Mutter Courage und ihre Kinder

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíona TaibhiúcháinMutter Courage und ihre Kinder
Bundesarchiv Bild 183-T0927-019, Berliner Ensemble, Probe Mutter Courage.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarBertolt Brecht Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainmAn Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1938 Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraepic theatre (en) Aistrigh agus dráma Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe1949 Cuir in eagar ar Wikidata
Tír bhunaidhAn Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Personatges
CarachtairClerk (en) Aistrigh, Young Soldier (en) Aistrigh, Older Soldier (en) Aistrigh, Peasant (en) Aistrigh, Peasant Woman (en) Aistrigh, Young Man (en) Aistrigh, Old Woman (en) Aistrigh, Another Peasant (en) Aistrigh, Another Peasant Woman (en) Aistrigh, Lieutenant (en) Aistrigh, Old Colonel (en) Aistrigh, Sergeant (en) Aistrigh, Another Sergeant (en) Aistrigh, Man with the Bandage (en) Aistrigh, Swedish Commander (en) Aistrigh, Cook (en) Aistrigh, Chaplain (en) Aistrigh, Yvette Pottier (en) Aistrigh, Recruiting Officer (en) Aistrigh, Schweizerkas (en) Aistrigh, Eilif (en) Aistrigh, Kattrin (en) Aistrigh agus Mother Courage (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
An chéad taibhiú
Dáta na chéad feidhmíochta19 Aibreán 1941 Cuir in eagar ar Wikidata
AmharclannSchauspielhaus Zürich (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Theatricalia play ID (en) Aistrighha Cuir in eagar ar Wikidata
IBDB: 6253

Is dráma é Mutter Courage und ihre Kinder (Gaeilge: An Mháthair Crógacht agus a Clann) a tháinig ó pheann an drámadóra Ghearmánaigh Bertolt Brecht (1898-1956) sa bhliain 1939. Tá an dráma seo ar ceann den naoi gceann a scríobh sé le cur in aghaidh an Naitsíochais agus an Fhaisisteachais. Mar is dual dó, lonnaigh Brecht an dráma seo i bhfad siar sa stair, in aimsir Chogadh an Tríocha Bliain le teachtaireacht a reic i dtaobh na gcúrsaí reatha. Cailín cistine is ea Anna Frieling, arb í príomhcharachtar an dráma í, agus í ag obair d'arm na Sualainne. Tá sí ag iarraidh a cuid a shaothrú ar an gcogadh, mar shlí bheatha, agus bia is beatha a choinneáil lena clann, ach is é an rud a tharlaíonn ná go gcailleann sí an triúr páiste aici i rith imeachtaí an dráma.

Tá an dráma seo bunaithe ar thuairimí Bhrecht i dtaobh na amharclannaíochta eipiciúla agus coincheap an choimhthithe (Verfremdung) a d'fhoghlaim sé ó na foirmiúlaithe Rúiseacha. Is é an rud atá i gceist leis ná suíomh coimhthíoch a chur ar stáitse sa chaoi is go mbeidh an lucht féachana in ann breithiúnas a thabhairt ar smaointí i gcomhthéacs nach bhfuil siad ar a suaimhneas ann. Úsáidtear an iliomad cleasanna chun an coimhthíos seo a chur ar an bhféachadóir. Tá dhá ghníomh déag sa dráma seo, agus na himeachtaí suite thar an tréimhse dhá bhliana déag ón mbliain 1624 go dtí an bhliain 1636. Léirítear saol na Máthara, ach ní chuirtear ar cumas an lucht féachana cion a thabhairt di ná muinín cheart a bheith acu aisti. Ní dhéantar laoch di, murab ionann agus sna tragóidí Gréagacha. I ndeireadh an dráma dúinn, níl fonn orainn aithris a dhéanamh ar an Máthair agus an dóigh a raibh sí ag dul i mbun a saoil féin.

Thóg sé cúig seachtaine ar Bhrecht an dráma seo a scríobh. Ceann de na drámaí is clúití dár chum sé atá ann.

Cuireadh an dráma seo ar stáitse don chéad uair sa Schauspielhaus i Zürich sa bhliain 1941. Bhí an léiriú seo ina bhunchloch i bhforbairt an Berliner Ensemble, an fhoireann amharclannaíochta a bhí leis an gcuid is mó de dhrámaí Bhrecht a stáitsiú i ndiaidh an chogaidh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]