Bertolt Brecht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eugen Berthold Friedrich Brecht
Bertolt-Brecht.jpg
Brecht sa bhliain 1948
Dáta breithe 10 Feabhra, 1898
  Augsburg, An Ghearmáin
Dáta báis 14 Lúnasa, 1956
  Beirlín Thoir, DDR
Ainm cleite Bertolt Brecht
Gairm Drámadóir, file
Síniú
Brecht Unterschrift.jpg

Bhí Eugen Berthold Friedrich Brecht, a thug Bertolt Brecht air féin mar scríbhneoir (rugadh ar an 10 Feabhra 1898 é agus d'éag sé ar an 14 Lúnasa 1956) ina dhramadóir, ina stiúrthoir agus agus ina fhile clúiteach sa Ghearmáin. Glactar leis gurbh eisean an file agus an drámadóir ba mhó a d'imir tionchar ar fhorbairt na filíochta agus na hamharclannaíochta Gearmáinise san fhíchiú haois. Tá clú idirnáisiúnta ar a chuid saothar.

A Shaol[athraigh | edit source]

Tháinig Eugen Berthold Friedrich Brecht chun saoil in Augsburg sa Bhaváir. Bhí a athair, Berthold Friedrich Brecht, ina stiúrthóir ar mhonarcha páipéarachais. Ba de bhunadh Protastúnach a mháthair, Sophie Brezing, ach ba Caitliceach a athair, mar is dual don Bhavárach. Nuair a bhí Brecht ina bhuachaill beag, is é an t-ainm ba mhinicí a thugtaí air ná Eugen. Buachaill cúthail a bhí ann agus é an-mhór lena mháthair. I ndiaidh na bunscoile, chuaigh sé ar an meánscoil úd Peutinger-Realgymnasium, scoil atá ag obair in Augsburg inniu féin. D'fhreastail sé ar scoil Peutinger sna blianta 1908-1917, agus sa deireadh, bhí sé ar duine de na scoláirí a bhain amach "ardteastas éigeandála" nó Notabitur, is é sin, bhí cead aige an t-ardteastas a fháil ar choinníollacha níos fusa ná mar ba ghnách, ós rud é go raibh an cogadh ar siúl.

I dtús an chogaidh, bhí Brecht óg an-díograiseach faoi chúrsaí an tírghrá, ach i rith na mblianta, d'éirigh a dhearcadh ní ba chriticiúla, agus bhí sé de mhisneach aige an míleatachas a lochtú i gceann de na haistí a scríobh sé don scoil. Níor thaithin an aiste leis an múinteoir, agus is dócha go gcuirfí ruaigeadh air as an scoil scun scan, murach go raibh cara sa chúirt ag a athair.

Sna blianta 1917-1918, rinne sé staidéar ar eolaíocht, ar mhíochaine agus ar litríocht in Ollscoil Ludwig Maximilian i München. B'éigean dó éirí as an staidéar sin, áfach, nó preasáladh isteach san arm é, agus cuireadh ag tabhairt aire do na hothair in ospidéal cogaidh é.

San am seo, casadh cailín darbh ainm Paula Banholzer air. Saolaíodh mac don lánúin ar an 3 Aibreán 1919, agus baisteadh an t-ainm Frank air. Thairg Brecht Paula a phósadh agus freagracht as an bpáiste a ghlacadh, ach ní raibh athair Paula sásta leis mar chliamhain. B'iad tuismitheoirí Paula agus banchairde Brecht ba mhó a thug suas an buachaill. Nuair a tháinig Frank i mbun a mhéide, chuaigh sé ag foghlaim trádála, ach ansin, b'éigean dó dul sna saighdiúirí sa Dara Cogadh Domhanda. Mharaigh buama é san Aontas Sóivéadach le linn an chogaidh.

Sa bhliain 1920, bhásaigh máthair Brecht. Go gairid ina dhiaidh sin, d'éirigh Brecht cairdiúil leis an siamsóir Karl Valentin. Bhí an-mheas aige ar ilsiamsaí agus ar sheónna ilghnéitheacha Valentin, agus chuaigh cleachtais stáitse na siamsaí go mór mór i bhfeidhm ar Brecht mar amharclannaí. Ón mbliain 1920 i leith, thagadh Brecht go minic ó Augsburg go Beirlín le caidreamh a dhéanamh le lucht na hamharclannaíochta ansin. Fuair sé aithne ar dhaoine cosúil leis an scríbhneoir Arnolt Bronnen, agus an bheirt acu ina gcónaí in aontíos ó am go ham. Faoi thionchar an ainm sin "Arnolt", fiú, a thosaigh sé ag tabhairt "Bertolt" air féin. Sa bhliain 1924, shocraigh sé síos i mBeirlín go buan. Ar dtús, bhí sé ag comhoibriú le Carl Zuckmayer ag Amharclann Ghearmánach Max Reinhardt. Sa bhliain 1922, bronnadh duais chuimhneacháin Heinrich von Kleist air, agus faoin am sin a phós sé Marianne Zoff, a bhí ina hamhránaí ceoldrámaíochta agus ina haisteoir. Saolaíodh iníon, Hanne Marianne Brecht (níos deireanaí, Hanne Hiob) dóibh sa chéad bhliain eile. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, casadh Helene Weigel air, agus phós sé ise nuair a fuair sé colscaradh ó Marianne Zoff sa bhliain 1927 - san am sin, bhí mac trí bliana, Stefan, aige ó Helene cheana féin. Sa bhliain 1929, saolaíodh an iníon Barbara do Brecht agus Helene.

