Jump to content

Ozzy Osbourne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaOzzy Osbourne

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) John Michael Osbourne Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Nollaig 1948
Marston Green, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Iúil 2025
76 bliana d'aois
Jordans, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Galar corónach croí, Galar Parkinson agus ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaWelders House (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteOzzy Osbourne Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAnglacánachas
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeol, rac-cheol, ceol trom-mhiotalach, amhránaíocht agus music composition (en) Aistrigh
Gairmceoltóir, amhránaí is scríbhneoir, cumadóir, amhránaí rac-cheoil, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1967   2025
Ball de
SeánraCeol trom-mhiotalach, rac-cheol crua, ceol miotal trom traidisiúnta, doom metal (en) Aistrigh, shock rock (en) Aistrigh agus miotal glam
TeangachaBéarla
Cineál guthaTeanóir agus baratón

UirlisCeol gutha agus armónach
Lipéad ceoilEpic Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileThelma Riley (19711982), colscaradh
Sharon Osbourne (19822025), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteElliot Kingsley, adopted stepson (en) Aistrigh
 ( luach anaithnidThelma Riley)
Jessica Osbourne
 ( Thelma Riley)
Louis Osbourne
 ( Thelma Riley)
Aimee Osbourne
 ( Sharon Osbourne)
Kelly Osbourne
 ( Sharon Osbourne)
Jack Osbourne
 ( Sharon Osbourne) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJack Osbourne  agus Lillian Unitt
Duine muintearthaElliot Kingsley (leasmhac) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinozzy.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0005285 FilmAffinity: 560047436 Allocine: 17866 Rottentomatoes: celebrity/ozzy_osbourne Allmovie: an11264 Metacritic: person/ozzy-osbourne TV.com: people/ozzy-osbourne AFI: 177952 TMDB.org: 12208
Facebook: ozzyosbourne X: OzzyOsbourne Instagram: ozzyosbourne Youtube: UCe3JCin4Gnv9azlWnAs5keg Youtube: ozzyosbourne TikTok: officialozzzyosbourne Soundcloud: ozzy-osbourne-official Spotify: 6ZLTlhejhndI4Rh53vYhrY Apple Music: 886834 Last fm: Ozzy+Osbourne Musicbrainz: 8aa5b65a-5b3c-4029-92bf-47a544356934 Songkick: 365190 Discogs: 59770 Allmusic: mn0000424244 Amazon Music: B000QKQHAQ Goodreads author: 73029 Find a Grave: 285139727 Deezer: 823 Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí rac-cheoil ab ea John Michael "Ozzy" Osbourne (3 Nollaig 1948 in Aston, Birmingham, Sasana - 22 lúil 2025, Buckinghamshire).[1] Chan Osbourne sa racbhanna Black Sabbath sna 1960í agus na 1970í, ach cuireadh as an ngrúpa é sa bhliain 1979, mar gheall ar na fadhbanna a bhí aige le drugaí. Thosaigh Osbourne slí beatha nua mar amhránaí ina aonar, le cabhair a bhean chéile Sharon, agus bhí rath air arís.

1972
1973
The Osbournes, Pearl Harbor, Hawaii, 2004

As Birmingham ó dhúchas, tá sé curtha síos dá bhanna ceoil Black Sabbath gurb iadsan a chruthaigh an seánra miotal trom, a bhuíochas le hamhráin ar nós Iron Man agus Paranoid.

Bhunaigh Osbourne agus a bhean an fleá cheoil Ozzfest sa bhliain 1996, mar fhreagra ar dhiúltú roinnt eagraithe féilte ceoil Ozzy a chur ar a gcláir ag an am. Mar sin, chinn Sharon Osbourne go ndéanfaidís a bhféile féin – agus d’éirigh thar cionn léi. Is féile cheoil miotail throm agus roc-cheoil í, a bhí ar siúl go rialta sna Stáit Aontaithe agus uaireanta sa Ríocht Aontaithe.

Tháinig Black Sabbath le chéile arís sa bhliain 1997. Ghlac roinnt bannaí cáiliúla páirt san Ozzfest, cosúil le Slipknot, System of a Down, Korn, Tool, agus ar ndóigh, Black Sabbath (nuair a tháinig siad le chéile arís). Bhí an fhéile ina hardán tábhachtach d’ealaíontóirí miotail óga.

Bhí Osbourne agus a mhuintir ar fad le feiceáil ar an gclár teilifís The Osbournes, ar MTV, ón 20 Márta 2002 go dtí an 21 Márta 2005, teilifís réaltachta, ag léiriú saol laethúil an teaghlaigh Osbourne i Los Angeles. Bhí The Osbournes ar cheann de na chéad chláracha réaltachta a léirigh saol “gnáth” daoine cáiliúla ina dteach féin. Chuir an tsraith tús le tréimhse ina raibh spéis ollmhór i ngnáthshaol réaltaí ceoil agus scannán. D’éirigh thar cionn leis ar MTV, agus bhuaigh sé Emmy Award sa bhliain 2002 don Outstanding Reality Program.

Ar an 5 Iúil 2025, rinne Osbourne, a thug an t-ainm “Prince of Darkness” air féin, ceolchoirm dheireanach le slán a fhágáil ina bhaile dúchais, agus cuid mhaith de na ceoltóirí a spreag sé féin ar an ardán leis, Metallica agus Guns n’ Roses ina measc.[2]

Tháinig eimfiséime agus galar Parkinson air nuair a bhí sé ag dul in aois. Cailleadh Osborne ar 22 Iúil 2025 ina theach féin i mBuckinghamshire.[1] I ráiteas, dúirt a theaghlach: "Is le níos mó bróin ná mar is féidir le focail a chur in iúl go gcaithfimid a thuairisciú gur bhásaigh ár n-Ozzy Osbourne grámhar ar maidin. Bhí sé lena theaghlach."[3]

  • Trick or Treat (1986) - Rev. Aaron Gilstrom
  • The Decline of Western Civilization Part II: The Metal Years (1988) - Féin (faisnéise)
  • The Jerky Boys: The Movie (1995) - Band Manager
  • South Park (1999) - Féin (glór)
  • Little Nicky (2000) - Féin
  • Moulin Rouge! (2001) - The Green Fairy (glór)
  • Austin Powers in Goldmember (2002) - Féin
  • Dame Edna Live at the Palace (2003)
  • Robbie the Reindeer in Close Encounters of the Herd Kind (2007) - Vicar (glór)
  • Brütal Legend (2009) (Físchluiche) - The Guardian of Metal, Dadbat (glór)
  • Gnomeo & Juliet (2011) - Fawn (Glór)
  • Fish Hooks (2011) - Earth Troll (Glór)
  • Howard Stern on Demand (2013) - Féin
  • Bubble Guppies (2015) - Sid Fishy (glór)
  • Ghostbusters (2016) - Féin
  • The 7D (2016) - Duke the Drear (glór)
  • Sherlock Gnomes (2018) - Fawn (glór)
  1. 1 2 "Ozzy Osbourne dies aged 76, weeks after farewell concert" (en).
  2. "Ozzy Osbourne dies just weeks after farewell show" (en). Sky News. Dáta rochtana: 2025-07-26.
  3. Conradh na Gaeilge, Londain (26 Iúil 2025). "Nuacht Mhall (An Dún)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-07-26.