Vladivostok

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Vladivostok
Владивосток
Rialtas
Gobharnóir Igor Pushkaryov
Déimeagrafaic
Achar 331.16 km2
Daonra 592,034
Vladivostok, lárionad riaracháin Chríoch Primor'e

Cathair in oirthear na Rúise is ea Vladivostok (Rúisis: Владивосток), i gcríoch Primor'e, is é sin, "an chríoch chois farraige". Is í príomhchathair na críche sin í. Sa bhliain 2019 bhí 605,049 duine ina gcónaí in Vladivostok, de réir an daonáirimh. Tá an chathair suite in aice le teorainneacha na Cóiré Thuaidh agus na Síne araon. "Tiarna an Oirthir" nó "Rialaigh an tOirthear" is ciall d'ainm Rúisise na cathrach; an chéad ainm a bhí ar an áit ná Haixenwai, sa teanga Manchúirise, agus is é is brí don ainm sin ná "sráidbhaile chois farraige". Chloisfeá an t-ainm Manchúirise ó na Sínigh freisin, cé gur fearr leo a dtraslitriú féin den ainm Rúisise a úsáid go hoifigiúil.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne na Rúisigh an chéad iarracht le háitreabh dá gcuid féin a bhunú san áit thiar sa bhliain 1860, ar an 20ú lá de Mheitheamh, nuair a rinne an long sholáthair úd Manchur cuan agus caladh ansin, de réir na n-orduithe a bhí faighte ag an gCaptaen Alexey Shefner. Ba é an tOifigeach Barántais Nikolay Komarov, chomh maith le beirt oifigeach neamhchoimisiúnaithe eile agus ochtar saighdiúirí fichead a thóg na chéad fhoirgnimh arbh iad tús agus síol na cathrach nua iad.

Bhí na Sínigh ag dul le mianadóireacht óir timpeall na háite, agus sa bhliain 1868 chuir na Rúisigh cogadh - "Cogadh Manza" - ar an tSín leis na mianadóirí Síneacha a dhíbirt as an áit. Ní raibh sa chogadh seo ach an chéad iarracht a rinne an Rúis leis na criocha seo a shealbhú ón tSín. Sna 1870idí thosaigh na Rúisigh ag daingniú an cheantair in aghaidh na Síneach, agus lean na hoibreacha sin go dtí na 1890idí. Sa bhliain 1871 tarraingíodh líne sreangscéalaíochta ó Vladivostok go Nagasaki sa tSeapáin agus sa bhliain chéanna aistríodh gléasra poirt trádála ó Nikolaevsk-na-Amure go Vladivostok. Bronnadh cairt agus cearta cathrach ar Vladivostok sa bhliain 1880, agus trí bliana ina dhiaidh sin fuair an chathair armas: is é tíogar na Sibéire a sheasann do Vladivostok mar shuaitheantas ansin.

Osclaíodh an chéad mheánscoil san áit sa bhliain 1899, agus nuair a críochnaíodh an t-iarnród Tras-Sibéire sa bhliain 1916 - an bóthar iarainn a cheangail an chathair de Mhoscó agus den Eoraip, tháinig borradh ceart ar an ngeilleagar i Vladivostok.


Ré an Aontais Shóivéadaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair ba iad na Boilséivigh a chuaigh i seilbh na cathrach, ach i rith Chogadh Cathartha na Rúise thit sí leis an Leigiún Seicshlóvacach, dream míleata a bhí ag comhoibriú le gluaiseacht na mBán. D'fhógair na Seicigh ceantar coimirce de chuid na Comhghuaillíochta den chathair, agus ansin thosaigh trúpaí Meiriceánacha, Seapánacha agus Síneacha ag tonnadh isteach ke ladar a chur i gcogadh cathartha na Rúise - na Sínigh ach go háirithe bhí siad ag iarraidh an pobal áitiúil Síneach a chosaint, ó bhí trádálaithe Síneacha na cathrach tar éis cabhair a lorg ó rialtas a dtíre dúchais. Nuair a thit an tóin as Arm na mBán agus an cogadh ag druidim chun deiridh, thréig na trúpaí idirghabhála an áit arís: d'fhág an saighdiúir deireanach iasachta Vladivostok i Mí Dheireadh Fómhair 1922 le himeacht na Seapánach, agus ar an 25ú lá den mhí chéanna shealbhaigh na trúpaí Boilséiveacha Rúiseacha an chathair faoi cheannas Ieronim Uborevich.

