L. L. Zamenhof

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaL. L. Zamenhof

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(yi) לײזער לוי זאַמענהאָף
Beathaisnéis
Breith(ru) Лейзеръ Заменговъ
15 Nollaig 1859
Białystok (Impireacht na Rúise)
Bás14 Aibreán 1917
57 bliana d'aois
Vársá Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaOkopowa Street Jewish Cemetery (en) Aistrigh 52°14′43″N 20°58′34″E / 52.24525°N 20.976081°E / 52.24525; 20.976081
grave of L. L. Zamenhof (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnHomaranismo (en) Aistrigh
Scoil a d'fhreastail sé/síDámh Leighis Ollscoil Moscó
Imperial University of Warsaw (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Áit chónaitheBiałystok
Vársá
Moscó
Hrodna
Płock
Veisiejai (en) Aistrigh
Kherson
Vársá
Vársá
Vín
Vársá
Vársá
Vársá
Teanga dhúchaisan Ghiúdais agus an Rúisis
Gníomhaíocht
Réimse oibreEsperanto, oftailmeolaíocht agus Easparanteolaíocht
Gairmteangeolaí, Easparantóir, dochtúir leighis, scríbhneoir leighis, aistritheoir an Bhíobla, aistritheoir, cumadóir, file, oftailmeolaí, Easparanteolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtGluaiseacht Esperanto agus
Ainm cleiteDoktoro Esperanto
Homo sum
Amiko
Anna R.
Gamzefon
Unuel
Hemza Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaEsperanto, an Rúisis, an Pholainnis, an Ghearmáinis, an Laidin, An Eabhrais, an Fhraincis, an Ghréigis, Béarla, an Ghiúdais agus Volapük
CeiliúradhOomoto (en) Aistrigh
Ghlac sé/sí páirt i
24 Lúnasa 1913World Esperanto Congress 1913 (en) Aistrigh
11 Lúnasa 1912World Esperanto Congress 1912 (en) Aistrigh
21 Lúnasa 1911World Esperanto Congress 1911 (en) Aistrigh
14 Lúnasa 1910World Esperanto Congress 1910 (en) Aistrigh
5 Meán Fómhair 1909World Esperanto Congress 1909 (en) Aistrigh
16 Lúnasa 1908World Esperanto Congress 1908 (en) Aistrigh
12 Lúnasa 1907World Esperanto Congress 1907 (en) Aistrigh
28 Lúnasa 1906World Esperanto Congress 1906 (en) Aistrigh
5 Lúnasa 1905Universala Kongreso de Esperanto, 1905 Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
TeaghlachZamenhof family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileKlara Zamenhof (1887–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteLidia Zamenhof, Adam Zamenhof, Zofia Zamenhof Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMarkus Zamenhof  agus Rozalia Zamenhof
SiblínIda Zamenhof, Fejgla Zamenhof, Mina Zamenhof, Aleksander Zamenhof, Henryk Zamenhof, Leon Zamenhof, Felix Zamenhof, Hersz Zamenhof, Aŭgusta Hermelin agus Sora Dwora Zamenhof
Duine muintearthaFabian Zamenhof (col ceathair fir)
Lejzer Zamenhof (col ceathair fir) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Veu de L. L. Zamenhof (Esperanto) Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: ef2199e2-4780-40ce-975e-86516a4441c4 Discogs: 4065042 IMSLP: Category:Zamenhof,_Ludwik Find a Grave: 17377928 Cuir in eagar ar Wikidata

Súil-lia agus teangeolaí ab ea an Dr Ludwik Lejzer Zamenhof (Ludwik Łazarz) (Gaelaithe mar L.L.Samanóf), a bhaist an teanga idirnáisiúnta Esperanto, "teanga an dóchais".

Giúdach Polannach ab ea Zamenhof. Chuir an tsíorchoimhlint de dheasca míthuisceana bunaithe ar éagsúlacht na dteangacha, ina chathair dhúchais, Bialystok, isteach go mór air agus é ina pháiste óg. Cathair an-ilteangach ba ea Bialystok: de réir dhaonáireamh na bliana 1897, seo mar a bhí catagóirí an daonra: Giúdaigh 66%, Polannaigh 18%, Rúisigh 8%, Gearmánaigh 6%, Béalarúisigh 2%. Mar sin bhí cúig theanga le cloisteáil go laethúil sa chathair, nach raibh mórán thar 30,000 duine ina gcónaí inti an tráth sin.

Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Esperanto[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh Zamenhof an chéad leabhar (Unua Libro) ar Esperanto i gcathair Vársá, ar an 26 Iúil 1887. Chuir sé roimhe teanga neodrach, shofhoghlamtha a chur ar fáil, a chuirfeadh ar chumas daoine ó chultúir éagsúla labhairt go líofa ar bhonn, comhthuisceana agus comhurraime lena chéile,agus a dteangacha féin a choimeád agus a fhorbairt freisin. Óna chuid staidéir ar an mBéarla, thuig sé nár ghá gramadaí casta na Sean-Ghréigise chun teanga shaibhir a chruthú.

Éireannach d'arb ainm Richard Geoghegan a scríobh an leagan Béarla de 'Unua Libro'.

Teangacha Zamenhof[cuir in eagar | athraigh foinse]

Giúdais a labhair a mháthair leis agus Rúisis a labhair a athair. As Rúisis a fuair sé a chuid oideachais. I litir an 8 Márta 1901 (chuig Th. Thorsteinsson) scríobh Zamenhof "Is í an Rúisis mo theanga dhúchais; ach anois is mó a labhraím Polainnis..." Polainnis a labhraíodh sé lena chlann féin sa bhaile. Bhí sé óg nuair a d'fhoghlaim sé Gearmáinis agus Fraincis, agus Eabhrais, agus ar scoil rinne sé staidéar ar Shean-Ghréigis, Laidin agus Béarla. Is cosúil go raibh breaceolas ar Spáinnis, Liotuáinis agus Volapuk aige. Dúirt sé féin gurbh iad Polainnis, Rúisis agus Gearmáinis na teangacha a bhí go líofa aige, is nach raibh sé chomh líofa as Fraincis. Is cosúil gur leagan Gearmáinise de "Hamlet" a d'úsáid sé chun Esperanto a chur ar dhráma cáiliúil Shakespeare.

Fealsúnacht Zamenhof[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chreid Zamenhof chomh daingean sa chomhthuiscint gur bhunaigh sé gluaiseacht "homaranismo", bunaithe ar an bhfocal homaro (an cine daonna) chun comhthréithe na bpríomhreiligiún a chur ar pháipéar agus meas a chothú orthu, gan cur isteach ar neamhspleáchas na reiligiún éagsúla. Mheas sé gur cheart do dhaoine a aithint gur daoine sa chéad áit iad, seachas Rúisigh, Gearmánaigh, Polannaigh, srl.

Stair a chlainne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhúnmharaigh na Naitsithe beirt iníon Zamenhof, Lidja agus Zofia, i gcampa báis Treblinka, agus lámhach siad mac Zamenhof, Adam, a bhí ag obair mar ollamh i nDámh an Leighis in Ollscoil Vársá. Cé go raibh glactha ag Lidja leis an gcreideamh Baha'ii, ba Ghiúdach fós í, ó thaobh cine, i súile na Naitsíoch. Chaith Lidja an-dúthracht le múineadh Esperanto thar lear, sa Fhrainc, sa tSualainn agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar shampla. D'aistrigh sí a lán litríochta go hEsperanto, m.sh. an dá imleabhar de Quo Vadis ón mbun-Pholainnis.

Saothar litríochta Zamenhof[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is liosta le háireamh an méid bunlitríochta a chum Zamenhof in Esperanto, agus an méid de mhórlitríocht teangacha eile a d'aistrigh sé go hEsperanto. File Giúdaise agus Rúisise ab ea Zamenhof freisin. I measc na n-aistriúchán tá an Sean-Tiomna iomlán, Hamlet Shakespeare, agus go leor de shaothar Goethe, Heine, Schiller, Gogol, Dickens, Orzeszko, Hans Christian Andersen, srl.

Beathaisnéisí Zamenhof[cuir in eagar | athraigh foinse]

Vivo de Zamenhof (Beatha Zamenhof), leis an taidhleoir Eilvéiseach, Edmond Privat, sa bhliain 1920, an chéad bheathaisnéis riamh in Esperanto. Ar feadh i bhfad, ba é Zamenhof, aŭtoro de Esperanto (Zamenhof, údar Esperanto), le Marjorie Boulton, ollamh le Béarla in Ollscoil Oxford, sa bhliain 1962, an bheathaisnéis ba ghradamúla. As Fhraincis, tá cáil ar an leabhar L'homme qui a défié Babel (An fear a thug dúshlán Baibéil) le René Centassi agus Henri Masson. Foilsíodh aistriúchán den leabhar sin i gcuid mhaith teangacha, ina measc Spáinnis agus Esperanto féin: La homo kiu defiis Babelon.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]