Sa dara leath de na fichidí, chuaigh Brecht le Cumannachas, agus tháinig blas polaitíochta ar a chuid oibre mar dhrámadóir agus mar amharclannaí. Ní dheachaigh sé riamh sa pháirtí Cumannach mar bhall, áfach. San am céanna, bhí "amharclannaíocht eipiciúil", a theoiric amharclannaíochta féin, á forbairt aige. Sa bhliain 1930, d'fhoilsigh seisean agus Peter Suhrkamp aiste mhór faoi theoiric na hamharclannaíochta, Anmerkungen zur Oper 'Aufstieg und Fall der Stadt Mahagonny' ("Nótaí faoin gceoldráma úd 'Éirí agus Titim na Cathrach úd Mahagonny'"). Bhí an-pháirt ag an gceolchumadóir Kurt Weill i bhforbairt na "hamharclannaíochta eipiciúla" freisin, agus an dlúth-chomhoibriú a bhí aige le Brecht san am seo.

Is é an príomhsmaoineamh a bhí ag Brecht ná tionchar a imirt ar an tsochaí lena chuid saothar liteartha agus drámatúil agus struchtúir na sochaí a nochtadh don lucht féachana. Bhí sé den tuairim gur chóir go mbeadh a chuid téacsaí liteartha úsáideach le haghaidh cuspóirí polaitiúla.

An cineál Marxachas a bhí i gceist ag Brecht, bhí sé go mór faoi thionchar na dteoiriceoirí Marxacha Karl Korsch, Fritz Sternberg agus Ernst Bloch - smaointeoirí a bhí neamhspleách ar fad ar an bPáirtí Cumannach. Rinne sé dianstaidéar ar shaothar Hegel agus Marx féin, ní nárbh ionadh. Faoin tionchar idé-eolaíoch seo, scríobh sé sraith de dhrámaí teagaisc nó Lehrstücke i spiorad an Mharxachais. Na dánta a d'fhoilsigh sé sa chnuasach úd Bertolt Brechts Hauspostille sa bhliain 1927, áfach, bhí an chuid ba mhó acu scríofa aige sula ndeachaigh sé le Marxachas i ndáiríre. Ar an 31 Lúnasa 1928, chuaigh an ceoldráma úd Dreigroschenoper ("Ceoldráma Trí Chianóg"), an ceann is clúití riamh le Brecht agus Weill, an chéad uair riamh ar stáitse. Thuill Brecht a leithéid de shaibhreas ar an gceoldráma seo agus go raibh sé ábalta teach a cheannach in Utting sa Bhaváir.

Dealbh - Bertold Brecht - Beirlín

Is minic a shíltear gur bhain an lucht féachana an chiall chontráilte as an Dreigroschenoper, is é sin, gur criticeoireacht ar an tsochaí a bhí ann ar dtús, agus gurbh í an aicme ba mhó a bhí á lochtú ag Brecht a thug taithneamh don dráma. Ní mar sin atá, áfach. Nuair a léiríodh an ceoldráma an chéad uair, ní raibh an chriticeoireacht shochúil leath chomh láidir agus sna leaganacha a stáitsíodh ní ba deireanaí.

Theastaigh Ó Brecht riamh tionchar a imirt ar an lucht féachana agus triail a bhaint as meáin éagsúla, ar nós an raidió agus na hamharclainne, a cheadódh dó teacht i dteagmháil le lucht féachana agus éisteachta de chineálacha nua. Bhí sé dírithe ar réabhlóid an lucht oibre a spreagadh, ina sealbhódh na hoibrithe na gléis tháirgíochta ar fad.

