Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine
Universal Declaration of Human Rights, Declaración Universal de los Derechos Humanos, 世界人权宣言, Всеобщая декларация прав человека, Déclaration universelle des droits de l'homme, الإعلان العالمي لحقوق الإنسان, Zal'shɛŋa ŋan kpaŋsir' zɔsimdi ni naŋbaŋ yini andunia tiŋgbana sunsuuni agus ⵜⴰⵎⵓⵍⵉ ⵏ ⴰⵎⴹⴰⵍ ⵏ ⵍⵆⵈⵈⵏ ⵏ ⴰⵓⴰⴸⵎ Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm gearrUDHR Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcustomary international law (en) Aistrigh, fógra, acht, saothar scríofa agus non-binding resolution (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tírmember states of the United Nations (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Seánralegal act (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharcearta daonna Cuir in eagar ar Wikidata
Leathanaigh6 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amacontemporary literature (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
BailiúchánPalais de Chaillot (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú10 Nollaig 1948 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe1940 Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith
Cuid deInternational Bill of Human Rights (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Obair iomlánTéacs iomlán, Téacs iomlán agus Téacs iomlán Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreán gréasáinun.org… Cuir in eagar ar Wikidata
Fuaime Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard atá i gceist le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine ná an forógra a bhfuil an tuiscint idirnáisiúnta a bhfuil coincheap na gceart daonna bunaithe air.

agóid "No Ban, No Wall" i bPortland, Oregon, 2017

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an Dara Cogadh Domhanda a thug an spreagadh don Dearbhú seo, ach is féidir a rá go dtéann coincheap na gceart daonna féin siar go laethanta Réabhlóid na Fraince, ar a laghad. Tar éis an méid daoine a fuair bás i rith an dara Cogadh Domhanda, bunaíodh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe.

Chuir na tíortha a bhí san eagraíocht liosta le chéile de na cearta a chreid siad ba cheart a bheith ag gach duine. Tugtar Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine ar seo.[1] Ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe leis an Dearbhú go hoifigiúil ar an 10 Nollaig 1948 i bPalais de Chaillot, Páras.

An Dearbhú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é seo a leanas aistriúchán sothuigthe é a sheachnaíonn téarmaí dlí (ní leagan oifigiúil é).

Brollach[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó ghlactar leis nach féidir saoirse, síocháin ná cothrom Féinne a chur ar bun ar an saol seo gan aitheantas ceart a thabhairt don dínit is dual do chách agus do chearta comhionanna na ndaoine, cearta nach féidir a bhaint d'aon duine,
  • Ó ghlactar leis, nuair a caitheadh anuas ar chearta an duine gan an urraim chuí a thabhairt dóibh, gurbh é ba toradh dó sin ná ainghníomhartha barbartha a chráigh coinsias an chine dhaonna ar fad; agus ó ghlactar leis mar phríomhaidhm do chosmhuintir an domhain go léir saol nua a bhaint amach, saol a chinnteoidh do na daoine daonna cead cainte agus creidimh chomh maith le saoirse ó ghanntanas agus ó eagla,
  • Ó ghlactar leis go bhfuil sé géar-riachtanach dlí a reachtú le cearta an duine a chosaint, ionas nach gcaithfidh sé éirí amach in aghaidh tíorántachta agus ansmachta,
  • Ó ghlactar leis go bhfuil sé géar-riachtanach caidreamh cairdiúil a spreagadh idir na náisiúin,
  • Ós rud é go bhfuil sé dearbhaithe in athuair i gCairt na Náisiún Aontaithe, go gcreideann na Náisiúin seo i mbunchearta an duine, i ndínit agus i bhfiúntas an duine dhaonna agus i gcothrom Féinne idir fir agus mná, agus go bhfuil siad meáite ar an dul chun cinn sa tsochai a spreagadh agus caighdeán na maireachtála a ardú chomh maith le tuilleadh saoirse a bhaint amach do na daoine,
  • Ó thug na Ballstáit gealladh sollúnta go mbainfidh siad amach urraim agus urramú iomlán do na cearta daonna agus na bunsaoráidí i gcomhoibriú leis na Náisiúin Aontaithe,
  • Ó ghlactar leis go bhfuil sé ardtábhachtach comhthuiscint a fháil ar na cearta agus na saoráidí seo leis an ngealladh seo a chomhlíonadh go hiomlán,
  • Mar sin agus ar an ábhar sin,

tá an Comhthionól Ginearálta ag fógairt Dearbhú Uilechoiteann seo Chearta an Duine, mar chomhchaighdeán le baint amach do na daoine go léir agus do na náisiúin go léir, ionas go mbeidh gach duine aonair agus gach foras sa tsochaí ag tabhairt airde ar an Dearbhú seo gan teip, agus go mbeidh siad ag iarraidh urraim choitianta do na cearta agus do na saoráidí a chothú, agus go mbeidh siad, de réir a chéile, ag féachaint chuige go dtabharfar aitheantas agus urraim éifeachtúil do na cearta agus do na saoráidí seo ar fud an domhain, i measc mhuintir na mBallstát agus i measc na bpobal faoi dhlínse na mBallstát.

An Chéad Alt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag teacht chun saoil dóibh, is ionann iad na daoine go léir, is ionann a saoirse, a ndínit agus a gcearta. Tá ciall agus coinsias acu go léir, agus dualgas orthu caitheamh le chéile mar a bheadh bráithre iontu.

