Primera División de España

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is í Primera División de España an roinn pheile is airde sa Spáinn. Imrítear gach bliain í ón 10 Feabhra 1929 i leith. Bíonn na cluichí ar siúl idir Meán Fómhair agus Meitheamh. Imríonn 20 foireann sa Primera División, agus ionadaítear na trí fhoireann is ísle sa tsraith leis na trí fhoireann is airde sa Segunda División.

Tá 58 foireann tar éis glacadh páirt sa tsraith seo agus seaimpíní naoi gcinn díobh. Ó na 1950idí ar aghaidh, tá smacht tógtha ag Real Madrid agus Barcelona ar an tsraith. Tá sé buaite ag Real Madrid 31 uair agus ag Barcelona 18 uair. I rith na 1930idí agus 1940idí agus le déanaí, áfach, bhí foirne amhail Atlético de Madrid, Athletic Bilbao, Valencia, Sevilla, Deportivo de La Coruña, Real Sociedad agus Real Betis ina seaimpíní freisin.

Buaiteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]