Donostia-San Sebastián

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDonostia-San Sebastián
Donostia (eu)
San Sebastián (es) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Fidelidad, nobleza y lealtad» Cuir in eagar ar Wikidata
Leasainmkaskarinak agus ñoñostiarrak Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósNaomh Sebastian Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 43°19′N 1°59′W / 43.32°N 1.98°W / 43.32; -1.98
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneTír na mBascach Theas
Cúigí na SpáinneGipuzkoa
Comarca of the Basque Country (en) AistrighDonostialdea (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

PríomhchathairDonostia Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán188,743 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3,099.74 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deIntermunicipalité des eaux du réservoir du fleuve Añarbe (fr) Aistrigh
Intermunicipalité de San Markos (fr) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla60.89 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mhuir Chantabrach agus Urumea Cuir in eagar ar Wikidata
Airde6 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1180
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Donostia-San Sebastián Cuir in eagar ar WikidataEneko Goia Laso (2015–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist20001–20018 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód943 agus 843 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh20069 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáindonostia.eus Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: 129288810450590 Twitter: ayto_SS Youtube: UCR3gY8dxEdj9utVlGSxpKlA Cuir in eagar ar Wikidata

Is príomhchathair cúige Gipuzkoa/Guipuscoacathair i gcomhphobal féinrialaithe Tír na mBascach sa Spáinn í Donostia-San Sebastián (Bascais: Donostia, Spáinnis: San Sebastián, go hoifigiúl glaotar Donostia-San Sebastián uirthi). Is cathair chósta í suite ar Bhá na Bioscáine, 20 cm (12 miles) ó teorainn na Fraincise i dtuaisceart na Spáinne. Tá daonra bardais 186,095 aici agus is iad Trádáil agus Turasóireacht na príomh gníomhaíochtaí eacnamaíochta sa chathair. Tá an tóir ag turasóirí ar an áit seo.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Droichead Maria Cristina, San Sebastian, 14 Samhain 2001.
  • 1265 Mar gheall ar chomhaontú pósta ceadaítear do Navarra an chathair a úsáid mar chalafort.
  • 1656 Úsáidtear an chathair mar an cheanncheathrú ríoga le linn pósadh an Infanta le Louis XIV ag St Jean de Luz atá gar.
  • 1728 Neartaíonn bunú an Real Compañía Guipuzcoana de Caracas tráchtáil le Críocha Mheiriceá na Spáinne.
  • 1808 Gabhann fórsaí Napoléon an chathair, le linn Chogadh na Leithinise.
  • 1813 Buann fórsaí Briotanacha agus Portaingéalacha ar fhórsaí Napoléon sa chathair tar éis léigear, ar an 31 Lúnasa. Dónn na fórsaí buacha an chathair cé go bhfuil muintir na cathrach i gcoinne na bhFrancach. Ní fhágtar ach sráid amháin a ghlaoitear Sráid an 31ú Lúnasa uirthi anois.
  • 1813 Déantar atógáil ar an gcathair sa suíomh ina raibh sé cheana, ach le leagan amach beagáinín éagsúil. Tá an ailtireacht go formhór sa stíl céanna.
  • 1833 Cosnaíonn óglaigh Briotanacha faoi cheannas George de Lacy Evans an chathair ó ionsaí Carlach. Cuirtear na mairbh i Reilig na Sasanach ar Monte Urgull
  • 1863 Leagtar ballaí na cathrach chun go rachaidh leathnú ar an gcathair ar aghaidh. (Is féidir na hiarsmaí dóibh a fheiceáil sa charrchlós faoi thalamh ag an Boulevarde)
  • 1936 Buann na Náisiúnaigh Bascach ar an gcoup míleata.
  • 1953 Tús le Féile Scannáin Idirnáisiúnta Naomh Sebastián.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Donostia-San Sebastián baile club sacair Real Sociedad. Ar 17 Meitheamh 2007, thit an club síos chuig an dara sraith, tar éis dóibh bheith sa Primera División ar feadh 40 bliain. Imríonn Biarritz Olympique, foireann rugbaí, sa chathair chomh maith, i Staid Anoeta.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féile Scannáin Idirnáisiúnta Donostia-San Sébastián Ceann de na féilte scannáin is tábhachtaí san Eoraip. Déanann iúré tromlach na gradaim a bhronnadh, ach vótáileann an pobail don scannán is fearr. Na príomgradaim ná an Sliogán Mara Órga agus an Sliogán Mara airgid.

Ceiliúraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceiliúrann muintir na cathrach féasta Naomh Sebastián gach biain ar an 20iú Eanáir, ar a ghlaotar féile "Tamborrada". Ag meán oíche ardaíonn an méara bratach sa Konstituzioa plaza atá suite sa tseanchathair ("Alde Zaharra/Parte Vieja") agus bíonn fuaim drumaí le cloisteáil ar fud na cathrach ar feadh 24 uaire. Gléasann na daoine fásta mar chócairí agus saighdiúirí agus máirseálann siad ar na sráideanna. Síneann bunús na cultacha ar ais chuig aimsir forghabha na fórsaí Napoléonach ar an gcathair. Itheann na daoine fásta an bia agus ólann siad na fíonta is fearr sna "Sociedades". Ní cheadaíodh mná sna "Sociedades" seo go traidisiúnta, ach ní hé sin an chás sa lá atá inniu ann. Tar éis na drumaí a chloisteáil tríd an oíche, éiríonn na páistí chun tús a chur lena leagan ar an bhféile. Gléasann na páistí uilig mar shaighdiúrí agus máirseálann siad tríd an chathair. Bíonn siad gléasta i gcultacha a sheasann do tíortha éagsúla.


Tá féile bliantúil ann i Mí Lúnasa ar a ghlaotar Nagusia i mBascais, a mhaireann ar feadh seachtaine. Bíonn comórtas tinte ealaíona ann ina mbuann an taispeántas is fearr thar tréimhse na féile

Tá cáil ar Donostia-San Sebastián mar gheall ar a chócaireacht Bascaigh agus pintxos (tapas) agus a cheantar bialainne in aice an calafoirt.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]