I dtús na bliana 1933, stop na póilíní léiriú ar an dráma úd Die Massnahme ("An Chéim a Glacadh"), agus fuair Brecht agus na hamharclannaithe eile ionchúisiú faoi ardtréas. Ar an 26ú Feabhra d'éalaigh Brecht lena mhuintir ó Bheirlín le dul ar imirce. Chaith sé seal i bPrág, seal i Vín agus seal i Zürich, go dtí gur shocraigh sé síos i Skovsbostrand in aice le Svendborg ar an oileán úd Fyn sa Danmhairg, áit a raibh cara leis, Karin Michaelis, ina cónaí. B'ansin a chaith Brecht an chéad chúig bliana eile. I Mí Beataine den bhliain chéanna, cuireadh cosc ar a chuid saothar sa Ghearmáin, agus dhá bhliain ina dhiaidh sin, baineadh saoránacht na Gearmáine de mo dhuine.

B'iad blianta na himirce an tréimhse ba mhó cruacháis i saol Brecht, ach b'ansin a bhreac sé síos togha agus rogha a shaothair liteartha. Sa bhliain 1938, chríochnaigh sé an dráma Das Leben des Galilei ("Saol Galileo Galilei"). Is é is ábhar don dráma ná saol an réalteolaí mhóir a dhiúltaigh dá theoiric faoi ghluaiseacht an Domhain nuair a chonaic sé gléasra céasadóireachta na Cúisiúnachta a bhí ag bagairt air mura ndiúltódh. Sa bhreis ar na drámaí, bhíodh Brecht ag scríobh altanna ar irisí na ndídeanaithe Gearmánacha a bhí á bhfoilsiú i bPáras, i bPrág agus in Amstardam. Sa bhliain 1939, thréig Brecht an Danmhairg. Chaith sé bliain i dteach feirme i gcóngar do Stócólm agus ansin, thug sé aghaidh ar Heilsincí san Fhionlainn, áit a bhain sé amach i Mí Aibreáin 1940. Sna saothair a chum sé i mblianta a imirce ní raibh Brecht chomh neamhbhalbh ina chuid criticeoireachta ar an tsochaí agus a bhí sé roimhe sin. Is dócha nár theastaigh uaidh na seantithe a tharraingt anuas air sna tíortha ina bhfaighfeadh sé tearmann.

I Heilsincí dó, fuair Brecht cuireadh ón scríbhneoir Fionlannach Hella Wuolijoki samhradh a chaitheamh i dTeach Marlebäck, teach mór tuaithe Wuolijoki i bparóiste Iitti. Ansin, bhain sé úsáid as cnámha an scéil a fuair sé ó bhean an tí lena dhráma féin Herr Puntila und sein Knecht Matti a scríobh, dráma atá suite i dtimpeallacht na tuaithe san Fhionlainn.

Sa bhliain 1941, chuaigh sé ar an luastraein Tras-Sibéire trí Mhoscó go dtí Vladivostok in Oirthear an Aontais Shóivéadaigh, agus ón áit sin, lean sé leis ar an long go dtí na Stáit Aontaithe, áit ar shocraigh sé síos i Santa Monica in aice le Hollywood. Shíl sé ar dtús go n-éireodh leis go sciobtha i ngnó an tseó, ach ní mar a shíltear a bhítear. Mar a d'iompaigh an scéal amach, níor chuala aon duine i Meiriceá iomrá ná trácht ar Brecht, agus bhí sé deacair aige déanamh as dó féin ansin. Le cuidiú ó chara Meiriceánach, Charles Laughton, d'aistrigh sé a dhráma Das Leben des Galilei go Béarla, agus nuair a chuaigh an dráma ar stáitse sna Stáit, b'é Laughton a rinne an phríomhpháirt. B'é seo an t-aon stáitsiú a rinne Brecht i Meiriceá.

Nuair a bhí an cogadh thart, thosaigh an frith-Chumannachas ag dul i méadaíocht sna Stáit Aontaithe arís, agus caitheadh drochamhras air mar Chumannaí. Glaodh air os comhair an Choiste um Ghníomhaíocht Neamh-Mheiriceánach ar an 30 Deireadh Fómhair 1947. Nuair a chuir an Coiste an cheist air, an raibh sé riamh ina bhall den Pháirtí Chumannach, is é an freagra a thug sé ná nach raibh sé den bharúil go raibh sé de cheart ag an gCoiste a leithéid de cheist a chur air, ach mar sin féin, theastaigh uaidh freagra a thabhairt uirthi trí ráiteas a léamh os ard a bhí ullmhaithe aige. Ní bhfuair sé cead an ráiteas a léamh, agus mar sin, thug sé an freagra nach raibh sé riamh ina bhall d'aon Pháirtí Chumannach, Páirtí Cumannach na Gearmáine san áireamh. An lá arna mhárach, thréig sé na Stáit Aontaithe, díreach le linn an chéad léiriú ar an Leben des Galilei. Chuaigh sé trí Pháras go Zürich, ó b'í an Eilvéis an t-aon tír amháin a d'fháilteodh isteach é go fóill san Eoraip. Ní bhfuair sé cead isteach sa Ghearmáin, mar shampla. Bhí Brecht ábalta a chuid drámaí a stáitsiú san Eilvéis: i Mí Feabhra 1948, léiríodh an dráma Die Antigone des Sophokles in Amharclann na Cathrach i Chur (i gcantún Graubünden).