Sa ré Shóivéadach ba í an chathair seo an príomh-láraonad do chabhlach cogaidh an Aontais Shóivéadach in oirthear na tíre, agus mar sin ní raibh cead isteach ag aon duine ón gcoigríoch ansin. Sa bhliain 1974 áfach tháinig Gerald Ford, a bhí ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe san am, go Vladivostok le haghaidh comhchainteanna faoi theorannú na n-arm straitéiseach núicléach (na comhchainteanna ar a dtugtaí Strategic Arms Limitation Talks as Béalra, nó "SALT"). Sa bhabhta comhchainteanna sin d'éirigh leis an dá mhórchumhacht teorainn a chur le líon na mbuamaí adamhacha agus tógáil gléasra nua le haghaidh scaoileadh diúracán den chineál ICBM (diúracáin bhalaistíocha idir-ilchríochacha) a chosc.

An Tréimhse Iar-Shóivéadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2012 tháinig ceannairí na heagraíochta um chomhoibriú eacnamaíoch thíortha na hÁise agus an Aigéin Chiúin (APEC) le chéile in Oileán Russkii (An tOileán Rúiseach) taobh amuigh de Vladivostok. Spreagadh ab ea an cruinniú mullaigh seo do bhardas na cathrach agus do na gnóthais phríobháideacha araon chun ionaid saoire agus tithe itheacháin agus ólacháin a chur ar bun ar fud na cathrach agus an cheantair. Cuireadh caoi nua ar Aerfort Idirnáisiúnta Vladivostok freisin, agus tógadh dhá dhroichead nua le haghaidh lucht an chruinnithe. Sa bhliain 2012 a críochnaíodh oibreacha tógála na hollscoile - Ollscoil Fheidearálach an Chian-Oirthir - in Oileán Russkii freisin.

Sa bhliain 2020 ceiliúradh cothrom lá bunaithe na cathrach go hoifigiúil, rud nár thaitin le náisiúnaithe áirithe sa tSín, nó is é a dtuiscint ar an scéal ná gur cuid den tSín i gcónaí an ceantar thart timpeall ar Vladivostok. Ní raibh rialtas na Síne ná meáin chumarsáide oifigiúla na Síne sásta aitheantas a thabhairt d'agóidíocht na náisiúnaithe sin, áfach, cé go mbíonn an tSín oifigiúil réasúnta sásta na náisiúnaithe Síneacha a ghiúmaráil má bhíonn an cineál sin agóide idir lámhaibh acu.

Éagasc Tíre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an chathair suite i gceann theas Leithinis Muravyov-Amurskii. Tá an leithinis timpeall is tríocha ciliméadar ar fad agus dhá chiliméadar déag ar leithead. Is é Sliabh Kholodil'nik ("Sliabh an Chuisneora") an áit is airde sa chathair, agus é dhá chéad seacht méadair dhéag is dhá scór (257 m) ar airde. Is minic a shíltear gurb é an cnoc úd Orlinoe Gnezdo ("Nead an Iolair") an áit is airde, ach níl an cnoc ach céad naoi méadair dhéag is ceithre scór (199 m) - nó cúig méadair dhéag níos airde ná sin (214 m) de réir foinsí eile - ar airde. Mar sin, is féidir a rá go bhfuil an cnoc sin ar an mball is airde i lar na cathrach, ach tá Sliabh Kholodil'nik níos airde ná é.

Chomh fada thoir is atá an chathair suite, tá sí níos gaire d'Anchorage in Alasca agus do Darwin san Astráil ná do Mhoscó féin.