Vicipéid:Laethanta roghnaithe/5 Mí na Nollag
Appearance
Is é an 5 Nollaig an 339ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 340ú lá i mbliain bhisigh. Tá 26 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Idirnáisiúnta na Saorálaithe", agus "Oíche San Nioclás" i roinnt tíortha san Eoraip.
- 1492 – Céadchuairt Chríostóir Colambas go Meiriceá
- 1782 – Rugadh Martin Van Buren, 8ú huachtarán na Stát Aontaithe (b. 1862)
- 1791 – Cailleadh Wolfgang Amadeus Mozart, cumadóir ceoil Ostarach (r. 1756)
- 1839 – Rugadh George Armstrong Custer, oifigeach marcra Meiriceánach (b. 1876)
- 1876 – Fuair 278 duine ar a laghad bás nuair chuaigh an Brooklyn Theatre in Brooklyn, Nua-Eabhrac le tine
- 1901 – Rugadh Walt Disney, léiritheoir scannán (b. 1966)
- 1933 – Cuireadh deireadh le Toirmeasc an Óil i SAM
- 1947 – Rugadh Tony Gregory, polaiteoir (b. 2009)
- 1952 – Thosaigh Toitcheo Mór Londan a mhair cúig lá. Fuair 12,000 duine bás dá bharr
- 2007 – Cailleadh Karlheinz Stockhausen, cumadóir Gearmánach (r. 1928)