland i Maryland .
1306 – Déanadh Rí na hAlban do Roibeard Brús
1738 – Cailleadh Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin , cláirseoir agus cumadóir Éireannach (r.1670 )
1846 – Rugadh Mícheál Dáibhéad , polaiteoir Éireannach (b.1906 )
1882 – Cailleadh Henry Wadsworth Longfellow , file (r.1807 )
1942 – Rugadh Aretha Franklin , amhránaí Meiriceánach
1947 – Rugadh Elton John , amhránaí Briotanach
1957 – Síníodh Conradh na Róimhe agus bunaíodh an Cómhargadh
1958 – Rugadh John Ensign , polaiteoir Meiriceánach
1958 – Rugadh Margaret Ritchie , polaiteoir Éireannach
1984 – Rugadh Katharine McPhee , amhránaí Meiriceánach
2002 – Mharaigh crith talún sa Afganastáin agus sa Phacastáin os cionn míle duine
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 26 Márta an 85ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 86ú lá i mbliain bhisigh. Tá 280 lá fágtha sa bhliain.
1707 – Cur i bhfeidhm Acht an Aontais a chruthaigh Ríocht na Breataine Móire
1827 – Cailleadh Ludwig van Beethoven , cumadóir ceoil Gearmánach, 56 (r.1770 )
1874 – Rugadh Robert Frost , file Meiriceánach
1902 – Cailleadh Cecil Rhodes , coilíní agus fiontraí gnó Sasanach a bhunaigh stát na Róidéise (r.1853 )
1923 – Cailleadh Sarah Bernhardt , banaisteoir Francach (r.1844 )
1941 – Rugadh Richard Dawkins , bitheolaí agus scríbhneoir eolaíochta
1944 – Rugadh Diana Ross , ceoltóir Meiriceánach
1945 – Cailleadh David Lloyd George , polaiteoir Briotanach (r.1863 )
1971 – Bhain Oirthear na Pacastáine neamhspleáchas amach agus tugadh an Bhanglaidéis ar an tír
1979 – Shínigh uachtarán an hEigipte , Anwar El Sadat , agus príomh-Aire Iosrael , Menachem Begin , conradh síochána
1985 – Rugadh Keira Knightley , aisteoir Sasanach
2000 – Toghadh Vladímír Pútín ina uachtarán ar an Rúis
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 27 Márta an 86ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 87ú lá i mbliain bhisigh. Tá 279 lá fágtha sa bhliain.
1625 – Cailleadh Séamas VI , rí na nAlbanach (r.1566 )
1629 – Cailleadh George Carew , 1ú Iarla Totnes (r.1555 )
1785 – Rugadh Laoiseach XVII , rí na Fraince (b.1795 )
1964 – Tharla súnámaí in Alasca nuair a bhuail an crith talún ba mhó i stair Mheiriceá
1968 – Maraíodh Yuri Gagarin , an chéad fhear a bhí sa spás, i dtimpiste eitleáin (r.1934 )
1970 – Rugadh Mariah Carey , amhránaí Meiriceánach
1977 – Bhásaigh os coinn 500 duine nuair a bhuail dhá eitleán in aghaidh a chéile in Tenerife , sna hOileáin Chanáracha
1998 – Cheadaigh Aonad Bia agus Drugaí SAM Viagra , druga frithéagumais ghnéasaigh de chuid an chomhlachta Pfizer
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 28 Márta an 87ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 88ú lá i mbliain bhisigh. Tá 278 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Den učitelů" i bPoblacht na Seice .
