Jump to content

George Boole

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGeorge Boole

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Samhain 1815
Lincoln (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann)
Bás8 Nollaig 1864
49 bliana d'aois
Baile an Teampaill (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann)
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaSt Michael's Church (en) Aistrigh 51° 53′ 41″ N, 8° 25′ 11″ O / 51.8947°N,8.4197°W / 51.8947; -8.4197 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLoighic mhatamaiticiúil
Gairmmatamaiticeoir, loighceoir, fealsamh, eolaí ríomhaireachta Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste na hOllscoile Corcaigh (1849–1864) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
TeaghlachBoole family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMary Everest Boole (1855–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteEthel Lilian Voynich, Margaret Boole Taylor, Mary Boole Hinton, Alicia Boole Stott, Lucy Everest Boole Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaCharles Howard Hinton (en) Aistrigh (mac cleamhnais)
Wilfrid Voynich (mac cleamhnais) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas


Goodreads author: 40657 Find a Grave: 40685160 Project Gutenberg: 5861 Cuir in eagar ar Wikidata

Matamaiticeoir, loighceoir, agus fealsamh a saolaíodh i Lincoln Shasana is a d'oibrigh i gColáiste na Ríona i gCorcaigh ab ea George Boole (2 Samhain 18158 Nollaig 1864).

B'eisean a chéadcheap ailgéabar Boole, is é sin, an cineál ailgéabar a úsáidtear le réasúnaíochtaí loighciúla a chur i bhfoirm mhatamaiticiúil.

Is é ailgéabar Boole is bunús leis an ríomhaireacht nua-aimseartha go léir, agus ag caitheamh súil ar ais dúinn, is féidir linn a rá go raibh Boole ar dhuine acu siúd a bhunaigh an ríomheolaíocht mar bhrainse eolaíochta, cé nár tháinig an chéad ríomhaire ar an bhfód ach i bhfad i ndiaidh a lae.

Thug Boole isteach teoiric na do-athraitheachta (1841), brainse nua sa mhatamaitic a bhí bunúsach i dteoiric coibhneasachta Einstein.

Tá cáil ar Boole freisin as na leabhair

  • Mathematical Analysis of Logic (Anailís Mhatamaiticiúil ar an Loighic, 1847) agus
  • Laws of Thought (Dlíthe na Smaointeoireachta, 1854).

Rinne Boole céimeanna chun cinn i dteoiric na seiteanna, uimhreacha dénártha is an dóchúlacht.

Tugtar an leasainm bunaitheoir na glanmhatamaitice air.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Charles Boole". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 83.