Ar an 22 Deireadh Fómhair 1948 d'fhill sé go Beirlín, agus pas aige ón tSeicshlóvaic. Shocraigh sé síos i mBeirlín Thoir, príomhchathair na Gearmáine Thoir. Ar dtús, bhí cónaí air in Óstán Adlon, ach ina dhiaidh sin, d'aistrigh sé go ceantar Weissensee, teach a 185 (Brecht-Haus) ag an tsráid Berliner Allee. Sa bhliain 1953, bhí sé ina chónaí i mBuckow i Märkische Schweiz, in aice le teorainn na Polainne. Phléasc trioblóidí amach ar an 17 Iúil sa bhliain chéanna, agus an lucht oibre ag léirsiú, ag dul ar stailc agus ag déanamh agóide in aghaidh na deachtóireachta Cumannaí. Cuireadh an t-éirí amach seo faoi chois go brúidiúil, le cuidiú na dtrúpaí Sóivéadacha, agus ina dhiaidh sin, chuir Brecht in iúl go raibh sé ag tacú leis na céimeanna a ghlac an rialtas Cumannach agus an tArm Dearg. Dúirt sé, sa chomhthéacs chéanna, go raibh an tIarthar agus na Stáit Aontaithe ag iarraidh buntáiste a ghlacadh ar an éirí amach. Sna dánta a scríobh sé ina dhiaidh sin faoin teideal, áfach, bhí sé ní ba chriticiúla i leith an rialtais. Chaith sé deireadh a shaoil i 125 Chausseestrasse in aice leis an reilig Dorotheenstädtischer Friedhof, áit ar cuireadh é sa bhliain 1956.

Sa bhliain 1949, bhunaigh seisean agus Helene Weigel an Berliner Ensemble, an compántas aisteoirí is mó a shamhlaítear le Brecht. Cé go raibh an-ráchairt ar léirithe an chompántais, ní raibh maorlathaigh chultúir na Gearmáine Thoir sásta le gach ceann acu. Uaireanta, choisc an chinsireacht dráma le Brecht. An scannán Cumannach a rinne Brecht sa bhliain 1932, mar atá, Kuhle Wampe, coisceadh é freisin, íorónta go leor.

Ag druidim le deireadh a shaoil dó, d'fhéach Brecht le scríbhneoirí agus amharclannaithe óga a spreagadh chun oibre agus le cuidiú a thabhairt dóibh. Go bunúsach, má shíl sé go raibh éirim i nduine chun ealaíne, chuir sé ag obair é ina amharclann, cé nach dea-smaoineamh a bhí ann i gcónaí, ó nach raibh bua amharclannaíochta ag gach scríbhneoir. I measc na ndaoine seo bhí Heinz Kahlau, Erwin Geschonneck, Erwin Strittmatter, Peter Hacks, Benno Besson, Peter Palitzsch, Ekkehard Schall, Heinz Schubert agus Manfred Wekwerth.

San Ostair, bhí na scríbhneoirí frith-Chumannacha Friedrich Torberg agus Hans Weigel an-mhíshásta leis an dóigh a raibh Brecht ag comhoibriú le rialtas Cumannach na Gearmáine Thoir, go háirithe ó bhí saoránacht na hOstaire bronnta ar mo dhuine. Mar sin, spreag siad na hamharclanna Ostaracha chun drámaí Brecht a choinneáil ó stáitse. Lean an baghcat seo ar aghaidh go dtí an bhliain 1963. Cé go raibh an frith-Chumannachas láidir sa Ghearmáin Thiar féin i mblianta an Chogaidh Fhuair, níor cuireadh bac ar bith le saothar Brecht sa tír sin riamh.

Sa bhliain 1954, bronnadh Duais Stailín ar Brecht mar aitheantas dá chuid oibre ar son na síochána. Chuaigh sé go pearsanta go Moscó leis an mbronntanas a ghlacadh.

I Mí Bealtaine sa bhliain 1956, buaileadh Brecht breoite le fliú, agus bhí sé chomh dona is gur cuireadh san ospidéal é. Ní bhfuair sé biseah ach ar feadh tamaill. Chaith sé an samhradh ina theach cois an locha úd Schermützelsee i Märkische Schweiz, ach tháinig taom croí air ar an dóú lá déag de Mhí Lúnasa. Shíothlaigh sé in Ospidéal Charité i mBeirlín dhá lá ina dhiaidh sin. Cuireadh ar an 17ú lá de Mhí Lúnasa i reilig Dorotheenstadt é.