1921 – Rugadh Dirk Bogarde , aisteoir (b.1999 )
1930 – Athraíodh na hainmneacha ar dhá chathair sa Tuirc , tugadh İstanbul (Iostanbúl ) ar Constantinople (Cathair Chonstaintín ) agus tugadh Ankara (Ancara ) ar Angora
1939 – Thóg arm Francisco Franco Maidrid , ag cur deireadh le Cogadh Cathartha na Spáinne
1941 – Cailleadh Virginia Woolf , úrscéalaí Briotanach (r. 1882 )
1942 – Rugadh Neil Kinnock , polaiteoir Briotanach
1965 – Ghlac na mílte duine páirt i léirsiú de chuid Martin Luther King i Montgomery, Alabama
1969 – Cailleadh Dwight D. Eisenhower , uachtarán SAM (r. 1890 )
1979 – Timpiste núicléach Three Mile Island , Pennsylvania , SAM
1991 – Bhí fearg ar theaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dtubaiste Hillsborough mar bhreith giúiré gur bás tionóisceach a bhí san eachtra
1994 – Cailleadh Eugène Ionesco , scríbhneoir agus drámadóir (r. 1912 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 29 Márta an 88ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 89ú lá i mbliain bhisigh. Tá 277 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Día del joven combatiente" sa tSile .
1790 – Rugadh John Tyler , 10ú huachtarán na Stát Aontaithe (b.1862 )
1875 – Cailleadh Seán Ó Máirtín , náisiúnaí Éireannach (r.1812 )
1886 – Cuireadh Coca Cola ar díol don chéad uair
1943 – Rugadh Eric Idle , fuirseoir, aisteoir, stiúrthóir scannán
1955 – Rugadh Brendan Gleeson , aisteoir Éireannach
1968 – Rugadh Lucy Lawless , aisteoir
1971 – Daoradh chun báis Charles Manson agus triúr óna bhuíon i Los Angeles
1981 – Rugadh Jlloyd Samuel , imreoir sacair
1982 – Cailleadh Carl Orff , cumadóir ceoil agus múinteoir (r.1895 )
2004 – Chuir Poblacht na hÉireann cosc ar thobac a chaitheamh in áiteanna oibre
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 30 Márta an 89ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 90ú lá i mbliain bhisigh. Tá 276 lá fágtha sa bhliain.
1793 – Rugadh Juan Manuel de Rosas , polaiteoir Airgintíneach (b.1877 )
1853 – Rugadh Vincent van Gogh , péintéir Ollannach (b.1890 )
1880 – Rugadh Seán Ó Cathasaigh , drámadóir (b.1964 )
1964 – Rugadh Tracy Chapman , ceoltóir Meiriceánach
1968 – Rugadh Celine Dion , ceoltóir Ceanadach
1979 – Maraíodh Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann Airey Neave nuair a phléasc buama cairr
1981 – Rinneadh iarracht feallmharaithe ar an Uachtarán Reagan i Washington, D.C.
1986 – Cailleadh James Cagney , aisteoir Meiriceánach (r.1899 )
2006 – Cailleadh John McGahern , úrscéalaí (r.1934 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 31 Márta an 90ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 91ú lá i mbliain bhisigh. Tá 275 lá fágtha sa bhliain.
1596 – Rugadh René Descartes , matamaiticeoir agus fisiceoir Francach (b.1650 )
1621 – Cailleadh Pilib III , rí na Spáinne (r.1578 )
1631 – Cailleadh John Donne , file Sasanach (r.1572 )
1727 – Cailleadh Isaac Newton , fisiceoir agus matamaiticeoir Sasanach (r.1643 )
1855 – Cailleadh Charlotte Brontë , scríbhneoir Sasanach (r.1816 )
1871 – Rugadh Art Ó Gríofa (Arthur Griffith) , bunaitheoir Sinn Féin (b.1922 )
1948 – Rugadh Al Gore , polaiteoir Meiriceánach
1959 – Theith an Dalai Lama , ceannaire spioradálta na Tibéide , chuig an India
1962 – Rugadh Olli Rehn , polaiteoir Fionlannach
1972 – D'fhreastail na céadta ar railí i Londain ag léirsiú i gcoinne airm núicléach
1990 – Bhris círéibeacha amach i Londain agus daoine ag léirsiú in aghaidh cáin chloigne
féach – plé – cur in eagar – stair
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Chéadaoin , 22 Iúil 2026 (UTC) – Athnuaigh an leathanach