Miotal trom (ceol)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Téarma rac-cheoil is ea miotal trom, nó ceol trom-mhiotalach, a tháinig ar an saol ag deireadh na 1960idí agus i dtús na 1970idí. I ndáiríre is comhcheangal idir na gormacha agus rac-cheol crua é. Is iad Led Zeppelin, Black Sabbath agus Deep Purple na rac-bhannaí is minice a luaitear nuair a phléitear na daoine a chuir tús leis.

Tháinig an miotal trom go mór chun cinn sna hochtóidí le bannaí ceoil ar nós Metallica Slayer agus Testament. Tháinig cineálacha nua ar an bhfód ina dhiaidh sin, ar nós "miotal nua" na nóchaidí, nuair is beag suim a bhí sa mhiotal i gcomórtas leis na hochtóidí. Bhí Korn, Slipknot agus Machinehead ar na bannaí ba cháiliúla agus ba rathúla.

Tar éis na nóchaidí tharla saghas athbheochana de bharr leithéidí Trivium, Shadows Fall agus Bullet for my Valentine a dhul i mbun an tsaghas miotail a raibh ráchairt air sna hochtóidí. Ba í an difríocht ba mhó a bhí idir na sean-bhannaí miotail agus na cinn nua ná déanamh na n-amhrán, agus an giotár aonair le cloisteáil iontu arís. Ní dhéantaí seo sna nóchaidí agus an oiread sin léiritheoirí, leithéid Ross Robinson, go mór ina choinne. Chomh maith leis seo, bhí sé de nós ag a lán bannaí nua miotail na giotáir a bheith i ngléas an-íseal nó giotáir seacht sreang (nó ocht sreang féin) a úsáid.

Tháinig cuid de na bannaí nua faoi anáil an "rap-cheoil", rud atá le haithint ar Limp Bizkit nó fiú amháin ar an "rap-cheolaí" Ice Cube agus é ag canadh san amhrán "Children of the Korn" ar Follow The Leader, an tríú halbam de chuid Korn.

Dá bhrí sin tugtar "bannaí na seanscoile" ar bhannaí na n-ochtóidí, leithéid Slayer, banna atá ag seinm fós. Is féidir a rá go bhfuil ceol na "seanbhannaí" ag dul i gcion ar na bannaí atá anois ann.

Seánraí[cuir in eagar | athraigh foinse]