Horst Bienek
Horst Bienek | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Gliwice, 7 Bealtaine 1930 |
Náisiúntacht |
An Ghearmáin An Ghearmáin Thiar |
Bás | München, 7 Nollaig 1990 |
Áit adhlactha |
Ottobrunn (en) ![]() |
Cúis bháis |
(death from AIDS-related complications (en) ![]() |
Oideachas | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Gairm | |
Gairm | úrscéalaí, file, drámadóir, stiúrthóir scannán agus scríbhneoir scripte scannáin |
Rannpháirtí
| |
Duaiseanna | |
Ballraíocht |
Deutsche Akademie für Sprache und Dichtung (en) ![]() PEN Centre Germany (en) ![]() Bavarian Academy of Fine Arts (en) ![]() |
IMDb | nm0081488 |
horst-bienek-archiv.gwlb.de | |
Discogs ID | 1378323 |
Scríbhneoir Gearmánach ab ea Horst Bienek (a rugadh ar an 7 Bealtaine 1930 i nGleiwitz, inniu Gliwice sa Pholainn, agus a fuair bás ar an 7 Nollaig 1990 i München). Is iad na húrscéalta eipiciúla faoi shaol Gleiwitz a bhreac sé síos sna seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí is mó a thabhaigh clú agus cáil dó, gan trácht a dhéanamh ar na duaiseanna liteartha.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chaith Horst Bienek tús a óige i nGleiwitz (inniu: Gliwice sa Pholainn), ach nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh, thit an chathair leis an bPolainn.
Beirlín[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 1945, d'fhág an fear óg an Pholainn, agus shocraigh sé síos i mBeirlín. Ar dtús, bhí sé ag staidéar amharclannaíochta faoi stiúradh Bertolt Brecht.
Ós rud é gur minic a théadh sé ar cuairt chuig cairde i mBeirlín Thiar, nach raibh dealaithe ón Oirthear go fóill san am seo, rug na póilíní rúnda air i ndeireadh na bliana 1951, agus é á ionchúisiú faoi spiaireacht. Ghearr binse míleata na Sóivéadach príosúnacht cúig bliana is fiche dó. Chaith sé ceithre bliana i gcampa géibhinn i Vorkuta. Ach ansin, fuair sé pardún agus cead dul ar imirce go hIarthar na Gearmáine.
Iarthar na Gearmáine[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí sé ina chraoltóir don stáisiún raidió Hessischer Rundfunk agus ina eagarthóir ar an iris Blätter & Bilder. Sa bhliain 1966, chuaigh sé ag obair ina eagarthóir liteartha ag an teach foilsitheoireachta Deutscher Taschenbuch Verlag i München, áit ar fhan sé go lá a bháis.
Homaighnéasach gníomhach, bhuail SEIF é sna 1980idí. Fuair sé bás anabaí ar 7 Nollaig 1990 i München, 60 bliain d'aois.
Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Go ginearálta, scríobh Bienek i dteanga néata gan mórán maoithneachais, agus d'imir imeachtaí agus atmaisféar na Gearmáine sna blianta iarchogaidh an-tionchar ar a chuid scríbhneoireachta.
Thosaigh sé mar fhile liriciúil, ach is iad na húrscéalta eipiciúla faoi shaol Gleiwitz a bhreac sé síos sna seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí is mó a thabhaigh clú agus cáil dó, gan trácht a dhéanamh ar na duaiseanna liteartha.
Tháinig an t-úrscéal Die Zelle amach sa bhliain 1968. Cur síos atá ann ar a shaol i mbraighdeanas na Sóivéadach.
Na húrscéalta faoi Gleiwitz (1975-1982):
- Die erste Polka ("An Chéad Pholca", 1975)
- Septemberlicht ("Solas an Mheán Fómhair")
- Zeit ohne Glocken ("An tAm gan Chloig")
- Erde und Feuer ("Talamh agus Tine", 1982)
Is éard atá sa chéad úrscéal ná cur síos ar an lá deireanach síochána i nGleiwitz.
Sa dara húrscéal, arís, tá an cogadh tosaithe.
Sa tríú himleabhar, tá an cogadh ag dul de na Gearmánaigh, agus cloig na heaglaise á dtógáil anuas leis an miotal a leá le haghaidh an chogaidh.
Is é is ábhar don cheathrú húrscéal ná deireadh an chogaidh agus an chinniúint atá i ndán do charachtair na sraithe. Cuid acu, fanann siad sa bhaile i nGleiwitz, agus na Sóivéadaigh ag sealbhú na háite; an chuid eile, tá siad ag iarraidh éalú, ach tá sé daite dóibh bás a fháil i mbuamálacha móra Dresden.

Eile:[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Die Zelle ("An Cillín")
- Bakunin, eine Invention ("Bakunin, nó cineál scéal cumadóireachta") - cur síos ar shaol Mikhail Bakunin, an t-ainrialaí Rúiseach, atá anseo, agus san am céanna súil chriticiúil atá ann ar mheon na n-idéalaithe óga i ndeireadh na seascaidí
- Solschenizyn und andere ("Solzhenitsyn agus eile") - cnuasach aistí
- Der Blinde in der Bibliothek ("An Fear Dall sa Leabharlann") - cnuasach eile aistí
- Königswald oder die letzte Geschichte ("Königswald, nó an Scéal Deireanach" - logainm is ea Königswald a chiallaíonn Coill an Rí nó Foraois an Rí) - Cineál seachthoradh is ea é seo don tsraith faoi Gleiwitz - úrscéal faoi na himeachtaí i ndeireadh an chogaidh sa Bhoihéim (is é sin, in iarthar na Seicshlovaice, a bhí forghafa ag na Gearmánaigh). Seanmhná iad na príomhcharachtair, agus díorma de chuid an SS ag iarraidh a dteach a shealbhú le cath deireanach an éadóchais a chur ansin ar na treallchogaithe Seiceacha agus ar na saighdiúirí Sóivéadacha. Téann na seanmhná chun ceannairce agus chun cearmansaíochta ar fhir an SS, áfach, ós rud é nach dteastaíonn a leithéid de chath uathusan ar aon nós.
- Birken und Hochöfen. Eine Kindheit in Oberschlesien ("Beithí agus Múcháin. Mo chéad óige sa tSiléis Ard").