Alfred Nobel
Ceimiceoir, innealtóir, Sualannach agus an té a chéadcheap dinimít, ab ea Alfred Bernhard Nobel (21 Deireadh Fómhair 1833, Stócólm, an tSualainn - 10 Mí na Nollag 1896, San Remo, an Iodáil).
Aireagáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a rinne an ceimicí Iodálach Ascanio Sobrero den chéad uair nítriglicrín i 1846, ceapadh go raibh sé inláimhsithe go sábháilte ar éigin. Ach thaispeáin Alfred Nobel i 1867 conas a láimhseáil a dhéanamh níos sábháilte le ceimiceáin mhaolaithe a mheascadh leis, agus mar thoradh, d'éirigh an nítriglicrín an-choitianta[1]. Ansin d'fhionn sé foirm shábháilte inláimhsithe de nítriglicrín, a dtugtar dinimít uirthi.
Níos déanaí d'fhionn Nobel púdar gunna gan deatach, agus i 1875, geilignít.
Ainmníodh an dúil shintéiseach úd nóbailiam dó.
Na Duaiseanna Nobel
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhronn Nobel suim ollmhór airgid chun duaiseanna bliantúla a mhaoiniú. Ar an 10 Nollaig 1901, bronnadh Duaiseanna Nobel den chéad uair (an fhisic, an cheimic, an fhiseolaíocht / míochaine, an litríocht, agus an síocháin[2]).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |