José Rizal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
José Rizal

Scríbhneoir Tagálaigise, úrscéalaí, dochtúir súl agus náisiúnaí ab ea José Protacio Rizal Mercado y Alonso Realonda a rugadh ar an 19 Meitheamh 1861 agus a fuair bás ar an 30 Nollaig 1896. Cuireadh chun báis é mar mhairtíreach do chúis neamhspleáchais na nOileán Filipíneach.

Beathaisnéis[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Rizal sa bhliain 1861 i gCalamba, cúige Laguna in Oileán Luzon. Bhí saint i bhfoghlaim aige ó laethanta a chéad óige, agus ba í a mháthair a mhúin tús a léinn dó. Chuaigh sé ag staidéar sa scoil úd Ateneo Municipal de Manila sa bhliain 1972, áit ar ghearraigh sé a ainm go José Protacio Rizal, de réir mar a chomhairligh a dheartháir, Paciano. Bhí míchlú áirithe ar Paciano toisc go raibh baint aige le triúr sagart a cuireadh chun báis roimhe sin mar thréatúirí, agus b'fhearr leis féachaint chuige nach gcuirfeadh an míchlú sin bac ar José. Le tacaíocht rúnda ó Paciano chuaigh José ag staidéar míochaine sa Spáinn agus sa Ghearmáin, agus nuair a d'fhág sé slán ag an nGearmáin, thug sé léacht faoi struchtúr a theanga dúchais, na Tagálaigise. Bhí Gearmáinis líofa tógtha aige idir an dá linn.

Fear ileolach a bhí ann agus suim aige sna healaíona agus sa léann araon, agus d'fhoghlaim sé deich dteanga a léamh is a scríobh, ar a laghad. Scríbhneoir bisiúil a bhí ann agus thosaigh sé ag scríobh an chéad úrscéal, Noli Me Tangere, nuair a bhí sé ag cur faoi sa Ghearmáin. Ba í an Spáinnis a theanga scríbhneoireachta ach is léir gur cuireadh Tagálaigis ar a chuid saothar go sciobtha. Is é is ábhar don chéad úrscéal ná an beag is fiú a rinne na coilínitheoirí Spáinneacha de mhuintir dhúchasach na nOileán. Lean sé leis an gcriticeoireacht shóisialta seo sa dara húrscéal, El filibusterismo.

Nuair a d'fhill sé ón Eoraip go dtí na hOileáin Fhilipíneacha, bhunaigh sé La Liga Filipina nó An Conradh Filipíneach, eagraíocht a bhí dírithe ar fheabhas a chur ar shaol na bhFilipíneach trí leasuithe síochánta - bhí Rizal go mór mór in aghaidh foréigin agus ceannairceoireachta. Ní raibh muinín ag na húdaráis as a dhearcadh frith-fhoréigneach, áfach. Scoir siad an eagraíocht go sciobtha, nó ba é an meas a bhí acu ar Rizal gur reibiliúnach dainséarach a bhí ann, toisc go raibh a leithéidí d'úrscéalta scríofa aige. Ní raibh cead aige fanacht sa phríomhchathair, agus díbríodh go Dapitan, Oileán Mindanao, é. Ansin dó bhunaigh sé scoil do bhuachaillí, cosúil, ar bhealach, le Scoil Éanna a bhí á reáchtáil ag an bPiarsach lena linn: bhí scoil Rizal dírithe ar oiliúint ilghnéitheach, idir theoiriciúil agus phraiticiúil. a thál ar na fir óga. Cuid de na buachaillí seo chuaigh siad le feirmeoireacht, ó bhí na scileanna acu ón scoil, agus cuid eile bhí páirt acu i gcúrsaí rialtais.

Sa bhliain 1896, d'éirigh an cumann rúnda úd Katipunan amach in aghaidh na n-údarás Spáinneach, agus bhí ina chogadh dearg sna hOileáin. Faoin am sin bhí Rizal ag iarraidh Cúba a bhaint amach, nó bhí sé tar éis cead a bhaint amach le dochtúireacht a dhéanamh i gCúba, agus an fiabhras buí ag siúl ar mhuintir an oileáin sin san am. Ghabh na húdaráis Spáinneacha é, áfach, nuair a bhí sé sa Spáinn ag úmachan a thurais go Cúba. Bhí na húdaráis suite siúráilte go raibh lámh éigin aige sa reibiliún, agus cuireadh chun báis é i Manila ar an 30 Nollaig 1896. Ba é an saothar deireanach a tháinig óna pheann mar scríbhneoir ná an dán úd El último adiós, "An Slán Deireanach" nó, níos fearr as Gaeilge, "An Focal Scoir". Mar is léir ón teideal, fágann an file slán ag a thír dhúchais agus ag a mhuintir agus an bás dosheachanta i ndán dó, ach ní thagraíonn sé oiread is uair amháin do na Spáinnigh, agus tá an dán féin scríofa ina dteanga siúd.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]