Pío Baroja
Pío Baroja | |
Pío Baroja | |
Dáta breithe | 28 Nollaig, 1872 |
San Sebastián | |
Dáta báis | 30 Deireadh Fómhair, 1956 |
Maidrid, an Spáinn | |
Náisiúntacht | Bascach |
Gairm | Údar, úrscéalaí, beathaisnéisí |
Seánra | Generación de 1898 |

Scríbhneoir Spáinnise ó Thír na mBascach a bhí i bPío Baroja y Nessi, a rugadh i San Sebastián (Donostia) ar an 28 Nollaig 1872 agus a fuair bás i Maidrid ar an 30 Deireadh Fómhair 1956. Bascach a bhí ann féin, ach ní raibh mórán measa aige ar theanga a cheantair dhúchais, cé go raibh téamaí Bascacha agus radharcra na Tíre Bascaí le haithint ina lán scríbhinní a tháinig óna pheann.
Rinne sé staidéar le bheith ina dhochtúir, ach níor chleacht sé an cheird seo riamh - go bunúsach, ní raibh ann ach amhábhar don úrscéal El árbol de la ciencia ("Crann an Eolais"). Is é saol na mac léinn atá faoi chaibidil ag Baroja sa leabhar seo. Chaith sé seal i mbun bhácús a mhuintire, rud atá le haithint i saothair eile leis, ar nós La Busca ("An Cuardach").
Scríbhneoir próis a bhí ann thar aon rud eile, cé gur bhain sé triail as an drámaíocht freisin, agus scríobh sé aistí chomh maith.
Is iad na saothair is tábhachtaí ná:
- an tríológ Bhascach: La casa de Aitzgorri, El mayorazgo de Labraz agus Zalacaín el aventurero;
- an tríológ La lucha por la vida ("An Troid ar son na Beatha"): La busca, Mala hierba agus Aurora Roja;
- an tríológ La raza ("An Cine"), mar atá: El árbol de la ciencia, La dama errante, agus La ciudad de la niebla;
- an tríológ El pasado ("Na Laethanta a Bhí"), nó: La feria de los discretos, Los últimos románticos, agus Las tragedias grotescas;
- an tríológ La vida fantástica ("An Saol Iontach"), is é sin, Aventuras, inventos y mixtificaciones de Silvestre Paradox, Camino de perfección (pasión mística) agus Paradox rey;
- an tríológ Las ciudades ("Na Cathracha"), nó César o nada, El mundo es así agus La sensualidad pervertida;