An Dara hAlt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gach aon duine i dteideal na gceart a leagtar amach sa Dearbhú seo, beag beann ar an gcine, ar dhath na clí, ar an ngnéas, ar an teanga dhúchais, ar an gcreideamh, ar an mbarúil pholaitiúil nó eile, ar an gcúlra náisiúnta nó sóisialta, ar an maoin shaolta, ar an dúchas nó ar stádas ar bith eile. Thairis sin, caithfidh gach duine a bheith i dteideal na gceart seo cuma cé acu atá sé ina chónaí i stát neamhspleách nó i gcoilíneacht nó i dtír nó i limistéar eile nach bhfuil a mhuintir á rialú féin faoi láthair.

An Tríú hAlt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gach aon duine i dteideal a bheatha, a shaoirse agus a shlándála pearsanta.

An Ceathrú hAlt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní féidir aon duine a choinneáil i ndaoirse, i ndaorbhroid ná i sclábhaíocht. Cuirtear cosc iomlán ar gach cineál daoirse nó sclábhaíochta.

An Cúigiú hAlt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní féidir aon duine a chéasadh, agus ní féidir pionós cruálach ná mídhaonna a ghearradh d'aon duine.

An Séú hAlt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gach aon duine ina theideal go gcaitear leis de réir mar a deir an dlí.

An Seachtú hAlt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is comhionann iad na daoine go léir os comhair an dlí, is é sin, is ionann an dlí do na daoine go léir. Tá gach aon duine ina theideal go gcosnófar é ar choireanna agus go gcosnófar a chuid cearta daonna mar atá siad leagtha amach sa dearbhú seo.

An tOchtú hAlt[cuir in eagar | athraigh foinse]

An duine ar sáraíodh a chearta daonna, tá sé ina theideal go n-íocfar a éiric leis de réir ordú na cúirte.

An Naoú hAlt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní féidir aon duine a ghabháil, príosúnach a dhéanamh de ná é a dhíbirt gan chúis cheart dhlíthiúil.

An Deichiú hAlt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aon duine a gcuirfear an dlí air tá sé de cheart aige a chás a mhíniú do bhinse dlí nach bhfuil claonta ina leith féin ná i leith an taoibh eile.

An tAonú hAlt Déag[cuir in eagar | athraigh foinse]

An duine nach bhfuil ciontaithe ag an gcúirt go fóill, glactar leis go bunúsach go bhfuil sé éigiontach, agus ní féidir é a chiontú mura bhfuil gléas ceart a chosanta ar fáil dó.

An duine a rinne gníomh áirithe nach raibh coir ann nuair a rinne sé é, ní féidir é a chiontú ann má rinneadh coir de ina dhiaidh sin, agus an duine a rinne coir áirithe, ní féidir pionós níos troime a ghearradh dó ná an pionós is airde a bhí ar leabhar na reacht nuair a rinne sé an choir.

An Dóú hAlt Déag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní féidir ladar a chur isteach i saol pearsanta aon duine, ina phríobháid ná ina chomhfhreagras, agus tá sé ina theideal go bhfaighidh sé cosaint ó na húdaráis ar iarrachtaí a shaol príobháideach, a chlú is a cháil a chur ó mhaith.

An Tríú hAlt Déag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gach duine i dteideal gluaiseacht taobh istigh den tír agus socrú síos in áit nua chónaithe sa tír.

Tá gach duine i dteideal imeacht as tír ar bith, a thír dhúchais san áireamh, agus filleadh ar ais go dtína thír dhúchais féin.

An Ceathrú hAlt Déag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gach duine i dteideal dul ar lorg tearmainn i dtíortha eile, má bhagraíonn géarleanúintí air ina thír féin.

Ní féidir leis dul i dtuilleamaí an chirt seo, áfach, más gnáthchoir neamhpholaitiúil a tharraing na póilíní ar a lorg nó má rinne sé gníomhartha atá ag teacht salach ar phrionsabail bhunaidh na Stát Aontaithe (má rinne sé iarracht cearta na ndaoine eile a shárú, cuir i gcás).

An Cúigiú hAlt Déag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gach duine i dteideal saoránachta.

Ní féidir a shaoránacht a bhaint d'aon duine gan chúis cheart dhlíthiúil, ná é a dhiúltú faoi athrú saoránachta.

An Séú hAlt Déag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá fir agus mná fásta i dteideal pósadh a dhéanamh agus teaghlach a chur ar bun, beag beann ar chine, ar chreideamh agus ar shaoránacht. Tá na cearta céanna comhionanna acu ó thaobh an phósta, an tsaoil phósta agus an cholscartha de.

Ní féidir pósadh a dhéanamh ach an bhrídeog agus an buachaill óg a bheith sásta é a dhéanamh, is é sin, ní féidir aon duine a phósadh in aghaidh a thola.

Is é an teaghlach bunaonad na sochaí, agus caithfidh údaráis an Stáit an teaghlach a chosaint dá réir.

An Seachtú hAlt Déag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gach aon duine i dteideal úinéireachta agus comhúinéireachta - is é sin, tá sé i dteideal maoin shaolta a bheith aige, nó a bheith i bpáirt aige le daoine eile.

Ní féidir a chuid maoine saolta a bhaint d'aon duine gan chúis cheart dhlíthiúil.

An tOchtú hAlt Déag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá saoirse smaointe, choinsiasa, agus chreidimh ag cách. Cuid den tsaoirse seo é nach bhfuil cead ag aon duine ladar a chur isteach i do chuid smaointe, agus go bhfuil de cheart agat eolas agus idéanna a ghlacadh ó dhaoine eile agus a scaipeadh uait féin trí gach cineál meán cumarsáide agus beag beann ar na teorainneacha.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Dinit an duine/ Cearta | COGG" (ga-GA). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-13. Dáta rochtana: 2020-04-21.