Woody Allen
Stiúrthóir scannán agus aisteoir is ea Woody Allen (a rugadh mar Allen Stewart Konigsberg ar an 1 Nollaig, 1935). Tugtar aitheantas ar fud an domhain dá shaothar agus is iomaí caint a tharraing a shaol príobháideach.
Scannáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rinne Allen a chéad scannán What’s New Pussycat i 1965 ach ba leis an scannán Take the Money and Run i 1969 a thosaigh Allen ag feidhmiú mar stiúrthóir i ndáiríre.
I 1977 a eisíodh a scannán ab iomráití fós. Scéal grá, grinn agus bróin, bhuaigh Annie Hall ceithre dhuais ag na hOscair an bhliain sin agus dúradh go raibh Allen tar éis meas nua a chothú ar genre an scannáin ghrinn rómánsúil.
Tá tionchar na litríochta, na fealsúnachta agus na síceolaíochta go léir le feiceáil i saothar Allen. Tá na scannáin lán le teannas gnéis go hannamh.
Is é Nua-Eabhrac, an áit ar rugadh agus ar tógadh é (agus, dár ndóigh, áit a bhfuil cónaí fós air), atá mar phríomhinspioráid aige. Tá an spreagadh seo le feiceáil go háirithe sa scannán ómósach úd Manhattan (1979).
Dúirt sé in agallamh gurb é a phictiúr, Match Point (2005), an pictiúr ab fhearr dá ndearna sé riamh[1].
Cé go bhfuil aois mhaith sroichte ag Woody Allen sna 2010idí, tá sé fós gníomhach mar stiúrthóir.
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé go dtugtar urraim fós dó mar stiúrthóir, tá roinnt drochphoiblíochta tuillte ag Allen thar na blianta chomh maith.

Rinneadh dochar dá ainm ag tús na nóchaidí nuair a d’fhág sé a bhean Mia Farrow ar mhaithe le Soon-Yi Previn (22 bliain d'aois ag an am), uchtleanbh Farrow ó chaidreamh eile. Thug na meáin ag an am mionsonraí graosta gnéasacha.
Gradaim agus ainmniúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ The Age (2006). "Words from Woody". Dáta rochtana: 2018.